2020-05-20

Do Mo Chairde Sa tSile

© PEN/Opp 

Bhí beirt chairde agam as Sile,
Cailleadh iad araon ó shin,
File ab ea cara díobh, dán an cara eile.
Eduardo Morales ainm an dáin.
Pablo Neruda ainm an fhile.
Scríobh Pablo dánta i gcaitheamh a shaoil,
Bronnadh an Duais Nobel air,
Chaith Eduardo a shaol ar fad mar dhán,
Níor bronnadh duais ar bith air, áfach.
Scríobh Pablo dánta, ach níor mhair sé mar dhán,
Tagann sé amach as a chuid dánta istoíche,
Lámh aige i ndúnmharú Trotsky.
Níor chum Eduardo dán riamh,
Ach níonn sé a chroí le dánta.
Filíocht is ea é.
Ba ghnách leis siúl lem' thaobh mar dhán.
Cailleadh le déanaí é,
Ach maireann a shaol fileata i gcónaí.
Chuir sé na hIgiúraigh in aithne do mhuintir na Sile,
Níl a fhios ag Pablo, áfach, gurb ann do na hIgiúraigh.

Abdushukur Muhammet

Féach anseo;