2020-05-12

LÁ 'NÁISIÚNTA' NA LUIMNEACH

Tugtar  'NATIONAL' (?) LIMERICK DAY, LÁ 'NÁISIÚNTA' (?) NA LUIMNEACH, ar an 12 Bealtaine ach, faraor, ní chun comóradh a dhéanamh ar dhuine éigin d'Fhilí na Máighe é ach in ómós d'fhile Sasanach, Edward Lear, arb é a lá breithe inniu é.

Chun an ceangal le Co. Luimnigh a cheiliúradh, chumas an luimneach seo a leanas atá lonnaithe i mo dhúiche féin in oirthear Luimnigh.

Is dóigh liom  go mbeadh sé oiriúnach do pháistí ach ní gach aon mhúinteoir a d'aontódh liom is dócha - mar nach ceart spraoi a bhaint as an véarsaíocht, tá's agat!

Bhí leaidín as Cill Mocheallóg
agus dhein sé a chac ina bhróg,
         Arsa a mháthair, 'A thaisce!
         A leithéid de ghaisce!'
Is rug ar an leaidín barróg.

Breis luimnigh: