2020-05-29

Smaoineamh an Lae

Bualadh le duine a ghortaíonn go dona thú is ea teacht ar chiste luachmhar neamhchoitianta. Bíodh ardmheas agat ar an duine sin, agus bain lánleas as an deis sin chun do chuid lochtanna féin a ghlanadh agus dul chun cinn a dhéanamh ar an gconair. Mura bhfuil tú in ann grá agus comhbhá a bheith agat go fóill dóibh siúd a chaitheann go dona leat, is comhartha é sin nár claochlaíodh d'aigne fós, agus go gcaithfidh tú níos mó oibre a dhéanamh le dúthracht bhreise.

Dilgo Kheyntse Rinpoche

https://shechen.org/