2020-05-07

Mo Pheacaí

Mo pheacaí go léir
agus maithiúnas an Charad:
Cá dtosnóinn
ar chuntas
nach bhfuil aon chríoch leis?

Dein dearúd
ar an gciontacht chráite
is ar mhíghníomhartha:


Is aoibhinn le Súil na Trócaire
áilleacht an pheaca

Sarmad