2024-06-30

Ag Crosbhóthar

 
Pictiúr leis an ealaíontóir Danmhargach Wilhelm Marstrand



Ag Crosbhóthar

Ar chlé nó ar dheis?
Tá sléibhte ar dheis.
Cá bhfios ná go bhfuil ór iontu?
Ní fheicimse faic ar chlé.
Fiántas.
"Cad déarfása, a Sancho Panza?"

"Ar dheis a déarfainnse.
Ach ligimis don chapall is don asal cinneadh a dhéanamh!"

"Gracias! Bíonn claonadh ar dheis i gcónaí sna ridirí fáin.
Ar chlé mar sin!"

At a Crossroad

Left or right?
There are mountains to the right.
Maybe they contain gold?
I see nothing to the left,
A wilderness.
"What say you, Sancho Panza?!"

"To the right, I say.
But let the horse and donkey decide!"

"Gracias!  Knights-errant invariably drift to the right.
Left it is!"