2017-01-31

Meigeallach Gabhar

Meigeallach Gabhar

Is cuimhin liom
é ag siúl lena thréidín gabhar
tríd an sráidbhaile
is mé á rá liom féin
(nach saonta a bhíos)
nach méanar dó
grian an tráthnóna ar feadh meandair
ar na cannaí bainne
gan fhios agam
nach raibh aige sa tsaol
ach cúpla gabhar scáinte –
an fear bocht –
is gan siolla astu.
 

Bleating of Goats

I remember him walking
through the village
with his little herd of goats
and me saying to myself
(how naïve I was)
isn’t it fine for him
the evening sun momentarily
on the milk cans
not knowing
he had nothing else in the world
but his few raggedy goats -
poor man –
that said nothing
 

Bέλασμα κατσικιών

Τον θυμάμαι να περπατά
μέσα από το χωριό
με το μικρό του κοπάδι κατσίκες
και να σκέφτομαι
(πόσο αφελής ήμουν)
δεν είναι εξαίσιος για αυτόν
ο απογευματινός ήλιος έτσι για μια στιγμή
πάνω στις καρδάρες;
δίχως να γνωρίζω
πως δεν είχε άλλο τίποτε στον κόσμο
έκτός από τις κουρελιασμένες του κατσίκες
φτωχός άνθρωπος
οι κατσίκες δεν είπαν απολύτως τίποτε

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-01-30

Graifítí an Lae

Ní mór dúinne filí ár n-éiceolaíocht agus ár ngnáthóg a bhrath i dtéarmaí teanga de agus gach a dtugann cothú don teanga. Ba chóir go mbeadh alltacht orainn faoin gcreimeadh atá ar siúl ar cháilíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, bás na gcanúintí, traidisiúin béil ag meath agus an béaloideas ag dul i léig.

Dilip Chitre

2017-01-29

Haiku le Issa ón mbliain 1807

géanna ag taisteal -
croí an duine leis
ar fán

.行雁や人の心もうはの空

yuku kari ya hito no kokoro mo uwa no sora

2017-01-28

Briathra



Níl de sheodra agam ach briathra
Níl d’éadach le caitheamh agam ach briathra
Níl de bhia le cur im’ bhéal ach briathra
Níl de shaibhreas le roinnt agam ar an bpobal ach briathra

Sant Tukaram

2017-01-27

Amrutal

Bhreacadh Amrutal* síos a chuid dánta
I ndúch glas, uaireanta dearg,
É an-chúramach, lámhscríbhneoireacht néata,
Ina dhialann de chumhdach leathair
Thagadh tromluí uafásach air anois is arís
Gur cailleadh sa phlá é
Nár foilsíodh a chuid dánta
I ndiaidh a bháis
Nár thángthas orthu fiú

Ach bhí saol fada ag Amrutal
(Cara liom ab ea é)
Le linn dó a bheith beo
Chonaic sé a bhailiúchán dánta i gcló
Chonaic sé ag dul in aois é chomh maith
Is ag fáil bháis
 

 Udayan Thakker

 [*ainm duine a chiallaíonn ‘Neamhbhásmhar’ sa Ghúisearáitis.

2017-01-26

2017-01-25

Wendell Berry: Do mo ghariníonacha...

To my granddaughters who visited the Holocaust Museum on the day of the burial of Yitzhak Rabin


Now you know the worst
we humans have to know
about ourselves, and I am sorry,

for I know that you will be afraid.
To those of our bodies given
without pity to be burned, I know

there is no answer
but loving one another,
even our enemies, and this is hard.

But remember:
when a man of war becomes a man of peace,
he gives a light, divine

though it is also human.
When a man of peace is killed
by a man of war, he gives a light.

You do not have to walk in darkness.
If you will have the courage for love,
you may walk in light.  It will be

the light of those who have suffered
for peace.  It will be
your light.
 

~ Wendell Berry ~ (A Timbered Choir)


Do mo ghariníonacha a thug cuairt ar Mhúsaem an Uileloiscthe lá adhlactha Yitzhak Rabin


Tá’s agaibh anois an chuid is measa
a chaithimidne daoine a fhoghlaim
fúinn féin, agus tá an-bhrón orm,

Mar tá’s agam go mbeidh eagla oraibh.
Dóibh siúd dár gcolainneacha a cuireadh
á ndó gan trócaire, tuigim

Nach bhfuil freagra ar bith
ach grá a thabhairt dá chéile,
ár naimhde fiú, agus is deacair san.

Ach cuimhnigh:
nuair a dhéantar síochánaí den fhear cogaidh,
éalaíonn solas uaidh atá diaga

Agus daonna ar a shon san.
Nuair a leagann fear cogaidh
an síochánaí, éalaíonn solas uaidh

Ní gá dhuit conair an dorchadais a shiúl.
Má tá misneach an ghrá agat
beidh do chonair solasmhar. Solas

Na ndaoine a d’fhulaing
ar son na síochána. Do sholas-sa
a bheidh ann.


2017-01-24

Instinn Mharfach


Instinn Mharfach

Rud nach raibh agam
an instinn mharfach
Níor theastaigh uaimse buachan
más é is brí le bua
an duine eile ar a cheithre boinn sa dusta

Is nuair a bhuas, lá
theastaigh uaimse leis bheith ar mo ghlúine
go bhféachfaimis ar a chéile
go ndéarfadh duine againn os ard:
‘Is fearr i bhfad é seo ná buachan –
féach ar na seangáin eile go léir ag snámh!’


Killer Instinct

I didn’t have it
the killer instinct
Never wanted to win
if winning meant
the other must crawl in the dust

Once when I did win
I wanted to fall on my knees
hoping we might look at one another
one of us to exclaim:
‘Much better than winning, this –
look at all these other creepy-crawlies!’
 

2017-01-23

An Conghaileach ...

Photo: Colm O'Callaghan
An Conghaileach ...
cneácha oscailte
nár chneasaigh
Connolly ...
open wounds
that never healed

2017-01-22

Gáir chatha in aghaidh Trump

Meas ar gach rud beo -
nó cuirfear id' choinne go deo!

Cré/ Credo

Cré

Ich am of Irlonde
and of the holy londe
of Irlonde . . .
Ní d’Éirinn mé níos mó
ná de náisiúnstát ar bith
más aon ní mé
is féar mé i bhforaois
ar shatail eilifintí air
foraois chomh fairsing sin
nach eol don mhoncaí féin bhfuil teorainn léi
áit a nglacfaidh saoithe scíth
sula gcumfaidh siad na hÚpainiseaidí

Credo

Ich am of Irlonde,
and of the holy londe
of Irlonde . . .
I am no longer of Ireland
or of any nation state
if I am anything
I am grass in a forest
trampled by elephants
a forest so vast
even the monkey cannot find its borders
grass upon which rishis rest
before composing the Upanishads

2017-01-21

An Gúrú


Maith don easóg a fiacail
maith don tíogar a chrobh
ach ná maith don bhean
a cuid mailíse ná don fhear an formad
arsa an gúrú, is bhog ar aghaidh
chun iarraidh orm a bhróg a ghlanadh,
a chuid aráin a bhácáil dó is a chuid éadaigh a ní.

Tabhair a chnámh don mhadra, a síol
don phearóid, a luch don pheata nathrach
ach ná tabhair saoirse don bhean
ná a lón don fhear go n-impí sé ort
arsa an gúrú, is bhog ar aghaidh
'dtí a bhricfeasta d'uibheacha is nuacht
is d'iarr orm a chathaoir a iompar go dtí an t-ardán.

Thugas don ghadhar a chnámh, don phearóid
a síol, don pheata nathrach a luch,
mhaitheas don easóg a fiacail,
mhaitheas don tíogar a chrobh

is d'fhágas an gúrú chun a bhróg féin a ghlanadh
mar chuimhníos go rabhas i m'fhear a saolaíodh de bhean.


A. K. Ramanujan

2017-01-20

Cur Síos ar Phléisiúr Úma, Kumarasambhavam


Na ceachtanna suirí a mhúin Síve di
ar chuir Párvaití eolas orthu sa leaba,
tugadh ar ais dó iad le grástúlacht mná óige
mar bhronntanas a thabharfá do ghúrú.

A lámha fíneálta ar crith le pian
nuair a scaoileadh an liopa íochtair gortaithe,
d’fhuaraigh Párvaití láithreach é le fuaraíocht
chorrán na gealaí a chaitheann Síve ina dhlaoithe.

Agus, nuair a phóg sé a cuid gruaige, má fuair Síve
púdar sa tsúil ar a chlár éadain,
chuir sé cumhracht anáil Párvaití leis,
chomh milis le boladh na loiteoige á hoscailt.

Mar sin, an Tiarna a bhfuil an Tarbh mar Mheirge aige
thug sásamh do Dhia an Ghrá trína shlí a leanúint
is na céadfaí a shásamh, mhair ar feadh míosa
i dteannta Úma i bpálás Ráiseá na mBeann.

Sliocht as eipic le Kālidāsa.

2017-01-19

Tigh mo Mhamó


Tá tigh atá anois i bhfad i gcéin
Ina bhfuaireas grá tráth den saol . . . Cailleadh an bhean sin,
Chúbaigh an tigh sa chiúnas, shleamhnaigh
Nathracha i measc na leabhar, bhíos-sa ró-óg
Chun leabhar a léamh, is d’iompaigh mo chuid fola
Chomh fuar leis an ngealaigh. Is minic a shocraím
Ar dhul ann, breathnú trí shúile dalla na bhfuinneog
Nó éisteacht díreach leis an aer reoite,
Nó le teann éadóchais, mám dorchadais a phiocadh
Le tabhairt anseo is a chur ina luí
Laistiar de dhoras mo sheomra leapa ar nós gadhair
Chiúin  . .  ní fhéadfá a chreidiúint, a stór,
An bhféadfá, go raibh cónaí ormsa i dtigh mar é
Is bród orm, is grá agam . . . mise a chaill
Mo shlí is mé ag lorg déirce anois ag doras stróinséirí
Is grá á fháil agam, ar a laghad i bhfoirm sóinseála?

Kamala Das


2017-01-18

Ábhar Comhrá

D’ardaigh comhghleacaí liom
de bhunadh na Portaingéile
shivalingam cré lá agus ar sé:
an luaithreadán é seo?
Ní hea, arsa an díoltóir.
Sé ár ndia é.


Eunice de Souza

2017-01-17

Haiku le Issa ón mbliain 1821

siar a ghabhann
an dreoilín
soir an luch


.みそさざい西へ鼠は東へ

misosazai nishi e nezumi wa hingashi e

2017-01-16

Canadh os Ard

Canadh os Ard

Táim ag éisteacht
le babhlaí cantaireachta na Tibéide
De réir an tsuímh ghréasáin
tá miotal dreigíte iontu
Sé an miotal luachmhar sin
a mheabhródh an Folús duit
An gá domsa éisteacht
le babhlaí cantaireachta na Tibéide
chun teacht ar an bhFolús
Nach bhfuil sé ionam cheana féin
Cad eile atá ag canadh os ard
 

Singing Its Heart Out

I’m listening
to the singing bowls of Tibet
According to the website
they contain metal from a meteorite
This precious metal
reminds us of the Void
Do I need to listen
to singing bowls
in order to reach the Void
is it not already in me
What else is singing its heart out

Τραγουδώντας με την καρδιά του

Ακούω
τα ηχητικά δοχεία του Θιβέτ
Σύμφωνα με τον δικτυακό τόπο
περιέχουν μέταλλο από έναν μετεωρίτη
Αυτό το πολύτιμο μέταλλο
μας θυμίζει το Κενό.
Πρέπει να ακούσω
ηχητικά δοχεία
για να φτάσω το Κενό;
Δεν είναι ήδη μέσα μου;
Τι άλλο τραγουδά με την καρδιά του

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou


2017-01-15

2017-01-14

Mantra na Foighne



ਹੁਕਮੀ ਹੋਵਨਿ ਆਕਾਰ ਹੁਕਮੁ ਨ ਕਹਿਆ ਜਾਈ ॥
Hukmī hovan ākār hukam na kahiā jāī.
Ar Ordú Uaidh, cruthaítear colainneacha; níl aon chur síos ar an Ordú Uaidh.


ਹੁਕਮੀ ਹੋਵਨਿ ਜੀਅ ਹੁਕਮਿ ਮਿਲੈ ਵਡਿਆਈ ॥
Hukmī hovan jīa hukam milai vadiāī.
Ar Ordú Uaidh, tagann anamacha ar an saol; ar Ordú Uaidh, déantar gaisce faoi ghlóir.

ਹੁਕਮੀ ਉਤਮੁ ਨੀਚੁ ਹੁਕਮਿ ਲਿਖਿ ਦੁਖ ਸੁਖ ਪਾਈਅਹਿ ॥
Hukmī uṯam nīcẖ hukam likẖ ḏukẖ sukẖ pāīah.
Ar Ordú Uaidh, bíonn uasal is íseal ann; ar Ordú Scríofa Uaidh, dáiltear pian is pléisiúr orainn.

ਇਕਨਾ ਹੁਕਮੀ ਬਖਸੀਸ ਇਕਿ ਹੁਕਮੀ ਸਦਾ ਭਵਾਈਅਹਿ ॥
Iknā hukmī bakẖsīs ik hukmī saḏā bẖavāīah.
Beannaítear daoine, ar Ordú Uaidh, is maitear gach aon ní dóibh; daoine eile ar Ordú Uaidh, is ar fán is ar fuaidreamh a bheidh siad go deo.

ਹੁਕਮੈ ਅੰਦਰਿ ਸਭੁ ਕੋ ਬਾਹਰਿ ਹੁਕਮ ਨ ਕੋਇ ॥
Hukmai anḏar sabẖ ko bāhar hukam na koe.
Tá gach éinne faoi smacht a Ordaithe; níl duine ar bith atá lastall dá Ordú.

ਨਾਨਕ ਹੁਕਮੈ ਜੇ ਬੁਝੈ ਤ ਹਉਮੈ ਕਹੈ ਨ ਕੋਇ ॥੨॥
Nānak hukmai je bujẖai ṯa haumai kahai na koe.
A Nanak, an té a thuigeann A Ordú, ní óna ego a thagann a chuid cainte.

2017-01-13

Tanka le Shaku Choku (1887-1954)

as duibheagán an uisce
m'aghaidh sa lá inniu ann
ag breathnú orm aníos
cén t-uaigneas atá i ndán dom
sa saol atá ag teacht

2017-01-12

Smaoineamh an Lae

Cé nach bhfuil ar intinn aige a bheith ag faire amach, ní gan chúis a sheasann an fear bréige sa ghort.

DOGEN

2017-01-11

Morning light in the Sahara

Íomhá Ron Rosenstock
ionainne
i ngach rud . . .
míshuaimhneas an tSahára
in us
in all things . . .
restlessness of the Sahara

2017-01-09

Haiku

Ikeda Sumika
crann figí
déithe, an búda
ní fhaca riamh iad.

無花果や神も仏も見たことなし
á! á!
crochta i dtobar
luascann gealach lán

嗚呼!嗚呼!と井戸に吊るされ揺れる満月
Ôi Tsuneyuki
Morisu Ran
i mo luí ar mo dhrom
réaltbhuíonta á gceangal agam
nocht

仰向いて銀河繋いでいる裸体

2017-01-08

Ní hann don uimhir sin.



Pé áit dá dtéimse nó pé uimhir a nglaoimse uirthi
Cloisim guth strainséartha ar an dtaobh eile á rá
Ní hann don uimhir sin yeh number maujood nahin hai
Ní rófhada ó shin ó bhí daoine ann
A déarfadh: cinnte, aithnímid thú
Tá slí ann duit sa chruinne seo

Ach ní hann don uimhir sin níos mó is seanuimhir í
Is beag duine atá fágtha sna háiteanna sin
A n-osclaítí doirse ar chloisint coiscéimeanna dóibh
Caithfear cloigín a bhualadh anois agus fanacht go himníoch
Agus má nochtann duine sa deireadh
Seans go bhfuil athrú tagtha air
Nó déarfadh sé ní mise an té a ndéantá comhrá leis
Ní hí seo an uimhir a thugadh éisteacht do do bhuairt.
Pé áit dá dtéim tá uimhreacha mapaí aghaidheanna athraithe is cosúil
Luíonn sean-dialanna go dearóil i ngáitéir
A n-ainmneacha ag dul i léig go mall san uisce
Tá fáil ar níos mo uimhreacha anois ná riamh is gan sreanga ar bith
Ach comhrá de shaghas eile ar siúl acu
Gnó amháin, idirbhearta, guthanna díol is ceannach ar nós strainséirí
Pé áit dá dtéim diailímse uimhir go géar
Agus lorgaím an guth a deireadh tráth
Tá an doras ar leathadh, féadann tú fanacht anseo
Buail isteach gan chúis uair ar bith sa chruinne.

2017-01-07

Smaoineamh an Lae

Ní veigeatóir mé ar mhaithe le mo shláinte ach ar mhaithe le sláinte na sicíní.

Isaac Bashevis Singer

2017-01-06

Gorges du Dadès

Íomhá Ron Rosenstock
for millions of years
yearning for sap . . .
the rocks of Dadès Gorge
tnúth le sú
leis na milliúin bliain . . .
carraigeacha Altán Dadès

2017-01-05

Conas péire cuarán nua a cheansú

ná coinnigh le chéile iad
ná lig dóibh labhairt lena chéile

d’fhéadfaidís ceardchumann a bhunú

ná fág go deo iad gar
do chlog balla, leabhair ar an dlí, féilire, bratach náisiúnta
portráid de gandhi ná nuachtán
ar eagla go bhfaighidís amach faoi
lá na saoirse, satyagraha,
laethanta saoire, uaireanta oibre, íosphá agus
caimiléireacht

ná tabhair chun an teampaill iad
gheobhaidís amach láithreach go bhfuil tú lag
gur dia bréige é do dhia-sa agus luífidh siad ort

ná tabhair in aice leis an mbord seomra bia go deo iad
d’fhéadfaidís bia a lorg
nó an drochshúil a chaitheamh ar do dhinnéar blasta

úsáid ar dtús iad le haghaidh siúlóidí gearra
ansin cuir leis an bhfad de réir a chéile

na bíodh a fhios acu go deo an méid oibre is gá dóibh a dhéanamh
scaoil na strapaí teanna
lig dóibh a bheith sona

tá siad ag éirí níos mó
smear roinnt seanola ar na strapaí garbha
le go mbraithfidís ungtha

oibrithe maithe ceansaithe anois iad
ullamh chun ragobair a dhéanamh

do do chosa ramhra

Gopal Honnalgere (1942-2003)

2017-01-04

Buson - winter moon

 Buson
(1716 - 1784)

English and Irish version by Gabriel Rosenstock

winter moon --
bowing to a monk
on the bridge

gealach gheimhridh -
ag umhlú do mhanach
ar an droichead


winter muin -
cheek fir jowl
wi a monk on the brig

(Scots: John McDonald)

2017-01-03

Smaoineamh an Lae

Bhíodar in ann an daonlathas díreach a chur i bhfeidhm san Aithin. Is é is brí le daonlathas díreach ná seo: ní thoghtar ionadaithe - mar conas d'fhéadfadh duine amháin ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na milliún? Ní féidir. Cé atá in ann ionadaíocht a dhéanamh domsa? Mé féin amháin, níl éinne eile in ann é a dhéanamh. An té atá ag déanamh ionadaíochta do na milliúin, is ag déanamh ionadaíochta dó féin amháin atá sé. Táthar ag cur an dubh ina gheal ort. Bréag is ea an daonlathas indíreach. Bhí an daonlathas díreach acu san Aithin - gan teachta ná ionadaí acu. Bhailíodar muintir na hAithine go léir má bhí fadhb acu le plé; chruinníodar na saoránaigh agus chaitheadar vóta go díreach ar gach ceist ar leith, a lámh á n-ardú acu ar son nó in aghaidh; is mar sin a bhí acu . . . Níl gá le páirtithe polaitíochta ach amháin sa daonlathas indíreach. Sa daonlathas díreach, tá smaointe dá chuid féin ag gach éinne agus tá sé neamhspleách, tá sé in ann ionadaíocht a dhéanamh dó féin, vóta a chaitheamh dó féin, a chuid smaointe a chur ar aghaidh agus a mhíniú don phobal.

Osho

2017-01-02

Céad Choinne, Sráid Azul

Sa chistin, seolann boladh caife siar mé
go maidin eile, i dtír eile, i bhfad uaim,

áit a lasaim toitín agus séideann tú ar do chaife.
Éiríonn gal is deatach ar an aer.

Eitlíonn péire féileacán     
dearg tharainn.

Monarchs, a deir tú. Cromann tú chugam
le míniú go n-eitlíonn siad trí mhíle míle

chuig crainn ghiúise Mheicsiceo.
Smaoiním ar phobal na nAstacach
a d'fhéach ar fhéileacáin mar anamacha
ar foluain trí spéartha ciúine – naimhde marbha,

nó mná a bhásaigh is iad ag saolú linbh – cneácha
tiontaithe ina sciatháin dhearga. Níl a fhios agam

céard ba chóir dom a rá. Nuair a osclaím mo bhéal,
eitlíonn mo theanga uaim ar an ngaoth.

Doireann Ní Ghríofa


First Tryst, Azul Street

In the kitchen, the aroma of coffee brings me back
to another morning, a distant clime,

where I light a cigarette and you blow on your coffee.
Smoke and steam drifting in the air.

A pair of red butterflies
fly past.

Monarchs, you say. Bending over towards me
you explain how they travel three thousand miles

to pine trees in Mexico.
I think of Aztecs

who saw butterflies as souls
afloat in quiet skies – their dead enemies,

or women who perished in childbirth – their wounds
are red wings now. I don’t know

what to say. When my mouth opens
my tongue flies away on the wind.


English: Gabriel Rosenstock


Πρώτο ραντεβού, οδός Αζούλ


Στην κουζίνα, το άρωμα του καφέ
με φέρνει πίσω

σε ένα άλλο πρωινό, ένα μακρινό κλίμα,

όπου εγώ ανάβω ένα τσιγάρο και εσύ φυσάς
τον καφέ σου.
Καπνός και άχνα σκορπίζονται στον αέρα.

Ένα ζευγάρι κόκκινες πεταλούδες
περνά.

Μονάρχες, λες. Σκύβοντας
προς το μέρος μου
εξηγείς πώς ταξιδεύουν τρεις
χιλιάδες μίλια

στα πεύκα του Μεξικού.
Σκέφτομαι τους Αζτέκους
που είδαν τις πεταλούδες ως ψυχές
να πλέουν σε μακάριους ουρανούς-- οι νεκροί τους
εχθροί,

ή γυναίκες που χάθηκαν στη γέννα--
οι πληγές τους
είναι κόκκινα φτερά τώρα. Δεν ξέρω

τι να πω. Όταν ανοίγω το στόμα μου
η γλώσσα μου στον άνεμο μακριά πετά.

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-01-01

Áit a bhfuil an Aigne gan Uamhan



Áit a bhfuil an aigne gan uamhan agus an ceann á choinneáil in airde
Áit a bhfuil an t-eolas saor
Áit nach bhfuil an domhan briste ina bhloghanna
Ag fallaí cúnga an tí
Áit a dtagann briathra amach as broinn na fírinne
An dícheall is a ghéaga sínte de shíor i dtreo na foirfeachta
Áit nach bhfuil sruth glé an réasúin imithe amú
Isteach i ngaineamhlach leamh marbh na nósmhaireachta
An aigne á treorú agatsa ar aghaidh
Go dtí an smaoineamh is an gníomh gan teorainn
Go ndúisí mo thírse, a Athair, i bhflaitheas sin na saoirse

Rabindranath Tagore

2017