2017-01-19

Tigh mo Mhamó


Tá tigh atá anois i bhfad i gcéin
Ina bhfuaireas grá tráth den saol . . . Cailleadh an bhean sin,
Chúbaigh an tigh sa chiúnas, shleamhnaigh
Nathracha i measc na leabhar, bhíos-sa ró-óg
Chun leabhar a léamh, is d’iompaigh mo chuid fola
Chomh fuar leis an ngealaigh. Is minic a shocraím
Ar dhul ann, breathnú trí shúile dalla na bhfuinneog
Nó éisteacht díreach leis an aer reoite,
Nó le teann éadóchais, mám dorchadais a phiocadh
Le tabhairt anseo is a chur ina luí
Laistiar de dhoras mo sheomra leapa ar nós gadhair
Chiúin  . .  ní fhéadfá a chreidiúint, a stór,
An bhféadfá, go raibh cónaí ormsa i dtigh mar é
Is bród orm, is grá agam . . . mise a chaill
Mo shlí is mé ag lorg déirce anois ag doras stróinséirí
Is grá á fháil agam, ar a laghad i bhfoirm sóinseála?

Kamala Das