Maith don easóg a fiacail
maith don tíogar a chrobh
ach ná maith don bhean
a cuid mailíse ná don fhear an formad
arsa an gúrú, is bhog ar aghaidh
chun iarraidh orm a bhróg a ghlanadh,
a chuid aráin a bhácáil dó is a chuid éadaigh a ní.
Tabhair a chnámh don mhadra, a síol
don phearóid, a luch don pheata nathrach
ach ná tabhair saoirse don bhean
ná a lón don fhear go n-impí sé ort
arsa an gúrú, is bhog ar aghaidh
'dtí a bhricfeasta d'uibheacha is nuacht
is d'iarr orm a chathaoir a iompar go dtí an t-ardán.
Thugas don ghadhar a chnámh, don phearóid
a síol, don pheata nathrach a luch,
mhaitheas don easóg a fiacail,
mhaitheas don tíogar a chrobh
is d'fhágas an gúrú chun a bhróg féin a ghlanadh
mar chuimhníos go rabhas i m'fhear a saolaíodh de bhean.