2020-03-31

D’ainm á rá

Bhaineas bun Do shráide amach is mé ag rith,

Na deora le mo leiceann ina gcith, ina gcith

Le bheith i gcomhar Leatsa, a ghrá,

Géilleann m’anam - d’ainm agam á rá, á rá


á rá


Hazrat Nizamuddin Awliya

2020-03-30

Efim Volkov





mo chuid smaointe ionatsa
a shearc, cén fáth nach mbeadh
cé a gheobhadh aon locht air sin
              éanlaith uisce ag filleadh ar an loch
              is grian an tráthnóna ann



why should my thoughts
not dwell on You, beloved
who will find fault with me
                waterfowl return to the lake
                that embraces the evening sun

2020-03-29

Ipolit Strambu

an teacht is an imeacht seo, a shearc
an bhfillimid chun teacht ar a chéile
is sinn féin a chailliúint athuair
cad tá le déanamh chun éalú
ó bhuairt an tsaoil seo fá dheoidh

this coming and going, beloved
do we return to find one another
and then lose one another again
what must we do to shuffle off
this mortal coil once and for all

2020-03-28

A thaitneamh

A thaitneamh
A airc
A dhídean
A chara
Mo lón aistir
A dheireadh aistir
Is Tú m’anáil
Mo dhóchas
Mo chompánach
Mo mhian
M’oll-saibhreas.
Murach Tú, a bheatha liom, a ghrá
Ní bheinn ar fán
I dtíortha gan áireamh.
Dhoirtis an oiread sin grásta
Ar mo shon,
A liacht sin gar a dheinis dom
A liacht sin bronntanas
Lorgaím Do ghrá gach áit
Is líontar leis i dtobainne mé
A Chaptaein mo Chroí
A Shúile Glé an Tnútháin i m’ucht
Ní bheidh mé saor Uait go deo
Deo na ndeor.
Bí sásta liom, a Shearc,
Is beadsa sásta.


Rabia (Rabi’a Al-’Adawiyya)

2020-03-27

Na hEochracha, dán nua le K. Satchidanandan

Na hEochracha

Nuair a feallmharaíodh Gandhi
ní rabhas-sa ach dhá bhliain d'aois.
Caithfidh gur shil m'athair na deora goirt,
ní cuimhin liom.

Ocht mbliana déag a bhíos
nuair a cailleadh Nehru;
tháinig m'athair abhaile
agus an nuachtán aige agus chonac é
ag suí síos, is beag nár thit sé,
a lámha lena chlár éadain,
mílitheach, a cheann cromtha chun tosaigh.

Nuair a chuaigh mo dhaid ar oilithreacht
d'fhág sé a chuid eochracha sa bhaile.
Níor tháinig sé ar ais; ar an tríú lá
tháinig scéala a bháis chugainn.

Go dtí an lá inniu
triailim na heochracha sin
chun rúin na cruinne a oscailt:
Na dánta seo agam.

K. Satchidanandan
(Bunteanga: Mailéalaimis)

2020-03-26

Haiku



masc cosanta . . .
anois is léir
áilleacht a cuid súl

protective mask . . .
the beauty of her eyes
revealed

μάσκα προστασίας . . .
η ομορφιά των ματιών
φανερώνεται

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou





2020-03-25

Mantra in aghaidh an víris



Tayata Om Bejaje Bejaje
Maha Bejaje
Raja Samungate Svaha

(Go raibh leigheas i ndán go gasta
do gach neach mothaitheach
agus gan galar a theacht ar éinne arís go deo)

2020-03-24

Abair gur Tusa mé

Dúradán deannaigh i solas na gréine mé.
Is mé an ghrian chruinn.
Leis na dúradáin sea deirimse, Fanaíg’!
Leis an ngrian, Coinnigh ort.
Ceobhrán maidine mé,
Análú an tráthnóna.
Is mé an ghaoth i mbarr an gharráin,
Bruth ar aill.
Crann seoil, stiúir, fear stiúrach, cíle
Agus an sceir choiréil a chuireann go tóin poill iad.
Is crann mé agus pearóid oilte i measc na ngéag.
Ciúnas, machnamh, agus guth.
An t-aer ceolmhar a thagann trí fhliúit,
Splanc ó chloch, léas
Ó mhiotal. An choinneal
Is an féileacán mire ina timpeall araon.
An rós agus an filiméala
Ar strae sa chumhracht.
Is mé an uile ord beo, fáinneáil an réaltra,
An éirim éabhlóideach, an t-éirí
Is an meath. A bhfuil ann
Is nach bhfuil. Tusa agus eolas agat
Ar Jelaluddin, Tusa an t-aon
San iomlán, abairse
Cé mé. Abair
Gur Tusa mé.

Jelaluddin Rūmī


2020-03-23

Chuang Tzú: SAIGHDEOIR


Nuair a scaoileann saighdeoir ar mhaithe le spraoi
bíonn a chuid scileanna go léir aige.

Má scaoileann sé chun búclá práis a bhuachan
éiríonn sé neirbhíseach.

Má scaoileann sé ar mhaithe le duais óir
éiríonn sé dall.
Nó feiceann sé dhá thargaid -
téann sé as a mheabhair.

Ní hé go bhfuil athrú tagtha ar a scil.
Ach tá sé scoilte ag an duais.
Tá a aigne dírithe uirthi.
Ag smaoineamh ar bhuachan atá sé
níos mó ná scaoileadh.
Cloíte atá sé
ag dúil sa bhua.

2020-03-22

Nicolae Grigorescu

 
duan i ndiaidh duain duit
im' shuí go maidin ag scríobh
phléasc an chamhaoir tríd an bhfuinneog dín
     chonac nach raibh faic scríofa agam ... 
     cumhracht na rós bhfiáin

burning the midnight oil
writing song after song for You
dawn broke through the skylight
                  i saw I had written nothing . . .
                  scent of wild roses


                  

2020-03-21

Constantin Stahi

 
faoi sholas an rós-tráthnóna
smaoiním ort 
is ar gach atá cnuasaithe ag an lá
        bhí cuma cheart ar an uile ní
        á scuabadh anois ina bpeitil fáin

in the rose-red evening light
i think of You 
all that has been garnered by the day
           everything seemed so real and true
           now like petals blown here and there



2020-03-20

George Demetrescu Mirea


an bhféadfadh spiorad na foraoise
bheith i bhfeoil is i bhfuil
nó sa cheol féin: éist a shearc
         an domhan mealltach seo againne
         cad tá ann in aon chor

can the spirit of the forest
become flesh and blood
or be music itself : listen
             beloved, this world of beguilement
              what is it at all

                      

2020-03-19

as AMHRÁN AN BHÁIS le Paul Laurence Dunbar

A  Death Song

Lay me down beneaf de willers in de grass,
Whah de branch'll go a-singin' as it pass
  An' w'en I's a-layin' low,
  I kin hyeah it as it go
Singin', "Sleep, my honey, tek yo' res' at las'."

Paul Laurence Dunbar



Amhráin an Bháis

Lig dom luí  faoi bhun na sailí ar an bhféar
Is beidh ceol le clos gach lá agam ón gcraobh,
Is nuair a bheidh mé thíos sa chré
Is ea a  chloisfidh mé an stéibh
Á rá, ' Codail leat, a stóirín geal mo chléibh.'

2020-03-18

Dorn Haiku Seapánach


yuku aki ya kohaku ni mushi no fukanemuri

deireadh an fhómhair…
codladh sámh na feithide
san ómra

Junko Odagiri


stôbu ya ichibyô hodo no yume o mite

sorn…
taibhreamh
ar feadh soicind

Kirin Nishimura


kyôkai no tobira no kishimi fuyu no niji

gíoscán dhoras an tséipéil…
bogha ceatha
geimhridh

Mariko Saito


nichibotsu ya otôto ni fukurô ga sumu

luí na gréine…
maireann ulchabhán
istigh i mo dheartháir

Kenichi Tajima


itechô no asu wa ugoku kamo shirenu

féileacán reoite…
b’fhéidir go mbogfaidh sé
amárach

Hajime Kotaki


saezuri ya koko wa tainai dattanoda

giolcadh na n-éan—
istigh sa bhroinn
atáim

Mutsuo Takano


ume no ka ya zô ni fumarete mitaku nari

cumhracht na mbláthanna plumaí
ba mhaith liom
dá satlódh eilifint orm

Tomoaki Okamura


haru no yuki furitsutsu hayamu yoru no toki

sneachta earraigh ag titim…
tic-tic tapa
an ama istoíche

Ryuta Iida (1920 -2007)


mujyûji no shôrai takaki nigatsu kana

gaoth ard trí na giúiseanna
sa teampall seo gan sagart…
Feabhra

Kaga Hosokawa (1924 -1989)


kisaragi no doro no hikari o toru kamera

láib lonrach
i mí Feabhra…
gafa ag an gceamara

Kenichi Tajima


haizara ni chiisana takibi shite hito kou

tine chnámh bheag
sa luaithreadán…
cumha orm i do dhiaidh

Kohei Harako (1919 -2004)


ushi no nemuri uma no nemuri ni tsurara sodatsu

ba fá shuan
is capaill fá shuan…
reodóga ag fás

Tomohiko Murakami


namurarenu yo wa fukurô no ikizukai

oíche gan suan
gan srann…
análú an ulchabháin

Tomoko Morita


oshidori nit tsuki no hikari no kabusari ku

lachain mhandracha…
tagann solas na gealaí
á mbá

Seiho Awano (1899 -1992)


mizutori no numa ga kumorite ware kumoru

lochán na n-éan uisce
ag éirí modartha…
mise leis

Takako Hashimoto (1899 -1963)


kogarashi ya ishiya no hakaishi mina mumei

gála gaoithe…
leaca uaighe gan ainm
ag an ngreanadóir

Tomohiko Murakami


tômin no shippo tokiori fureaeru

éin imirice…
cuimlíonn a n-eireaball dá chéile
anois is arís

Hisako Sugiyama


fukurô ni yo no yukusue o tazune keri

fiafraím d’ulchabhán
cad atá i ndán
don domhan

Katsuhiro Horikiri


gikyoku yomu tôya no shokki tsukeshi mama

dráma á léamh agam
oíche gheimhridh…
miasa ar maos sa doirteal

Hisajo Sugita (1890-1946)


Traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock

2020-03-16

Carlos Schwabe


 
níl ionamsa ach fánas
a thugann treoir san fhásach
do dhaoine eile
          ach treoir a thabhairt dom féin?
          tar, a thaisce, ar fán atáim

i'm but a faun now
others I guide
in the wilderness
           but cannot guide myself
           beloved, come, I am lost



2020-03-15

ikkyu

Cad is ea an aigne?
Conas a aithnítear í?
Le dúch sumi
tarraingítear go soiléir í,
fuaim na leoithní
isteach is amach sa ghiúis

2020-03-14

Octav Bancila



an ghiofóg a d'inis dom é
'tá na comharthaí ar gach uile bhall díot'
ní bheidh éinne ann ach tusa
                  is tú mo chinniúint, ar sí
                   níor spárálas na pinginí 


the gypsy woman was convinced
it was written all over me
there would be none but You
           she swore You were my destiny
           I paid her handsomely
 



2020-03-13

Smaoineamh an Lae

Sin é tragóid na filíochta Gaoluinne – easpa fáis, an ró-chion ar an mbéaloideas, an leisce chun an sean-rud d’fhágaint, an síor-fhéachaint siar. Ach is locht é sin a bhaineann linn mar chine  . . .

Craiftine, An Gaedheal, 1937

Tá fáil ar na heagráin de "An Gaedhal" le tuairimí Craiftine ar an bhfilíocht anseo:

 

2020-03-12

Eachtra Pheadair Schlemihl – An Fear a Dhíol a Scáil

Seoladh: 4 Márta, An Siopa Leabhar (FÁS)
An chaint a thug Seosamh Ó Murchú



Ní rabhas eolach ar an saothar seo cheana, ar foilsíodh an leagan Gaeilge de a chéaduair in 1909. Ach seo anois curtha inár láthair arís é os cionn céad bliain ar aghaidh agus eagrán slachtmhar snasta foilsithe ag Foilseacháin Ábhar Spioradálta. Tugann an réamhrá le Gabriel Rosenstock cuntas achomair gonta ríshuimiúil dúinn ar an údar, Adelbert von Chamisso, Francach de shliocht uasal arbh éigean dá mhuintir teitheadh chun na Gearmáine aimsir Réabhlóid na Fraince agus gan é ach ina gharsún. Ainneoin, áfach, gur fhill a mhuintir ar an bhFrainc tamall de bhlianta ina dhiaidh sin bhí an t-ógánach chomh gafa sin le cultúr agus le teanga na nGearmánach gur shocraigh sé fanacht ann agus chuaigh isteach san arm fiú. Deirtear linn sa réamhrá gur bhraith sé mar a bheadh ‘fear gan scáil’ nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc blianta ní b’fhaide anonn, rud atá suimiúil ann féin i gcomhthéacs teideal agus ábhar an scéil seo a scríobh sé tamall de bhlianta ina dhiaidh sin. Is cosúil gur ag taisteal agus ag fánaíocht a chaith sé cuid mhaith dá shaol i ndiaidh dó éirí as an arm – rud ba dhual do dhuine a shamhlaítear leis an Rómánsachas i gcúrsaí ealaíne agus litríochta. Ach ní ag cur a chuid ama amú a bhí sé nó lasmuigh dá chuid scríbhneoireachta agus dá chuid filíochta go háirithe b’eolaí nótálta é agus bhain sé cáil amach dó féin mar luibheolaí. Rinne sé saothar mór ag breacadh ainmneacha luibheanna agus bláthanna as áiteanna ar fud an domhain.

In 1814 a foilsíodh an bunleagan Gearmáinise den saothar seo agus d’éirigh go seoigh leis ón gcéad lá de réir dealraimh. Deirtear, go deimhin, go bhfuil éileamh air i gcónaí sa Ghearmáin. Aistríodh go mórchuid teangacha é i rith an naoú céad déag ar fad. Is minic a luaitear gur fabhalscéal ‘Faustach’ atá ann, mar atá, an fear seo, Peadar Schlemihl a dhíolann a scáil leis an diabhal ar son sparán Fortunátuis, sparán na scillinge, sparán gan tóin, a chuirfeadh An Ghlas Ghaibhneach i gcuimhne duit. Leanann go leor deacrachtaí agus crá croí an cinneadh sin ag Peadar Schlemihl, ní luaithe a cheapann sé a chuid fadhbanna a bheith réitithe nó go mbeirtear amuigh air agus go mbíonn air dul ar a theitheadh ó áit go háit go dtí go mbaineann sé ceann cúrsa amach agus go dtagann chun réitigh leis an gcinneadh a rinne sé agus go n-aimsíonn suaimhneas aigne de shaghas áirithe thiar i ndeireadh a shaoil.

Ní fhéadfaimis, dar ndóigh, an scéal seo a tharrac chugainn gan cuimhneamh ar Séadna an Athar Peadar – ná go deimhin ar An Rógaire agus a Scáil (1998) le Gabriel féin. In 1904 a cuireadh Séadna i cuireadh i gcló i bhfoirm leabhair a chéaduair. Ba é an comhlacht céanna foilsitheoireachta a chuir an dá leabhar amach – Muintir na Leabhar Gaeidhilge/The Irish Book Company – comhlacht a bhunaigh Máiréad Ní Raghallaigh agus Norma Borthwick, bean ar leithligh a raibh an tAth. Peadar go mór faoina comaoin.

Na scéalta seo, an duine a dhéanann socrú leis an diabhal nó lena mhacasamhail d’áibhiriseoir, (Fear na Casóige Glaise sa chás seo) mar mhalairt ar shaibhreas an tsaoil nó ar fhadhb éigin a bheith scaoilte, tá a phréamhacha go doimhin sa bhéaloideas agus dá réir sin i sícé an duine agus tá siad tagtha anuas chugainn faoi chlónna éagsúla i dtraidisiúin éagsúla. Is cinnte gur dhein an Chríostaíocht a cuid féin de agus gabhann snáithe láidir de shíolteagasc na Críostaíochta trí na scéalta seo uile. Díol spéise é áfach an tslí ar dhein an t-aos liteartha an téama sin a ghabháil chucu féin – ní gá ach Christopher Marlowe, Goethe, Thomas Mann a lua sa chás seo. I gcás Shéadna, áirítear é mar an chéad úrscéal sa Ghaeilge agus dúirt Brian Ó Cuív faoi gur ‘tharraing sé chuige scéal béaloideasa . . . agus d’ardaigh go leibhéal na litríochta é.’ D’fhéadfaí, mhaífinn, an rud céanna a rá faoin scéal seo ag von Chamisso. Tá tagairtí ann do scéalta béaloidis a mbeadh cur amach ag pobal na linne orthu – sparán Fortunátuis, An Nead Draíochta agus Bróga na Seacht Léig – ach déanann sé saothar litríochta as ina dhiaidh sin is uile, saothar i dtraidisiún na Rómánsachais a bhí i dtreis ag an am, trí dhíriú ar an duine féin ar a chuid mothúchán, ar a chuid laigí agus ar an gciapadh anama a ghabhann le cora an tsaoil a chastar inár dtreo.

Íomhá na scáile féin a ritheann ó thús deireadh an scéil, tá sí an-láidir. Alltacht a bhíonn ar gach aon duine, idir shaibhir agus daibhir nuair a fhaigheann siad amach nach bhfuil a scáil ag Peadar Schlemihl. Amhail is gurb í an scáil an teist phoiblí a bhíonn ar dhuine ar an saol seo, mura mbeadh faic eile sa tsaol agat, gan puinn de mhaitheasaí móra an tsaoil, ar a laghad ar bith bheadh do scáil féin. Mar a bheadh an luach a leagtar ar fhocal nó ar ainm duine. Deir an Schlemihleach go gairid tar éis dó dul amach ar an tubaiste atá tite air: ‘Ba léir dom um an dtaca seo, pé bua a bhí ag an ór, gur mó ab fhiú scáil duine ná a raibh d’ór is d’ollmhaitheas sa tsaol.’ Deirtear go mbíonn cáil duine ag imeacht roimhe; is léir go bhfuil scáil duine ag teacht ina dhiaidh ar comhthábhacht leis.

Ar aon dul scéal Shéadna, ní insint dhíreach ó thosach deireadh atá i gceist leis an scéal seo. Scéal laistigh de scéal atá anseo againn, nó litir laistigh de litir. Agus an t-údar ag cur ceann ar an scéal tugann sé sliocht dúinn as litir chuig cara leis, duine de lucht aitheantais Schlemihl agus é a rá go bhfuair sé an lámhscríbhinn ó dhuine a tháinig chuige gan choinne go moch ar maidin. Impíonn sé ar an té a bhfuil sé ag scríobh chuige an ‘scéal a cheilt ar an bpobal.’ Ansin caitear isteach in media res sinn i gCaibidil a hAon. Castar Peadar Schlemihl orainn agus é ag triall ar thigh boic mhóir darb ainm Tomás ‘ac Seoin agus litir aige dó, litir óna dheartháir. Ní deirtear riamh cad tá sa litir agus ní thugtar aon leid dúinn faoin bhfáth a bhfuil an príomhcharachtar san áit a bhfuil sé, ní thugtar le fios dúinn ach ‘go raibh sé buartha’. Duine bocht mí-ámharach is brí sa Ghiúdais leis an ainm Schlemihl agus dealraíonn sé go bhfuil tagairt ansin agus i ndeireadh an scéil don Ghiúdach Fáin agus go mb’fhéidir gur gné fháthchiallach den scéal é sin. Téama é sin atá spíonta ag cuid de na daoine a bhfuil tráchtaireacht déanta acu ar an scéal.

Tá tróp sin an ‘scéal laistigh de scéal’ feicthe go minic sna scéalta béaloidis – ba mhinic é in úsáid ag Amhlaoibh Ó Luínse, abair. Soláthraíonn sé slí isteach agus amach as an saol inmheánach scéiniúil sin ina bhfuil an príomhcharachtar gafa agus cabhraíonn linn idirdhealú a dhéanamh idir a scéal siúd agus ár scéal féin. Ar a shon sin is léir ag am céanna, don té a ligfeadh a leithéid lena ais, go mbaineann ábhar an scéil go dlúth le saol an ghnáthdhuine. Saghas tromluí is ea é a bhfuil gnéithe den saol inaitheanta agus de shaol na hosnádúrthachta agus na héigéille ag roinnt leis. Baineann an seánra áirithe, mar a bhaineann an béaloideas a bheag nó a mhór le scéal an uile dhuine, leis na cinntí sin a dhéanaimid i gcaitheamh an tsaoil, na, ceisteanna casta anacra sin a fhágann cráite, ciontach, cloíte sinn ar uairibh.

Fitear cúrsaí grá, cúrsaí gaisce agus cairdis, dílseacht an duine chomh maith le saint agus feall an duine, isteach sa scéal. An searbhónta dílis Bendel nuair a fhaigheann sé amach fírinne an scéil faoina mháistir, é a bheith ar easpa scáile, bíodh go bhfuil alltacht agus uafás air, léiríonn sé taobh an-daonna, carthanach, Críostaí dho féin. Seasann sé le Peadar agus seasann go deireadh aistir ar fad. ‘Déanfad an ceart, pé ní a thiocfaidh as dom,’ a deir sé. Agus is iad an daonnacht agus an fhéile dhaonna, beag beann ar chastaíocha crua an tsaoil, snáithe lárnach an scéil seo, is é a sholáthraíonn an suaimhneas intinne do Pheadar i ndeireadh báire. Glacann sé lena bhfuil i ndán dó gan a scáil, nach bhfaighidh sé ar ais go deo, tar éis dó sparán na scillinge a chaitheamh síos sa pholl mór dubh. Tá sé ar a shuaimhneas i ndeireadh a shaoil agus an scéal á reic aige agus ag cuimhneamh siar ar ’na drochghníomhartha i mbaois na hóige’ aige. Feicimid leis mar a ghlac beirt eile de na carachtair sa scéal, an searbhónta dílis, Bendel, agus Minna, an bhean a raibh Peadar i ngrá léi ach gur chuir eachtra na scáile deireadh leis an gcumann, gur tháinig siadsan leis chun réitigh lena ndán. Feictear an bheirt acu ag saothrú leo i ndeireadh an scéil ag fóirithint ar na heasláin i gcuimhne ar a seanchara, Peadar Schlemihl. Ar shlí is iad seo laochra an scéil, na miondaoine a dhéanann an ceart. Agus b’fhéidir gurb e sin go díreach a mheall daoine chuig an saothar seo i dtosach an naoú céad déag, agus gurbh é an dála céanna é ag lucht fin de siècle céad bliain ina dhiaidh sin, anuas go dtí ár linn féin, a bhféadfaí a mhaíomh ina leith go bhfuil deireadh ré de shaghas eile ag bagairt agus a bhfuil de chíor thuathail agus de ghealtachas timpeall orainn.

Is fiú go mór an scéal seo a léamh ar son stíl agus saibhreas teanga an Bhéaslaíoch leis. Fear ildánach ba ea é siúd agus dlúthbhaint aige, dar ndóigh, leis an réabhlóid chultúrtha agus pholaitiúil araon sa tír i dtosach an fichiú haois. Scríbhneoir ba ea é a shaothraigh mórchuid seánraí idir fhilíocht, úrscéalta, iriseoireacht, drámaí aistriúchán agus eile. Saghas Gabriel Rosenstock na haimsire sin ba ea é. Gabriel a bhfuil an oiread céanna agus tuilleadh seánraí saothraithe aige agus nach bhfuil  stad ná staonadh dulta ar a pheann le leathchéad bliain. Tá an-slacht curtha aige ar an saothar seo agus é curtha in oiriúint do lucht léite an lae inniu. Níor mhiste an sliocht breá méaldrámata seo a leanas a lua chun blaiseadh beag a fháil de stíl Bhéaslaí agus an sliocht tiontaithe go paiteanta go Gaelainn aige - gan aon rian den Ghearmáinis air ba dhóigh leat. Seo é Peadar Schlemihl agus é ag caint lena ghrá geal, Minna:
‘A Mhinna, m’anama,’ arsa mise, ‘in ainm Dé agus caith uait an chaint sin. Is beag is eol duit cad a bhíonn ag baint chodladh na hoíche dhíom. Dá mbeadh a fhios agat cé dhó ar thugais do ghrá! Nach léir duit ón dtocht seo im’ scornach agus ón gcreathán im’ bhallaibh buairt mhíchuibheasach dom’ thraochadh is dom’ chreimeadh as an saol gan sos gan suaimhneas, ach ní neosfainn mo rún duit ar Éirinn.’ Luigh sí ar lógóireacht agus thug na mionna nach scarfadh liom go brách.

Fáiltím go mór roimh an eagrán nua den leabhar seo, tréaslaím an obair ar fad leo siúd uile a raibh baint acu leis, leis na foilsitheoirí go háirithe. Seoidleabhar é le cur lena bhfuil foilsithe ag FÁS le tamall de bhlianta anuas, leabhair ardchaighdeáin atá ag cothú shaol liteartha agus cultúrtha na Gaeilge as an nua. Léitear é i faoi sholas cheisteanna móra na linne seo agus baintear sásamh as.

2020-03-11

Osman Hamdi


traenáladh mé
mar ainmhí éigin
chun bogadh ar ordú uait
        fanacht socair nó cleasa a dhéanamh
        a ansacht, nach breá an saol é

i have been trained
like some animal
to move at Your command
        lie still or perform tricks
        beloved, what a wondrous life

2020-03-10

Petro Kholodny

agus má ritheann tú uaim
má deir tú 'níl aithne agam orm ort'
iarrfaidh mé ar an Aingeal Gaibriéil
            rith chugat is na dánta
            a d'éalaigh ó m'anam a aithris duit

and if You run from me
and say You do not know me
I shall ask the Angel Gabriel
               to run to You and recite for You
               poems that escaped from my soul

 

2020-03-09

Briton Riviere

Léigiún is ainm dom
arsa an té a raibh spiorad míghlan ann
sular cuireadh sna muca é
                  dá mbeadh aithne aige ortsa
                  ní bheadh sé mar a bhí

my name is Legion
said the man with the unclean spirit
before entering the swine
                had he known You, beloved,
                he would have been as One


                 

2020-03-08

Coucher de soleil, ciel orange - Félix Vallotton





shéan Abrahám an réalta
an ghealach is an ghrian
mar chuadar faoi
       conas a shéanfainn tusa, a ghile
       do niamhracht ionam de shíor
 
Abraham rejected the star
the moon and sun 
because each in turn disappeared
            how can I reject You, beloved
             Your light within me never fades


2020-03-07

Konstantin Makovsky


lig dóibh labhairt
eatarthu féin, na deirvisí,
nó labhairt i gcogar, nó damhsa
            lig dóibh liú a ligean, a shearc
            fad is nach ndearúdfar d'ainm

let dervishes talk
among themselves
or whisper or dance
         let them howl, beloved,
         as long as they remember Your name





2020-03-05

Anthony Itopa Obaro

Degas

am suipéir -
múineann tréadaí teanga na mbó
dá leanbh
                   Anthony Itopa Obaro (An Nigéir)
                   Mamba, Uimh. 9., Márta 2020

2020-03-04

Nisargadatta

I dtosach, tuig nach bhfuil i do shaolsa ach frithchaitheamh ort féin.
Ansin, éirigh as locht a fháil ar an bhfrithchaitheamh.

Nisargadatta