Na hEochracha
Nuair a feallmharaíodh Gandhiní rabhas-sa ach dhá bhliain d'aois.
Caithfidh gur shil m'athair na deora goirt,
ní cuimhin liom.
Ocht mbliana déag a bhíos
nuair a cailleadh Nehru;
tháinig m'athair abhaile
agus an nuachtán aige agus chonac é
ag suí síos, is beag nár thit sé,
a lámha lena chlár éadain,
mílitheach, a cheann cromtha chun tosaigh.
Nuair a chuaigh mo dhaid ar oilithreacht
d'fhág sé a chuid eochracha sa bhaile.
Níor tháinig sé ar ais; ar an tríú lá
tháinig scéala a bháis chugainn.
Go dtí an lá inniu
triailim na heochracha sin
chun rúin na cruinne a oscailt:
Na dánta seo agam.