2020-03-12

Eachtra Pheadair Schlemihl – An Fear a Dhíol a Scáil

Seoladh: 4 Márta, An Siopa Leabhar (FÁS)
An chaint a thug Seosamh Ó Murchú



Ní rabhas eolach ar an saothar seo cheana, ar foilsíodh an leagan Gaeilge de a chéaduair in 1909. Ach seo anois curtha inár láthair arís é os cionn céad bliain ar aghaidh agus eagrán slachtmhar snasta foilsithe ag Foilseacháin Ábhar Spioradálta. Tugann an réamhrá le Gabriel Rosenstock cuntas achomair gonta ríshuimiúil dúinn ar an údar, Adelbert von Chamisso, Francach de shliocht uasal arbh éigean dá mhuintir teitheadh chun na Gearmáine aimsir Réabhlóid na Fraince agus gan é ach ina gharsún. Ainneoin, áfach, gur fhill a mhuintir ar an bhFrainc tamall de bhlianta ina dhiaidh sin bhí an t-ógánach chomh gafa sin le cultúr agus le teanga na nGearmánach gur shocraigh sé fanacht ann agus chuaigh isteach san arm fiú. Deirtear linn sa réamhrá gur bhraith sé mar a bheadh ‘fear gan scáil’ nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc blianta ní b’fhaide anonn, rud atá suimiúil ann féin i gcomhthéacs teideal agus ábhar an scéil seo a scríobh sé tamall de bhlianta ina dhiaidh sin. Is cosúil gur ag taisteal agus ag fánaíocht a chaith sé cuid mhaith dá shaol i ndiaidh dó éirí as an arm – rud ba dhual do dhuine a shamhlaítear leis an Rómánsachas i gcúrsaí ealaíne agus litríochta. Ach ní ag cur a chuid ama amú a bhí sé nó lasmuigh dá chuid scríbhneoireachta agus dá chuid filíochta go háirithe b’eolaí nótálta é agus bhain sé cáil amach dó féin mar luibheolaí. Rinne sé saothar mór ag breacadh ainmneacha luibheanna agus bláthanna as áiteanna ar fud an domhain.

In 1814 a foilsíodh an bunleagan Gearmáinise den saothar seo agus d’éirigh go seoigh leis ón gcéad lá de réir dealraimh. Deirtear, go deimhin, go bhfuil éileamh air i gcónaí sa Ghearmáin. Aistríodh go mórchuid teangacha é i rith an naoú céad déag ar fad. Is minic a luaitear gur fabhalscéal ‘Faustach’ atá ann, mar atá, an fear seo, Peadar Schlemihl a dhíolann a scáil leis an diabhal ar son sparán Fortunátuis, sparán na scillinge, sparán gan tóin, a chuirfeadh An Ghlas Ghaibhneach i gcuimhne duit. Leanann go leor deacrachtaí agus crá croí an cinneadh sin ag Peadar Schlemihl, ní luaithe a cheapann sé a chuid fadhbanna a bheith réitithe nó go mbeirtear amuigh air agus go mbíonn air dul ar a theitheadh ó áit go háit go dtí go mbaineann sé ceann cúrsa amach agus go dtagann chun réitigh leis an gcinneadh a rinne sé agus go n-aimsíonn suaimhneas aigne de shaghas áirithe thiar i ndeireadh a shaoil.

Ní fhéadfaimis, dar ndóigh, an scéal seo a tharrac chugainn gan cuimhneamh ar Séadna an Athar Peadar – ná go deimhin ar An Rógaire agus a Scáil (1998) le Gabriel féin. In 1904 a cuireadh Séadna i cuireadh i gcló i bhfoirm leabhair a chéaduair. Ba é an comhlacht céanna foilsitheoireachta a chuir an dá leabhar amach – Muintir na Leabhar Gaeidhilge/The Irish Book Company – comhlacht a bhunaigh Máiréad Ní Raghallaigh agus Norma Borthwick, bean ar leithligh a raibh an tAth. Peadar go mór faoina comaoin.

Na scéalta seo, an duine a dhéanann socrú leis an diabhal nó lena mhacasamhail d’áibhiriseoir, (Fear na Casóige Glaise sa chás seo) mar mhalairt ar shaibhreas an tsaoil nó ar fhadhb éigin a bheith scaoilte, tá a phréamhacha go doimhin sa bhéaloideas agus dá réir sin i sícé an duine agus tá siad tagtha anuas chugainn faoi chlónna éagsúla i dtraidisiúin éagsúla. Is cinnte gur dhein an Chríostaíocht a cuid féin de agus gabhann snáithe láidir de shíolteagasc na Críostaíochta trí na scéalta seo uile. Díol spéise é áfach an tslí ar dhein an t-aos liteartha an téama sin a ghabháil chucu féin – ní gá ach Christopher Marlowe, Goethe, Thomas Mann a lua sa chás seo. I gcás Shéadna, áirítear é mar an chéad úrscéal sa Ghaeilge agus dúirt Brian Ó Cuív faoi gur ‘tharraing sé chuige scéal béaloideasa . . . agus d’ardaigh go leibhéal na litríochta é.’ D’fhéadfaí, mhaífinn, an rud céanna a rá faoin scéal seo ag von Chamisso. Tá tagairtí ann do scéalta béaloidis a mbeadh cur amach ag pobal na linne orthu – sparán Fortunátuis, An Nead Draíochta agus Bróga na Seacht Léig – ach déanann sé saothar litríochta as ina dhiaidh sin is uile, saothar i dtraidisiún na Rómánsachais a bhí i dtreis ag an am, trí dhíriú ar an duine féin ar a chuid mothúchán, ar a chuid laigí agus ar an gciapadh anama a ghabhann le cora an tsaoil a chastar inár dtreo.

Íomhá na scáile féin a ritheann ó thús deireadh an scéil, tá sí an-láidir. Alltacht a bhíonn ar gach aon duine, idir shaibhir agus daibhir nuair a fhaigheann siad amach nach bhfuil a scáil ag Peadar Schlemihl. Amhail is gurb í an scáil an teist phoiblí a bhíonn ar dhuine ar an saol seo, mura mbeadh faic eile sa tsaol agat, gan puinn de mhaitheasaí móra an tsaoil, ar a laghad ar bith bheadh do scáil féin. Mar a bheadh an luach a leagtar ar fhocal nó ar ainm duine. Deir an Schlemihleach go gairid tar éis dó dul amach ar an tubaiste atá tite air: ‘Ba léir dom um an dtaca seo, pé bua a bhí ag an ór, gur mó ab fhiú scáil duine ná a raibh d’ór is d’ollmhaitheas sa tsaol.’ Deirtear go mbíonn cáil duine ag imeacht roimhe; is léir go bhfuil scáil duine ag teacht ina dhiaidh ar comhthábhacht leis.

Ar aon dul scéal Shéadna, ní insint dhíreach ó thosach deireadh atá i gceist leis an scéal seo. Scéal laistigh de scéal atá anseo againn, nó litir laistigh de litir. Agus an t-údar ag cur ceann ar an scéal tugann sé sliocht dúinn as litir chuig cara leis, duine de lucht aitheantais Schlemihl agus é a rá go bhfuair sé an lámhscríbhinn ó dhuine a tháinig chuige gan choinne go moch ar maidin. Impíonn sé ar an té a bhfuil sé ag scríobh chuige an ‘scéal a cheilt ar an bpobal.’ Ansin caitear isteach in media res sinn i gCaibidil a hAon. Castar Peadar Schlemihl orainn agus é ag triall ar thigh boic mhóir darb ainm Tomás ‘ac Seoin agus litir aige dó, litir óna dheartháir. Ní deirtear riamh cad tá sa litir agus ní thugtar aon leid dúinn faoin bhfáth a bhfuil an príomhcharachtar san áit a bhfuil sé, ní thugtar le fios dúinn ach ‘go raibh sé buartha’. Duine bocht mí-ámharach is brí sa Ghiúdais leis an ainm Schlemihl agus dealraíonn sé go bhfuil tagairt ansin agus i ndeireadh an scéil don Ghiúdach Fáin agus go mb’fhéidir gur gné fháthchiallach den scéal é sin. Téama é sin atá spíonta ag cuid de na daoine a bhfuil tráchtaireacht déanta acu ar an scéal.

Tá tróp sin an ‘scéal laistigh de scéal’ feicthe go minic sna scéalta béaloidis – ba mhinic é in úsáid ag Amhlaoibh Ó Luínse, abair. Soláthraíonn sé slí isteach agus amach as an saol inmheánach scéiniúil sin ina bhfuil an príomhcharachtar gafa agus cabhraíonn linn idirdhealú a dhéanamh idir a scéal siúd agus ár scéal féin. Ar a shon sin is léir ag am céanna, don té a ligfeadh a leithéid lena ais, go mbaineann ábhar an scéil go dlúth le saol an ghnáthdhuine. Saghas tromluí is ea é a bhfuil gnéithe den saol inaitheanta agus de shaol na hosnádúrthachta agus na héigéille ag roinnt leis. Baineann an seánra áirithe, mar a bhaineann an béaloideas a bheag nó a mhór le scéal an uile dhuine, leis na cinntí sin a dhéanaimid i gcaitheamh an tsaoil, na, ceisteanna casta anacra sin a fhágann cráite, ciontach, cloíte sinn ar uairibh.

Fitear cúrsaí grá, cúrsaí gaisce agus cairdis, dílseacht an duine chomh maith le saint agus feall an duine, isteach sa scéal. An searbhónta dílis Bendel nuair a fhaigheann sé amach fírinne an scéil faoina mháistir, é a bheith ar easpa scáile, bíodh go bhfuil alltacht agus uafás air, léiríonn sé taobh an-daonna, carthanach, Críostaí dho féin. Seasann sé le Peadar agus seasann go deireadh aistir ar fad. ‘Déanfad an ceart, pé ní a thiocfaidh as dom,’ a deir sé. Agus is iad an daonnacht agus an fhéile dhaonna, beag beann ar chastaíocha crua an tsaoil, snáithe lárnach an scéil seo, is é a sholáthraíonn an suaimhneas intinne do Pheadar i ndeireadh báire. Glacann sé lena bhfuil i ndán dó gan a scáil, nach bhfaighidh sé ar ais go deo, tar éis dó sparán na scillinge a chaitheamh síos sa pholl mór dubh. Tá sé ar a shuaimhneas i ndeireadh a shaoil agus an scéal á reic aige agus ag cuimhneamh siar ar ’na drochghníomhartha i mbaois na hóige’ aige. Feicimid leis mar a ghlac beirt eile de na carachtair sa scéal, an searbhónta dílis, Bendel, agus Minna, an bhean a raibh Peadar i ngrá léi ach gur chuir eachtra na scáile deireadh leis an gcumann, gur tháinig siadsan leis chun réitigh lena ndán. Feictear an bheirt acu ag saothrú leo i ndeireadh an scéil ag fóirithint ar na heasláin i gcuimhne ar a seanchara, Peadar Schlemihl. Ar shlí is iad seo laochra an scéil, na miondaoine a dhéanann an ceart. Agus b’fhéidir gurb e sin go díreach a mheall daoine chuig an saothar seo i dtosach an naoú céad déag, agus gurbh é an dála céanna é ag lucht fin de siècle céad bliain ina dhiaidh sin, anuas go dtí ár linn féin, a bhféadfaí a mhaíomh ina leith go bhfuil deireadh ré de shaghas eile ag bagairt agus a bhfuil de chíor thuathail agus de ghealtachas timpeall orainn.

Is fiú go mór an scéal seo a léamh ar son stíl agus saibhreas teanga an Bhéaslaíoch leis. Fear ildánach ba ea é siúd agus dlúthbhaint aige, dar ndóigh, leis an réabhlóid chultúrtha agus pholaitiúil araon sa tír i dtosach an fichiú haois. Scríbhneoir ba ea é a shaothraigh mórchuid seánraí idir fhilíocht, úrscéalta, iriseoireacht, drámaí aistriúchán agus eile. Saghas Gabriel Rosenstock na haimsire sin ba ea é. Gabriel a bhfuil an oiread céanna agus tuilleadh seánraí saothraithe aige agus nach bhfuil  stad ná staonadh dulta ar a pheann le leathchéad bliain. Tá an-slacht curtha aige ar an saothar seo agus é curtha in oiriúint do lucht léite an lae inniu. Níor mhiste an sliocht breá méaldrámata seo a leanas a lua chun blaiseadh beag a fháil de stíl Bhéaslaí agus an sliocht tiontaithe go paiteanta go Gaelainn aige - gan aon rian den Ghearmáinis air ba dhóigh leat. Seo é Peadar Schlemihl agus é ag caint lena ghrá geal, Minna:
‘A Mhinna, m’anama,’ arsa mise, ‘in ainm Dé agus caith uait an chaint sin. Is beag is eol duit cad a bhíonn ag baint chodladh na hoíche dhíom. Dá mbeadh a fhios agat cé dhó ar thugais do ghrá! Nach léir duit ón dtocht seo im’ scornach agus ón gcreathán im’ bhallaibh buairt mhíchuibheasach dom’ thraochadh is dom’ chreimeadh as an saol gan sos gan suaimhneas, ach ní neosfainn mo rún duit ar Éirinn.’ Luigh sí ar lógóireacht agus thug na mionna nach scarfadh liom go brách.

Fáiltím go mór roimh an eagrán nua den leabhar seo, tréaslaím an obair ar fad leo siúd uile a raibh baint acu leis, leis na foilsitheoirí go háirithe. Seoidleabhar é le cur lena bhfuil foilsithe ag FÁS le tamall de bhlianta anuas, leabhair ardchaighdeáin atá ag cothú shaol liteartha agus cultúrtha na Gaeilge as an nua. Léitear é i faoi sholas cheisteanna móra na linne seo agus baintear sásamh as.