2021-01-19

Ag Smaoineamh ar Ziad Rahbani, ó Dheilí

Ghabh an t-uaigneas ina chreathán trí gach féith dhíom inniu
Mar a bheadh radadh gaoithe ann
A bheadh ag spraoi go díomhaoin ar shráideanna na cathrach seo
Agus ansin i gcorplár na hoíche
Dhúnas mo shúile is smaoiníos ar Ziad Rahbani.*
An lá cheana, nuair a bhain pléasc croitheadh as Béiriút
Ghabh uamhan mé is mé ag breathnú ar fhíseáin,
Deatach dearg agus na tonnta turrainge a dhein damáiste don chathair
Dhúnas mo shúile is smaoiníos ar Ziad Rahbani.
Bhraitheas neirbhíseach anocht
Is mé ag siúl síos go dtí m’arásán
Trí na caolsráideanna atá siúlta agam leis na blianta
Sa chathair seo
Agus nuair a bhaineas an baile amach
 
Dhúnas mo shúile is smaoiníos ar Ziad Rahbani.

5 Lúnasa, 2020
Azhar Uddin Sahaji

Múineann Azhar Uddin Sahaji Béarla in Ollscoil Dheilí. Scríobhann sé sa Bheangáilis agus sa Bhéarla.
 
(*cumadóir Liobánach)