2021-01-20

MIONLÉIRMHEAS: Hanáí istoíche

Wouter Vanhees : Hà Nội, Wednesday, 10:43 p.m.
Foilsithe ag Matca i gcomhar le Lao Dong Publishing House
144 lch, 64 grianghraf daite agus dhá aiste
Clúdach crua, 16×21.5cm
Teanga: Vitneaimis agus Béarla
500 cóip, sínithe agus uimhrithe
Luach: 30 EUR


Bhíomar ar fad ann, nach raibh? I scannán éigin. Bhíomar ann. Mise is tusa. In Hanáí. I gcathair réabtha. Tír réabtha.

Is é seo an chéad leabhar ag grianghrafadóir Beilgeach, Wouter Vanhees, duine atá ina chónaí i bpríomhchathair Vítneam ón mbliain 2015.


Cuid de na grianghraif uaigneacha seo, mheabhróidis péintéireacht Edward Hopper duit,  nó Giorgio de Chirico. Sin iad na grianghraif ann is fearr liomsa ach go háirithe. Domhan na scáthanna. Domhan taibhsí.

Is grianghraif a thógfadh turasóir ar bith, braithim, roinnt mhaith díobh, áfach. Mar sin féin, tá rud éigin speisialta ag baint leis an leabhar seo. 

Léimeann Vanhees ar a scútar gach oíche Chéadaoin ar 10.43 - is é sin a thug an teideal don leabhar neamhghnách seo! - agus glacann sé grianghraif d'fhoirgnimh éagsúla is de thithe na meánaicme faoi bhrat na hoíche:


Cathair stairiúil. Cathair atá ag athrú, thar oíche.