2021-01-12

Vitimín C

Bheadh ort a bheith an-cheanúil ar líomóidí chun €125 a íoc ar an leabhar seo! Mar sin féin, tá daoine a chaitheann an méid sin agus i bhfad níos mó ná sin ar leabhair de chuid Taschen - seoidleabhair don té a mbeadh bord caife aige, ball troscáin nach earra gann níos mó é in Éirinn ár linne.

Is plátaí lámhdhaite ón 18ú haois atá sa leabhar seo de chuid J.C. Volkamer, garraíodóir paiseanta as Nuremberg, tráth nach raibh torthaí citris sna hollmhargaí againn - ná an t-ollmhargadh féin, ar ndóigh. 

Ba leor an focal líomóid chun a mheabhrú don léitheoir i lár na hEorpa go raibh an ghrian ag feitheamh leis ó dheas. Ceann de na línte filíochta is cáiliúla sa Ghearmáinis ná 
Kennst du das Land wo die Citronen bluehn? 
(An eol duit an tír ina mbláthaíonn na líomóidi?) 

Tá cineálacha éagsúla torthaí citris á léiriú ann, 170 ar fad, a chuirfidh uisce le d'fhiacla!

Is féidir é a ordú anseo: