2021-02-21

Is Afracaigh Sinn: Mionléirmheas

 

Níl áit ar fud na cruinne
Nach ann a saolaíodh sinne  . . .

B'fhíor don Ríordánach. Ach má chaithimid áit amháin ar chlár na cruinne seo a roghnú, is é an Afraic é mar is ann a bhí cliabhán an chine seo againne. Ní maith leis an gciníoch é sin a admháil, go mba Afracaigh iad a shinsir ach is fíor é.

Duine a d'aithin an ceangal sin ab ea Peter Beard (1938 -2020), ealaíontóir. dialannaí, grianghrafadóir agus éiceolaí, agus d'aithin sé an ceangal atá againn lenár gcomh-ainmhithe san Afraic. 

Bhí Beard faoi thionchar Karen Blixen, údar Out of Africa, saothar ar bunaíodh scannán breá air. Finné ab ea Beard san Afraic ar shléacht 35,000 eilifint agus ainmhithe eile. Nach iontach mar a chaithimid lenár n-oidhreacht!

Más mian leat do chuid fréamhacha Afracacha a mhothú, tá an leabhar The End of the Game ar fáil arís agus le ceannach anseo ó Taschen ar €75: