2021-02-06

Takarai Kikaku (1661-1707)

 thall is abhus
froganna ag grágaíl san oíche
réaltaí ag lonrú

sprais samhraidh –
bean ina suí léi féin
ag stánadh amach

stopann na snáthaidí móra
dá nguairneán mire –
corrán caol na gealaí

nach álainn í an ré!
scáileanna na ngiúiseanna
ar na mataí

os cionn na mara
bogha síne glanta
ag scata fáinleog

i leaba an Impire
boladh na muiscítí dóite
is na gcogar anghrách

spraoi tintrí –
thoir inné
thiar inniu

a céile ite
ag an gcat, bean an chriogair
ag gol ní foláir