2022-03-29

Bás m'iníne

 Ceo

An mhaidin
a rabhamar chun cuairt a thabhairt ort
sa mharbhlann, a Éabha,
mheasas gur chuala mé bonnán ceo

Á, dá mbeadh
bonnán ann –
cúig nó deich mbliana ó shin –
a thabharfadh foláireamh dúinn go léir
go raibh d’aislingse
faoi cheo  . . .

Nach glé anois –
agus nach glórmhar é –
an radharc atá agat ar an tsíoraíocht!

In Memoriam

On the morning
we were to visit you
in the mortuary, Éabha
I thought I heard a foghorn

Ah, if only there had been
a foghorn
to warn us all –
five or ten years ago –
that your vision
of the future
had been dimmed . . .

How clear now must be –
how glorious –
your vision of eternity!