2024-02-22

An Corn Ollmhór a Bhí ag Tíotán

Thomas Cole

An bhfuil éinne ar domhan - aon duine amháin -
A déarfaidh liom cá bhfuil bhfuil sé, sa Ghréig nó sa Spáinn?
An corn ollmhór a bhí ag Tíotán!

An báid iad sin atá ar snámh ar a bharr?
An i ndomhan eile atá siad, istigh ina lár?
An corn ollmhór a bhí ag Tíotán!

An mbaineann sé le finscéal, an mbaineann sé le dán?
Nó le treibh chaillte éigin a chuaigh ar seachrán?
An corn ollmhór a bhí ag Tíotán!