2024-02-02

Pierre Jean van der Ouderaa - Rí Inse Tuile 


Bhí rí ann fadó
A bhí céad is a dó

Chaill sé a bhrí
In aois a céad is a trí

Nuair a bhí sé céad is a sé
Ar seisean, 'Cá bhfuil an lá inné?'

Nuair a bhí sé céad is a hocht
Ar seisean, 'Beidh céilí againn anocht!'