2024-02-01

An Fear as Cill Mhantáin

     Henriette Gudin - an Marcach cré umha



Bhí fear ina chónaí i gCill Mhantáin
"Tá duine á lorg agam, duine amháin

Duine nach n-inseodh bréag go brách
Duine macánta, duine lách."

Thaistil sé an domhan is é ag lorg mo dhuine
Bhí sé thall in Alasca agus i lár na Nua-Ghuine

Bhí trua ag na déithe dó, an-an-trua
Is dheineadar dealbh de, dealbh chré-umha