2024-02-03

Gilín Sneachta

Ferdinand Leeke

Bhí seachtar abhac istigh i bhforaois
Seachtar abhac a bhí ag dul in aois

An t-abhac ba shine díobh chomh sean leis an gceo
Ocht gcéad bliain d'aois, nó b'fhéidir níos mó

Chonaic siad Gilín Sneachta, ó nach í a bhí óg
Agus i ina codladh, ina luí ar an bhfód

"Má thugann sí póg dúinn, beimid óg arís
Ag léim is ag rith thart mar eilit san fhoraois."

NÓTA:
Cailleadh an chuid eile den dán seo, faraor. Níl a fhios againn cad a tharla sa deireadh. Ceaptar gur chum an file dhá chríoch éagsúla
ach nach raibh sé céad faoin gcéad sásta le ceachtar den dá chríoch sin.