2024-02-05

Iúpatar

Hans Thoma

A Iúpatair, a Iúpatair,
A Dhia na Báistí:
An seolfaidh tú toirneach chugainn
Is splancacha tintrí?

Nó an bhfuil tú i do chodladh?
An bhfuil tú i do luí?
Nó chomh marbh le hart?
Ní chloiseann tú mo ghuí . . .

Déithe na Róimhe,
Déithe síoraí!
Cathain a cuireadh sibh
Go léir ar fionraí?