2024-07-11

Leander Sukov (POETS OF THE PLANET)

 
 
 


When I was dreaming
a woman came to me.
She was holding a garden
in her hand.
That it was for sale
she whispered.
I paid a price.
The price was my waking.
She went with my sleep.
Just a memory
remained from my slumber
and its world.

Als ich träumte
kam eine Frau zu mir.
Sie hielt einen Garten
in ihrer Hand.
Dass er zu kaufen wäre
flüsterte sie.
Ich zahlte einen Preis.
Der Preis war mein Erwachen.
Sie ging mit meinem Schlaf.
Nur eine Erinnerung
blieb mir vom Schlummer
und seiner Welt.

As ik drööm
kööm en Fru to mi.
Se holt en Goorn
in ehr Hand.
Dat he to köpen weer
wisperde se.
Ik betahlde en Pries.
De Pries weer mien Opwaken.
Se gung mit mien Slaap.
Blot en Beholen
bleev mi vun' Slummer
un sien Welt

Agus mé ag taibhreamh
tháinig bean chugam.
Bhí gairdín aici
ina lámh.
Ar díol a bhí sé
ar sise i gcogar
D'íocas as.
An praghas ná gur dhúisíos.
D'imigh sí i dteannta mo shuainse.
Níor fhan dem chodladhsa
is den domhan sin
ach cuimhne

Leander Sukov is a writer from Hamburg who writes in German and Low German. His work is consistently politically characterised by the goal of a humane, exploitation-free world. Even in his love poems, the reflection of the world is always present. Sukov was vice-president of the German PEN Centre from 2019 to 2021, he is the secretary general of the Louise Aston Society* and the president of the Low German-Frisian PEN Centre (aspiring), which was founded in autumn 2023. In addition to works of fiction, he also writes theatre and literary reviews. He is a member of the federal executive committee of the Writers' Union (VS in ver.di) and is an active trade unionist.

2024-07-10

An Dara Báibil

 


The Second Babel


It is the Age of the Second Babel
we cannot hear our own neighbour
we cannot understand what he says
a dust storm arises
listen!
confusion reigns
we cannot  hear
look!
confusion reigns
we cannot see our own neighbour

An Dara Báibil


Is í Aois an Dara Báibil í
ní chloisimid ár gcomharsa féin
ní thuigimid cad atá á rá aige
éiríonn stoirm dheannaigh
éist!
an domhan ina chíor thuathail
ní chloisimid
féach
an domhan ina chíor thuathail
ní fheicimid ár gcomharsa féin


2024-07-09

Tráth chun Rince


 

Time to Dance

a time to mourn, and a time to dance (Ecclesiastes 3:1-8)
 
There's a time for this
and a time for that
a time for dancing
around the Golden Calf
But what time is this?                     
What is this time for?
What does this time mean
or any other time?
And what does it mean                           
when there’s no time left?
Is Chronos devouring his children?
Devouring the world?
There's no time for this
no time for that
no time for dancing
around the Golden Calf

Tráth chun Rince

tráth chun caointe, agus tráth chun rince (Leabhar Ecclesiastes 3:1-8)   
  
Tá tráth ann chun seo a dhéanamh
Tráth chun siúd a dhéanamh
Tráth chun rince a dhéanamh
Timpeall an Lao Óir
Ach cén tráth é seo anois?
Cad i gcomhair é?                      
Cad is brí leis an tráth áirithe seo
Nó tráth ar bith eile?
Agus nuair nach mbeidh tráth ar bith fágtha?
Cén bhrí a bhainfidh leis sin?
An bhfuil a chlann á slogadh ag Cronas?
An bhfuil an domhan á shlogadh aige?
Ní tráth é chun seo a dhéanamh
Ní tráth é chun siúd a dhéanamh
Ní tráth é chun rince a dhéanamh
Timpeall an Lao Óir

TYME TAE DAUNCE

Thair's a tyme fir this
an a tyme fir that
a time fir jiggin
aroon the Gowden Cauf
Bit whit tyme is this?
Whit's this tyme fir?
whit daes this tyme mean
or onie ither tyme?
An whit daes it mean
whan thair's nae tyme left?
Is Chronos rivin intil's bairns?
rivin intil the warl?
Thair's nae tyme fir this
nae tyme fir that
nae tyme fir jiggin
roon the Gowden Cauf.

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2024-07-08

Paidir ar son uisce

 

Paidir ar son Uisce


A Íosa,
gheallais
Uisce Beo
do bhean na Samáire
Uisce an Spioraid


Tá ganntanas uisce inniu
ar phobal na Palaistíne
gnáthuisce
uisce le n-ól
uisce chun iad féin a ní
uisce chun cócaireacht a dhéanamh

tá díhiodráitiú ag scaipeadh
agus an galar buinní

tugtar apartheid uisce anois
ar uisce atá in úsáid mar arm

tá córas cóireála uisce ag teastáil
Ó, a mhac Dé!
An seasfá ar garda
ar eagla go mbuamálfaí é?

Una oracion por el agua


Jesús
Agua viva
fue lo que prometiste
a la Mujer de Samaria
el agua del Espiritu

Hoy la gente de Palestina
necesitan agua
agua ordinaria
agua para beber
agua para lavar sus cuerpos
agua con que cocinar

la deshidratación está extendiéndose
y las enfermedades por diarreas

es lo que se llama el agua del geto
el agua es ahora usada como arma

una planta de tratamiento es necesaria
dulce Jesús
Puedes guardarnos
y asegurarnos que no nos bombarden?

Leagan Spáinnise: Patricia Jiménez


A Prayer for Water


Jesus
Living Water
is what you promised
the woman from Samaria
Water of the Spirit

Today the people of Palestine
lack water
ordinary water
water to drink
water to wash themselves
water with which to cook

dehydration is spreading
and diarrheal disease

in what is called water apartheid
water is now being used as a weapon

a water-treatment plant is needed
sweet Jesus!
Can you stand guard
and ensure it won't be bombed?

2024-07-07

Machnamh an Ainrialaí ar an tSaoirse

 

The Anarchist's Vision of Freedom


thorns . . .
forming a crown
thorns caused
by the intense suffering
of man's royal ego

thorns . . .

they can never cause
anything but suffering

when nations, tribes
and individuals
assert non-brotherhood
non-sisterhood
thorns sink deeper
and deeper
cutting through flesh and bone
to marrow and pith
until the world writhes
and screams
in the bondage of possessions
and illusions

thorns . . .

throw off your crown
embrace your brother and sister
be free of suffering


Machnamh an Ainrialaí ar an tSaoirse


dealga . . .
an choróin spíne
dealga
a fhásann as géarfhulaingt
ego ríoga an duine

dealga . . .


ní chruthaíonn siad riamh
ach fulaingt

nuair is é an neamhbhráithreachas
an neamhshiúrachas
a chuireann náisúin is treibheanna
chun cinn
gabhann na dealga
níos mó
agus níos mó
tríd an mbeo is tríd an gcnámh
go smior is go smúsach
go dtí go dtosnaíonn an domhan
ag scréachaíl is ag lúbarnaíl
ina sclábhaí ag a chuid maoine
is a chuid seachmall

dealga . . .

bain díot an choróin
beir barróg ar do dheartháir, do dheirfiúr
bí saor ón bhfulaingt

THE ANARCHRIST'S VEESION O SCOWTH


jaggies...
wrocht intae a croun
jaggies brocht aboot
bi the odious dool
o man's ryal ego

jaggies...

thair wey's dool an pyne
whan nations, clans
an chiels whae cum the peter ower
threep non-britherhood
non-sisterhood
jaggies slump ower the hurdies
deep in ower the hurdies
sneddin throuch flaish an bane
tae mergh an pith
till the warl thraws
an skirls
i the bondage o thingums
an geegaws

jaggies...

fling aff yer croun
oxter yer brither an sister
win free o dool an pyne!

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald



2024-07-06

Treibheanna i mBun Cogaíochta

 

Treibheanna i mBun Cogaíochta


Iarraimis ar an mBúda
a bheith ina Phríomh-Idirbheartaí
i measc treibheanna atá i mbun cogaíochta.
Cén fáth nach n-iarrfaimis?
Is léir
nach bhfuil ar chumas
uachtaráin Mheiriceá
idirbheartaíocht fhiúntach a dhéanamh:
Jimmy Carter
George H. W. Bush
Bill Clinton
George W. Bush
Barack Obama
Donald Trump
Joe Biden . . .

Ar fhágas ainm ar lár?
Nach cuma!

Pé créatúr a bheidh mar chéad Uachtarán eile
ar na Stáit Aontaithe, éist
an maródh sé thú mantra Búdaíoch a chanadh?
Om Tare Tuttare Ture Soha


Warring Tribes


Let us ask the Buddha
to act as Chief Negotiator
among warring tribes.
Why not?
Clearly, meaningful negotiation
is beyond the capabilities
of American presidents:
Jimmy Carter
George H. W. Bush
Bill Clinton
George W. Bush
Barack Obama
Donald Trump
Joe Biden . . .

Have I missed one?
Does it matter?

Whatever craythur is going to be the next President
of the United States, listen:
would it kill you
to chant a Buddhist mantra?
Om Tare Tuttare Ture Soha

Tribus guerreras


Preguntémosle al Buda
que actúe como Jefe Negociador
entre las tribus guerreras.
Porqué no?
Claramente, una negociación significativa
está más allás de las capacidades
de los presidentes Americanos:
Jimmy Carter
George H. W. Bush
Bill Clinton
George W. Bush
Barack Obama
Donald Trump
Joe Biden . . .

Se me quedó alguno?
Es importante?

Quien quiera que vaya a ser el próximo Presidente
de los Estados Unidos, escuchen:
les mataría
elcantar un mantra budista?
Om Tare Tuttare Ture Soha

Leagan Spáinnise: Patricia Jiménez

2024-07-05

Dáinín

 

Dáinín

Caithfidh mé treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfidh tú treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfidh sí treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfidh sé treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfimid treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfidh sibh treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfidh siad treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Caithfear treabhadh ar aghaidh
bealach amháin nó bealach eile
Treabhaimis ar aghaidh!


2024-07-04

Domhan Do-aitheanta

 

 
 
 
Domhan Do-aitheanta

Tá sé ag tarlú níos minice na laethanta seo
dúisímid i ndomhan do-aitheanta
ní aithnímid na naoimh thar na gadhair

féach! éist!
sceamhaíl an domhain mhire


Unrecognisable World

It's happening with increasing frequency
we awake and find ourselves in an unrecognisable world
not knowing saints from dogs

look! listen!
a world gone barking mad

2024-07-03

Paidir ar son na Palaistíne


 

Ealaín: Hans Thoma, Christus als Gärtner (1901) Críost mar Gharraíodóir  (agus keffiyeh le caoinchead Masood Hussain)

Poem-Prayer for Palestine


May there be wheat in abundance
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be barley in abundance
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be all manner of fruits and vegetables
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be dates and olives
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be peace among us
Lord hear us
Lord, graciously hear us
and water and music and poetry
to wash away the blood
blood of Jew, blood of Arab
blood of the believer, blood of the unbeliever alike
Lord hear us
Lord, graciously hear us!


Paidir-Dhán don Phalaistín


Go raibh cruithneacht ann go rábach
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Go raibh eorna ann go rábach
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Go raibh torthaí is glasraí de gach sórt ann
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Go raibh dátaí agus ológa ann go rábach
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna bí ceansa agus éist linn
Go raibh an tsíocháin linn
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
agus uisce agus ceol agus filíocht
a ghlanfadh an fhuil
fuil an Ghiúdaigh, fuil an Arabaigh
fuil an chreidmhigh, fuil an neamhchreidmhigh araon
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn!

-------------
An ekphrastic bilingual anti-war poem by Gabriel Rosenstock, in Irish and English (with recording)  in response to the ongoing bloody crisis in the Middle East.



2024-07-02

Éist go hAn-Ghéar

 Caitlin Johnstone


             

Éist go han-ghéar le scréachaíl na máthar
agus le seordán na ndrón
Éist go han-ghéar le bréaga fhear na nuachta
agus le tuairt na n-ollscartairí
Éist go han-ghéar leis an tanc agus leis an diúracán
agus iad á n-ullmhú chun catha.
Éist go han-ghéar leis an iasc atá ag fáil bháis
agus na hialtóga torthaí ag titim de chrannaibh de dheasca an teasa
Éist go han-ghéar le ga seá an bhithsféir
agus le holagón na mbundúchasach atá le fada sa chré.
Éist leis an tonnchrith thart ort
agus an tonnchrith istigh ionat.

Is áit bheannaithe é seo.
Is nóiméad beannaithe é seo.
Ní mór duit a bheith urramach,
fiú má tá boladh ón múch sceite is ón láithreán líonadh talún
agus ó na míolta móra atá á lobhadh cois cladaigh
agus ó na corpáin atá á lobhadh i nGaza
Fiú má tá scáileáin ag bladhradh agus bréagadóirí ag gáire
na pápaí póidiam agus bolscairí an Pheinteagáin.
Fiú i measc lucht diostóipe na súl marbh
agus iad ag máirseáil leo tríd an saol seo faoi bhriocht ag fóin chliste
ag an dráma grinn suímh, imeachtaí spóirt, scroideanna, earraí tacair.

Mar sin, éist.
Éist go han-ghéar


Tá teachtaireachtaí ann.
I bhfolach sa chód.
I lár na meiteashonraí.
Ráflaí faoi rud éigin mór.
Rud éigin faoi cheilt laistiar den chabaireacht.
Rud éigin ársa,
ach nach rabhthas ag súil leis.
Éist go han-ghéar, a chara chaoin,
mar glac uaimse é:
istigh sna haigéin atá tachta ag an bplaisteach,
istigh inár n-aigne atá tachta ag na meáin,
istigh inár gcroí atá tachta ag an gcaipitleachas,
istigh inár n-anam féin atá tachta ag an gcalaois,
is ann don leiviatan i gcónaí.



2024-07-01

Soseki

 

 
 
ag teacht le chéile
ag scaipeadh arís
lampróga os cionn na habhann

 nou gaitherin
 nou spreedin
 fireflees ower the watter
                                                    Scots: John McDonald

ahora cosechando
ahora esparciendo
luciérnagas sobre el río
                                                 Spanish: Patricia Jiménez

  τώρα τις βλέπεις
τώρα τις χάνεις
λαμπυρίδες στα νερά
                                                  Greek: Sarah Thilykou
sad se skupljaju
sad razilaze
krijesnice nad rijekom
                  
                                     Croatian: Tomislav Maretić