Caitlin Johnstone
Éist go han-ghéar le scréachaíl na máthar
agus le seordán na ndrón
Éist go han-ghéar le bréaga fhear na nuachta
agus le tuairt na n-ollscartairí
Éist go han-ghéar leis an tanc agus leis an diúracán
agus iad á n-ullmhú chun catha.
Éist go han-ghéar leis an iasc atá ag fáil bháis
agus na hialtóga torthaí ag titim de chrannaibh de dheasca an teasa
Éist go han-ghéar le ga seá an bhithsféir
agus le holagón na mbundúchasach atá le fada sa chré.
Éist leis an tonnchrith thart ort
agus an tonnchrith istigh ionat.
Is áit bheannaithe é seo.
Is nóiméad beannaithe é seo.
Ní mór duit a bheith urramach,
fiú má tá boladh ón múch sceite is ón láithreán líonadh talún
agus ó na míolta móra atá á lobhadh cois cladaigh
agus ó na corpáin atá á lobhadh i nGaza
Fiú má tá scáileáin ag bladhradh agus bréagadóirí ag gáire
na pápaí póidiam agus bolscairí an Pheinteagáin.
Fiú i measc lucht diostóipe na súl marbh
agus iad ag máirseáil leo tríd an saol seo faoi bhriocht ag fóin chliste
ag an dráma grinn suímh, imeachtaí spóirt, scroideanna, earraí tacair.
Mar sin, éist.
Éist go han-ghéar
Tá teachtaireachtaí ann.
I bhfolach sa chód.
I lár na meiteashonraí.
Ráflaí faoi rud éigin mór.
Rud éigin faoi cheilt laistiar den chabaireacht.
Rud éigin ársa,
ach nach rabhthas ag súil leis.
Éist go han-ghéar, a chara chaoin,
mar glac uaimse é:
istigh sna haigéin atá tachta ag an bplaisteach,
istigh inár n-aigne atá tachta ag na meáin,
istigh inár gcroí atá tachta ag an gcaipitleachas,
istigh inár n-anam féin atá tachta ag an gcalaois,
is ann don leiviatan i gcónaí.