2024-07-03

Paidir ar son na Palaistíne


 

Ealaín: Hans Thoma, Christus als Gärtner (1901) Críost mar Gharraíodóir  (agus keffiyeh le caoinchead Masood Hussain)

Poem-Prayer for Palestine


May there be wheat in abundance
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be barley in abundance
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be all manner of fruits and vegetables
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be dates and olives
and water
Lord hear us
Lord, graciously hear us
May there be peace among us
Lord hear us
Lord, graciously hear us
and water and music and poetry
to wash away the blood
blood of Jew, blood of Arab
blood of the believer, blood of the unbeliever alike
Lord hear us
Lord, graciously hear us!


Paidir-Dhán don Phalaistín


Go raibh cruithneacht ann go rábach
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Go raibh eorna ann go rábach
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Go raibh torthaí is glasraí de gach sórt ann
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Go raibh dátaí agus ológa ann go rábach
agus uisce
A Thiarna éist linn
A Thiarna bí ceansa agus éist linn
Go raibh an tsíocháin linn
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
agus uisce agus ceol agus filíocht
a ghlanfadh an fhuil
fuil an Ghiúdaigh, fuil an Arabaigh
fuil an chreidmhigh, fuil an neamhchreidmhigh araon
A Thiarna éist linn
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn!

-------------
An ekphrastic bilingual anti-war poem by Gabriel Rosenstock, in Irish and English (with recording)  in response to the ongoing bloody crisis in the Middle East.