2014-04-30

Cornish identity, part 2

Chruthaigh David Kemp, dealbhóir, an saothar seo as coisbheart mhianadóirí Chorn na Breataine.

Ar an lá seo 30 Aibreán

Ar an lá seo, 30 Aibreán, 1865, rugadh Max Nettlau, Ainrialaí Gearmánach agus Breatnaiseoir:
“Ní fhéadfadh fíordhaonnacht a bheith ann, ní fhéadfadh fíor-fhéinmheas a bheith ann, gan muinín a bheith againn asainn féin. Níl éinne in ann cabhrú leat mura gcabhróidh tú leat féin. Ní gheallaimidne go ndéanfaimid rud ar bith duit, nílimid ag lorg aon rud ort, ach achainímid ort comhoibriú linne chun go mbeadh an tsochaí in ann saoirse agus dea-bhail a chur ar fáil do chách.
Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, caithfimid go léir a bheith lán de spiorad na saoirse agus is í an tsaoirse sin – saoirse, an tsaoirse amháin – bunphrionsabal an Ainrialachais.
Tá an tsaoirse fíor-riachtanach má tá an cine daonna chun forbairt cheart a dhéanamh agus is í an tsaoirse an t-aon ní a gheallann a leithéid.”
“Is tríd an údarás a throid agus a dhúshlán a thabhairt a dhéantar dul chun cinn i gcónaí. Daoine móra sa stair – daoine a dhein obair cheart, is é sin obair a d’fhóin do dhul chun cinn an chine daonna trí dhlíthe a bhriseadh agus cur ina n-aghaidh, dlíthe a bhí in ainm is a bheith ann go brách – thaispeánadar bóithre nua dúinn go léir, d’osclaíodar talamh úr. Ceannaircigh ab ea iad …. Ní hamháin gur theastaigh uathu féin a bheith saor ach thuigeadar rud nár léir don dream a chuaigh rompu, is é sin chun go mbeimisne saor caithfidh daoine thart orainn a bheith saor chomh maith… Na ceannaircigh sin ar son na saoirse is an dul chun cinn is iad na hAinrialaithe iad i ngach tír agus is i gcomhpháirtíocht leosan a achainímid oraibh staidéar a dhéanamh ar ár gcuid prionsabal, ar ár ngluaiseacht agus má aontaíonn tú leo, bí linn sa streachailt in aghaidh an údaráis agus in aghaidh an dúshaothraithe - ar son saoirse agus séan do chách.”

Graifítí an Lae,

Tá mionlach beag daoine ann a thugann ealaíontóirí orthu féin. Molaimse go mbeadh gach éinne ina ealaíontóir.
Herbert Read 
(The Grass Roots of Art, 1947)

2014-04-29

Ar an lá seo 29 Aibreán

Ar an lá seo, 29 Aibreán, 1933, cailleadh Constantin Cavafy
Tá saothar leis aistrithe san leabhar Tá na Barbaraigh ag teacht inniu atá ar fáil ó Litríocht.

How I Got Over / MAR A THÁNA TRÍD

 


Mar a thána tríd
Conas a tháinig me tríd
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd
Mar a tháinig mé tríd
Ag leanúint orm an t-am go léir
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.

Conas a tharla sé, 'Thiarna,
Bhí sé thar a bheith deacair teacht tríd muise
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a thánamar tríd
Conas a tharla sé, 'Thiarna,
Is fada ag titim is ag éirí mé
Ach, a anam, féach siar is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.



      Ach feicfead Íosa go luath
      A céasadh ar son cách
      Fuil a chroí ag sileadh
      Óna cholainn chaomh lách

     
Buíochas leis as mé a thabhairt as an bhfásach
As gach aon rud a mhúin sé dom mar dhalta
Buíochas as mé a choimeád slán
Is buíochas leis nár lig sé dom dul ar fán
Gabhaim buíochas leis as an sean-reiligiún
Is gabhaim buíochas leis as an bhfís a chur chugainn
Lá breá éigin beidh mé ag canadh sa Chór
Is canfaidh mé gan traochadh go deo.

Is canfaidh mé ansin gar d’altóir Dé
Agus imeoidh mo chuid trioblóidí ina n-éamh
Caithfidh mé buíochas a ghabháil le mo Thiarna
As a bheith chomh caoin, yé,
Is mar a tháinig mé tríd
B’éigean dom caoineadh i lár na hoíche is mé ag teacht tríd
Ach a anam, féach siar is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.
Abair liom conas a tháinig mé tríd, a Dhé,
Éirí, titim, an t-am go léir
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.

Táim chun diamaint a chaitheamh, tá,
Sa Nua-Iarúsailéim
Is siúl ar na sráideanna óir
Is ann ’tá an sean-fhód.
Is feicfead lucht an tsíoda ghlé
Táid ag taisteal ó inné
Táid ag teacht anois le chéile
Gach aon chine a shíolraigh ó Éabha
Anoir, aduaidh, aneas, aniar
Is iad ar fad ag lorg scíthe
Is beidh siad ar fad ag canadh sa Chór
Agus beimid ag canadh is ag canadh go deo

Is canfaimid ansin gar d’altóir Dé
Agus imeoidh ár gcuid trioblóidí ina n-éamh
Caithfear buíochas a ghabháil
As gach aon ní a chur ar fáil

Táim anseo tráthnóna le rún buíochais
Yé táim anseo le rún buíochais
An oíche ar fad choinnigh Dia a chuid aingeal
Os mo chionn,
Go moch ar maidin, go moch ar maidin
Arsa Dia lena aingeal: bí léi i m’áitse
Ar sé: bí léi i m’áitse.
D’éiríos ar maidin, d’éiríos ar maidin, d’éiríos ar maidin
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú,
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú
Tá fonn orm liú a ligean chugat, a Dhé, a ligean chugat, A Dhé,
A ligean chugat a Dhé, is buíochas a ghabháil
As gach aon ní a fháil, cuireadh gach ar fáil.

2014-04-28

Ar an lá seo 28 Aibreán

Le Farisori
Ar an lá seo, 28 Aibreán, 1953, rugadh Roberto Bolaño
D’fhéadfá cailín a mhealladh le dán ach ní fhéadfá í a choinneáil le dán. Ná fiú le gluaiseacht filíochta.
“Tá an léitheoireacht cosúil le bheith ag smaoineamh, ag guí, ag labhairt le cara, ag cur do chuid smaointe in iúl, ag éisteacht le smaointe daoine eile, ag éisteacht le ceol, ag breathnú ar radharc, ag siúl ar an trá.”
“Is dócha go dtugaimid go léir, scríbhneoirí agus léitheoirí araon, aghaidh ar an deoraíocht, nó deoraíocht de shaghas ar leith, nuair a fhágaimid an óige inár ndiaidh … ”
“Ólaigí suas, a leaideanna, ólaigí suas agus ná bíodh aon bhuairt oraibh, má chaithimid siar an buidéal seo raghaimid síos agus ceannóimid ceann eile. Ar ndóigh, ní hé an buidéal céanna a bheidh ann is atá anois againn ach fós féin, beidh sé níos fearr ná faic. Á, nach é an trua é nach ndéantar Los Suicidas mescal a thuilleadh, nach é an trua é go n-imíonn an t-am, nach dóigh libh? Nach é an trua go gcailltear sinn, go n-éirímid sean agus gach aon ní fónta ag imeacht uainn de shodar.”
“Táim ag fáil bháis anois, fós féin tá scata rudaí agam le rá.”

2014-04-27

Amhrán na Cruinne

Earth Song


Listen to things more often than beings.
Hear the voice of the fire, hear the voice of the water,
Listen in the wind to the sighing of the bush:
This is the ancestors breathing.
Those who are dead are never gone;
The dead are not down in the earth:
They are in the trembling of the trees,
In the groaning of the woods,
In the water that runs, in the water that sleeps,
They are in the hut, they are in the crowd.
Those who are dead are not ever gone;
They are in the woman's breast, they are in the wailing of a child,
They are in the burning log and in the moaning rock.
They are in the weeping grasses, in the forest and the home.
Listen to things more often than beings.
Hear the voice of fire, hear the voice of water.
Listen in the wind to the sighing of the bush.
This is the ancestors breathing.

 
(Traditional from Senegal, translator unknown)


Éist le nithe níos minice ná le neacha.
Éist le guth na tine, éist le guth an uisce,
Éist leis an ngaoth is le hosnaíl na dtor:
Análú na sean.
Ní imithe uainn atá na mairbh;
Ní thíos sa chré atá na mairbh:
I gcreathán na gcrann atáid,
In och na gcoillte,
San uisce ag rith is san uisce fá shuan,
Sa bhothán, i measc an tslua,
Ní imithe uainn atá na mairbh;
In ucht na mban atáid, i gcaoineadh linbh,
An lomán á dhó, ochlán na gcloch.
Sna féara ag éagaoineadh atáid, sa bhforaois, sa bhaile.
Éist le nithe níos minice ná le neacha.
Éist le guth na tine, éist le guth an uisce.
Éist le hosnaíl na dtor ar an ngaoth.
Análú na sean.
 

Ar an lá seo 27 Aibreán

Ar an lá seo, 27 Aibreán, 1810, chualamar píosa ceoil ar an bpianó ó Ludwig van Beethoven:
Elise, a stór, an bhfuil tú ag éisteacht?

Graifítí an Lae: Shaw

Ní aontaímse le rud ar bith. 
George Bernard Shaw

2014-04-26

Fógra: Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain / The Ó Briain Memorial Lecture



An tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise, a thabharfaidh an léacht tionscnaimh dar teideal ‘Macbeth - Making a Monster’

Dé Máirt, 14 Aibreán, 2014 Tionólfar Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain faoi choimirce Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr mar chomhartha ómóis do Mháirtín Ó Briain. Is é an tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise, Penn State University a thabharfaidh an léacht Dé Máirt, an 29 Aibreán, ag a 4 a chlog, in Amharclann McMunn in OÉ Gaillimh.
Deich mbliana go ham seo a d’imigh uainn, in aois a 53 bliain, an scoláire teastúil Máirtín Ó Briain. Mar chomhartha ar an meas agus ar an ngean a bhí ar Mháirtín, agus mar chomóradh ar thráth a imeachta uainn, reáchtálfaidh Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Léacht Uí Bhriain / The Ó Briain Lecture ina onóir. Deis a bheas i Léacht Uí Bhriain an réim idirnáisiúnta a bhain le saothar an Bhrianaigh a mhóradh agus a chuimhne a bhuanú.
Cé gur beag réimse de Léann na Gaeilge ón Oghamchraobh aniar nach raibh suim agus saineolas ag Máirtín ann, ba í an Fhiannaíocht a chéadrogha agus sméar mhullaigh an léinn aige. Is é a sheanchara dílis an tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise in Penn State University, a thabharfaidh an léacht tionscnaimh dar teideal “Macbeth – Making a Monster”. 
Tá aithne idirnáisiúnta ar an Ollamh Hudson mar shaineolaí ar mhuirchríoch an Atlantaigh sa Mheánaois, go mór mór ar an trácht mara idir Éirinn, Manainn, agus an Bhreatain. I measc a chuid leabhar, tá Irish Sea Studies: A.D. 900-1200 (Dublin: Four Courts Press, 2006), agus Viking Pirates and Christian Princes; Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic (Oxford: Oxford University Press, 2005).
Dé Máirt, an 29 Aibreán, ag a 4 a chlog, in Amharclann McMunn, a thabharfar an léacht. Beidh sólaistí le fáil ina diaidh. Cuirfear fáilte chroíúil roimh chuile dhuine go mór mór roimh an bpobal.
Tá eolas breise le fáil ón Dr Feargal Ó Béarra, Roinn na Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí, agus na gCultúr, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 091-493369.

MACBETH—MAKING A MONSTER
Professor Benjamin Hudson
Professor of History and Medieval Studies, Penn State University, USA
The story of Macbeth has fascinated audiences for centuries. As the historical prince was replaced by legend, the tale became a treasure trove of motifs and characters borrowed from medieval literature found from Ireland to Iceland and beyond. Beginning with the famous Scottish highland/lowland divide that separated Gaelic-speakers from their eastern compatriots, there are parallels with the Middle Irish tale ‘The Second Battle of Moytura’, characters from Scandinavian mythology, and the formal debate of the scholastic methods of the medieval university. Early in the seventeenth century, a London playwright named William Shakespeare wrote The Tragedie of Macbeth. The power of his story is visible from its reinterpretations. In nineteenth-century Italy there was Giuseppe Verdi’s Macbeth (1865), from the former Soviet Union came Dmitri Shostakovich’s Lady Macbeth of the Mtsensk District (1934) while more recently Yukio Ninagawa's 1980 production of Macbeth was set in sixteenth-century Japan, and American fast-food culture provides the background to Billy Morrissette’s Scotland, PA (2001). Tracing the development of Macbeth’s legend leads to a fresh appreciation of the debt that Shakespeare’s play and its descendants owe to the literature of the medieval Atlantic world.
Íomhá Ron Rosenstock
cocaí féir . . .
á, ni raibh ann
ach brionglóid
haystacks . . .
ah, it was all
a dream

Ar an lá seo 26 Aibreán

Ar an lá seo 26 Aibreán, 1886, rugadh Ma Rainey

Na Gormacha Éagaointeacha 


Mmmn, mmmn
Mmmn, mmmn


Do bhuail an clog ar maidin, n’fheadarsa cá raibh mo thriall
Do bhuail an clog ar maidin, n’fheadarsa cá raibh mo thriall
Bhí mé chomh gorm sin
Shuíos ar an urlár síos.

Shocraíos go rachainn ar an sliabh, léim sa mhuir mé féin a bhá
Shocraíos go rachainn ar an sliabh, léim sa mhuir mé féin a bhá
Nuair a bhíonn mo Dhaidí amuigh, níl aon spéis aige sa ghrá

Mmmnn, mmmn
Mmmmn, mmmn

Daidí, daidí, tar abhaile, fan
Daidí, daidí, tar abhaile, fan
Táim ar mo shlí, is as mo mheabhair glan.

2014-04-25

Īweriū-A Trailer for a Film Concept About Ireland

Ar an lá seo 25 Aibreán

Ar an lá seo 25 Aibreán, 1917, rugadh Ella Fitzgerald:
Breá liom Páras

Nuair a fhéachaimse síos ar an mbaile seo thíos
Bíodh na spéartha gorm nó liath
Bíodh sé glórach go leor nó é ag sileadh na ndeor
Tuigtear dom i gceart dar fia

Gur breá liom Páras insan earrach
Breá liom Páras insan fhómhar
Breá liom Páras sa gheimhreadh, é leathbháite
Breá liom Páras sa samhradh, é leathscallta

Breá liom Páras ins gach aon chuid
Gach aon chuid den bhliain iomlán
Breá liom Páras, canathaobh ar breá liom Páras
Láimh liom tá mo ghrá bán.

Breá liom Páras insan earrach
Breá liom Páras insan fhómhar
Breá liom Páras sa gheimhreadh, é leathbháite
Breá liom Páras sa samhradh, é leathscallta

Breá liom Páras ins gach aon chuid
Gach aon chuid den bhliain iomlán
Breá liom Páras, canathaobh ar breá liom Páras
Láimh liom tá mo ghrá bán.

Roinnt dánta le Gabriel

Yiorgos Chouliaras a chuir Gréigis orthu

 Γκάμπριελ Ρόζενστοκ
 Απόδοση: Γιώργος Χουλιάρας

Στον σύζυγό μου που μοχθεί στο Μέγα Τείχος

Χαιρετισμούς στέλνω, Άρχοντα της ψυχής μου και Κύριε της καρδιάς μου.
Επτά ατελείωτοι μήνες τώρα αφότου είδα τα ευγενικά χαρακτηριστικά σου
Και από τότε κάθε άστρο στο στερέωμα έχει σκοτεινιάσει
Η σελήνη η ίδια κρύβει από εμάς το πρόσωπό της!
Ο άνεμος μεταφέρει ειδήσεις φρίκης από τον βορρά –
Ότι το ρύζι σας σπανίζει κι ακόμη περισσότερο το κεχρί
Ότι η παγωνιά πάνω σας κολλά σαν λάσπη
Ότι ο αέρας μαύρισε από τα κοράκια
Ότι τα βέλη των Βαρβάρων βροχή πέφτουν πάνω σας
Ότι το Μέγα Τείχος σαν δράκος γλιστρά
Πάνω από βουνό και έρημο.

Πρόσφατα και άλλοι άντρες από την περιοχή μας
Έχουν επιστρατευθεί. Δεν θα αναφέρω ονόματα.
Λόγιοι και ποιητές. Στην πυρά έκαψαν τα χειρόγραφά τους.
Τους έδεσαν όλους μαζί με σκοινιά
Και, πετροπρόσωποι, αμίλητοι, ξεκίνησαν για τον βορρά.
Δυό μήνες μπροστά τους να περπατούν ξυπόλυτοι ... και γιατί;
Ένα τείχος να μας προστατεύσει από τον Παγωμένο Βορρά.
Είναι αλήθεια όσα λένε για τις φυλές των νομάδων;
Την κατάρα μου να έχουν!
Ότι τρώνε τα δικά τους παιδιά
Σε εποχές λιμού;
Ότι στις παλάμες τους φυτρώνει κόκκινη γούνα;
Αν μόνο έλαμπε απόψε η σελήνη
Κι εσύ – της καρδιάς μου αναλαμπή – την έβλεπες ...
Πραγματικά νομίζουν ότι αυτό δεν θα τελειώσει ποτέ;
Κόντρα στον άνεμο, κόντρα στη βροχή,
Κόντρα στην παγωνιά, κόντρα στους Βαρβάρους;

Στην ύπαιθρο εδώ βασιλεύει ο τρόμος.
Μόλις τις προάλλες
γεννήθηκε ένα δικέφαλο πουλάρι!

Ο άνεμος υπαινίσσεται προδοσία διαμέσου των πεύκων.
Μια πεσκανδρίτσα πετάχτηκε από τον Κίτρινο Ποταμό

Στάθηκε στην όχθη και διακήρυξε σε παράξενη γλώσσα:
«Στον βορρά, τα κόκκαλα της νύχτας
Λάμπουν στο Αργυρό Ποτάμι του Γαλαξία».

Αφότου έφυγες, ένας έρημος τοίχος κύκλωσε την καρδιά μου.
Γύρισε και γκρέμισέ τον, άρχοντα της ψυχής μου. Αλλά σύντομα.
.

ΟΝΟΥΦΡΙΟΣ

Είμαι ο Ονούφριος
η φωνή
η σιωπή της ερήμου
τα μόνα ρούχα μου
οι τρίχες στο σώμα.

Ήμουν κάποτε μια γυναίκα σπάνιας ομορφιάς
έπειτα ο Θεός μου έδωσε γένια
όπου φυσά η αύρα του Παραδείσου

Είμαι ο Ονούφριος
τα γλυκά λόγια του Θεού με συντηρούν
και σβήνουν τη δίψα μου.


Μια κοιλάδα στο Μεξικό

Μια κοιλάδα στο Μεξικό,
μακριά από την πραγματικότητα.
Η σημαντικότερη μέρα του χρόνου
μια ιπποδρομία που με άλλη δεν μοιάζει.

Χωρίς σημείο εκκίνησης, χωρίς γραμμή τερματισμού.

Άντρες πάνω σε άλογα τριγυρίζουν στο χωριό
σε ρυθμό αβίαστο.
Με μανία; Ποτέ,
ονειρικά, ατάραχα,
πηγαίνουν γύρω γύρω
όλη μέρα.
Γυναίκες σηκώνουν το κεφάλι τους από το κέντημα
ή όχι.

Κανείς δεν κερδίζει, κανείς δεν χάνει.
 .
Καβαλάρηδες που επικεντρώνονται μόνο
στον καλπασμό, τον ρυθμό,
το κλιπ-κλοπ των οπλών,
περιστασιακό χρεμετισμό, χλιμίντρισμα, φύσημα.

Κανένα συμπέρασμα.
Ο αγώνας σβήνει με τη δύση του ήλιου.
Αστέρες σε έναν αγώνα ανάδειξης.

Πριν πολύ καιρό.
Τώρα βλέπουν τηλεόραση. Όλα στα ισπανικά.




Γυναίκα για την ανακούφιση των στρατιωτών:
Ένας βετεράνος θυμάται

Ήταν σαφές πως είχε χάσει το μυαλό της
όπως εγώ είχα χάσει την ψυχή μου

Ένα πρωί
ο ήλιος κοκκίνισε πάνω από βρυχώμενο λαβύρινθο δέντρων.
Πώς να ξεχωρίσεις το αίμα από την πρωινή δροσιά;
Έσχισα όλα μου τα χαϊκού

Για χρόνια αργότερα
το στόμα μου στράβωνε
η γυναίκα μου είπε, Έπαθες εγκεφαλικό!
όχι, είπαν τα μάτια μου, το λευκό μέσα τους πηγμένο

Οι παλιές απολαύσεις δεν προσφέρουν τίποτε.
Καλλιγραφία; Το πινέλο δεν είναι ζεστό στο χέρι μου
Κηπουρική;
Περισσότερος θάνατος
από ζωή στο χώμα.
Η έξοχη πομπή των εποχών;
Σκηνογραφία που καταρρέει!

Μετά τον πόλεμο
σκοτώθηκε πηδώντας από ψηλά
βγάζοντας τον σφυριχτό κλαυθμό ενός αετού

η εικόνα σβήνει ...
πρόκειται για ταινία: την είδα σε ιστορικό κανάλι
περίπου έξι δευτερόλεπτα

ήσουν εσύ;

Τα γράφω αυτά
ώστε τα παιδιά και τα εγγόνια μου και τα παιδιά τους
να γνωρίζουν τη λύπη μου

Ένα φύλλο μόλις προσγειώθηκε στη βεράντα
Το σηκώνω, νιώθω τις φλέβες του
και σχεδόν πνίγομαι: ο χρόνος περνά, μια ανοιχτή πληγή.

Πήγα για να πεθάνω για τον Αυτοκράτορα
και έζησα. Με κατατρώει η ντροπή ...
γυναίκα για την ανακούφιση των στρατιωτών,
ποιο ήταν το όνομά σου



Ο τελευταίος ταχυδρόμος
(για τον Vishnu Khare)

Ο ταχυδρόμος περνά πάνω στο ποδήλατό του
κατεβασμένο κεφάλι, ξεφυσώντας
λες και κουβαλά το βάρος όλου του κόσμου:
λογαριασμούς, ειδοποιήσεις έξωσης, κλητεύσεις
την απελπισμένη ασυνάρτητη ποίηση του ανεκπλήρωτου έρωτα
τη λιτανεία ενός μετανάστη από μακρινές ακτές.
Σύννεφα βροχής έρχονται κλεφτά από τη δύση βαριά όπως το φορτίο του
επιστολών που εκφράζουν συμπάθεια, διαφημιστικής αλληλογραφίας
τελικών προειδοποιήσεων από την τράπεζα, την εφορία, την ηλεκτρική εταιρεία
δακρύβρεκτα φυλλάδια φιλανθρώπων, αγόρια με μύγες στα πρόσωπά τους
ένα προσωπικό σημείωμα από τον τοπικό πολιτικό, Αγαπητέ Κύριε ή Κυρία
κάρτες που ξύνεις να κερδίσεις, όλα αυτά πρέπει να κουβαλά
και τη γνώση ότι πλησιάζει το τέλος της εποχής των επιστολών.

Και θα τολμήσει άραγε να βγει νωρίς κάποιο πρωί, με τον σάκο του άδειο;
Ο τελευταίος ταχυδρόμος.


Ένα ποίημα στα ιρλανδικά με μετάφραση στα αγγλικά




ΜΠΑΡΜΠΟΥΝΙ ΚΑΤΩ ΑΠΟ ΤΗ ΓΕΦΥΡΑ Ο’ΚόΝΕΛ

Είχαν μαζευτεί στην προκυμαία Ήντεν
Να δουν τα ψάρια κάτω από τη γέφυρα.
Κάποιος μικρόσωμος με γκρι τραγιάσκα πέρασε.
«Μπαρμπούνι!» είπε,
«Καλός καιρός για έξι βδομάδες.»

Και έτσι ήταν.
Ο ήλιος βγήκε.
Το ίδιο φως φώτιζε
Τον Καθεδρικό της Εκκλησίας του Χριστού
Το Κολέγιο Τρίνιτι
Την Τράπεζα της Ιρλανδίας
Ένα μικρομάγαζο που αμπάρωσαν με σανίδες
Όπου έκοβαν κλειδιά κάποτε
Και ακόνιζαν μαχαίρια.

Έψαχνε για ό,τι είχε απομείνει
Από τους Βίκινγκ και τους Κέλτες
Φώτιζε σχολεία
Νοσοκομεία, ταβέρνες και φυλακές,
Πάρκα και σπίτια και τον Ζωολογικό Κήπο:
Με μαϊμούδες να το υποδέχονται με ανοιχτές αγκάλες.

Ο ήλιος εξακτινώθηκε σε πλακόστρωτους δρόμους
Και σοκάκια
Στα καλοκαιρινά φορέματα νέων γυναικών
Δίπλα στον ποταμό Λίφι
Και στα ψάρια –
Που μετά βίας εκινούντο –
Μπαρμπούνι: είχαν δει το μέλλον.

2014-04-24

Liu Shifu

Liu Shifu


Is tú a bhunaigh
Cumann na gCoileach ag Glaoch sa Dorchadas

Cloisim thú
Cloisim do liú!

Ar an lá seo 24 Aibreán

Ar an lá seo 24 Aibreán tharla Éirí Amach na Cásca
RIALTAS SEALADACH PHOBLACHT NA hÉIREANN DO MHUINTIR NA hÉIREANN.

A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN: in ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sí a seanoideas mar náisiún, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son a saoirse.

Tar éis di eagar agus oiliúint a chur ar a cuid fear trí mheán a heagraíochta réabhlóidí rúnda, Bráithreachas Poblachtach na hÉireann, agus trí mheán a heagraíochtaí míleata oscailte, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tar éis di a féinsmacht a fhoirbhiú go foighneach, tar éis di fanacht go seasmhach le teacht an lae chirt, beireann sí anois ar an bhfaill agus, le cabhair óna clann atá ar imirce uaithi i Meiriceá agus ó chomhghuaillithe calma san Eoraip, ach ag brath sa chéad áit ar a neart féin, buaileann sí agus lán-dóchas aici go mbainfidh sí an bua.

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian. Níor chealaigh an forlámhas a d'imir cine agus rialtas eachtrannach ar feadh i bhfad an ceart sin, ná ní féidir é a chealú go deo ach amháin trí dhíothú mhuintir na hÉireann. I ngach glún dhearbhaigh muintir na hÉireann a gceart chun saoirse agus flaitheas an náisiúin: sé uaire le trí chéad bliain anuas dhearbhaíodar é faoi arm. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunúsach sin agus á dhearbhú arís faoi arm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann mar Stát Ceannasach Neamhspleách, agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún.

Tá ceart ag Poblacht na hÉireann ar dhílseacht fhir agus mhná na hÉireann agus éilíonn sí an dílseacht sin. Ráthaíonn an Phoblacht saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach, agus fógraíonn sí gur rún di sonas agus séan an náisiúin go hiomlán agus an uile pháirt di a bhaint amach agus í chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin agus gan beann aici ar na difríochtaí a chothaigh rialtas eachtrannach go cúramach agus a dheighil mionlach ón móramh san am atá thart.

Go mbaineann ár n-airm uain chaoithiúil amach le haghaidh bunú Rialtais Naisiúnta bhuain a bheidh ionadaíoch de mhuintir uile na hÉireann agus a thoghfar le vótaí a cuid fear agus ban uile, riarfaidh an Rialtas Sealadach a bhunaítear leis seo gnóthaí sibhialta agus míleata na Poblachta ar iontaobhas don phobal.

Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht agus impímid a bheannacht ar ár n-airm, agus guímid nach dtarraingeoidh aon duine i seirbhís na cúise sin easonóir uirthi le meatacht, le mídhaonnacht ná le slad. In uair seo na cinniúna, ní foláir do náisiún na hÉireann, trína misneach agus a dea-iompar, agus trí thoil a clainne iad féin a íobairt ar son leas an phobail, go dtuillfidh sí an réim ró-uasal is dán di.

arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh:
Tomás Ó Cléirigh
Tomás Mac Donnchadha
Éamonn Ceannt
Seán Mac Diarmada
Pádraig Mac Piarais
Séamas Ó Conghaile
Seosamh Pluincéad

2014-04-22

The Sowing of Meanings

By Thomas Merton
(1915 - 1968)

See the high birds! Is their's the song
That dies among the wood-light
Wounding the listener with such bright arrows?
Or do they play in wheeling silences
Defining in the perfect sky
The bounds of (here below) our solitude,

Where spring has generated lights of green
To glow in clouds upon the sombre branches?
Ponds full of sky and stillnesses
What heavy summer songs still sleep
Under the tawny rushes at your brim?

More than a season will be born here, nature,
In your world of gravid mirrors!
The quiet air awaits one note,
One light, one ray and it will be the angels' spring:
One flash, one glance upon the shiny pond, and then
Asperges me! sweet wilderness, and lo! we are redeemed!

For, like a grain of fire
Smouldering in the heart of every living essence
God plants His undivided power --
Buries His thought too vast for worlds
In seed and root and blade and flower,

Until, in the amazing light of April,
Surcharging the religious silence of the spring,
Creation finds the pressure of His everlasting secret
Too terrible to bear.

Then every way we look, lo! rocks and trees
Pastures and hills and streams and birds and firmament
And our own souls within us flash, and shower us with light,
While the wild countryside, unknown, unvisited of men,
Bears sheaves of clean, transforming fire.

And then, oh then the written image, schooled in sacrifice,
The deep united threeness printed in our being,
Shot by the brilliant syllable of such an intuition, turns within,
And plants that light far down into the heart of darkness and oblivion,
Dives after, and discovers flame.


Féach os ard an éanlaith! An leo an chantain
Atá ag éag i solas na coille
An t-éisteoir á ghoineadh le saigheada na gile?
Nó an ag spraoi i bhfáinní tosta iad
Teorainneacha ár n-uaignis (anseo thíos)
Á dtarraingt acu i bhfirmimint gan cháim

Áit a bhfuil soilse glasa ginte ag an earrach
Le lonrú ina néalta ar ghéaga gruama?
Linnte lán de spéartha agus de thostanna
Cad iad na hamhráin samhraidh throma atá fós faoi shuan
Ar bhur mbruacha faoina ngiolcach chrón?

Is  mó ná séasúr a shaolófar anseo, a dhúlra,
Id’ dhomhansa de scátháin smaointeacha!
Tá an t-aer ciúin ag súil le nóta amháin,
Solas amháin, ga amháin agus earrach na n-aingeal a bheidh ann:
Scal amháin, sciorr-laom ar an linn lonrach, is ansin
Asperges me! A dhíseart m’anama, is  féach! slánaíodh sinn!
Mar, ar nós gráinne tine
Ag cnádadh leis i gcroí an uile ní beo
Cuireann Dia a chumhacht dhoroinnte –

Adhlacann a aigne atá rófhairsing do dhomhain
I síol is i bhfréamh is i seamaide is i mbláth,

Go dtí, faoi sholas iontach Aibreáin,
Tost cráifeach an earraigh faoi ualach róthrom
Níl an saol in ann brú uafásach an Rúin shíoraí Aige
A fhulaingt níos mó.

Ansin, soir siar is gach aon áit, féach! carraigeacha is crainn
Féaraigh is cnoic is srutháin is éanlaith is an fhirminint
Is ár n-anam ionainn ina laom, ár mbá sa ghile,
Is an dúiche fhiáin, aineoil, gan lorg chos an duine,
Lán de laom-phunainn  ghlana ár gclaochlaithe.
Is ansin, Ó, an íomhá scríofa ansin atá oilte ar íobairt,
An trí duibheagánach aontaithe atá clóite ionainn,
Criathraithe ag siolla soilseach an iomais sin, casann isteach,
Is cuireann an solas sin síos síos i gcroí an dorchadais is na díchuimhne,
Tumann is aimsíonn an lasair sa tóir.

Ar an lá seo, 22 Aibreán

Ar an 22 Aibreán, 1891, rugadh Nicola Sacco
Tá na litreacha a scríobh sé agus é i bpríosún an-chorraitheach. Seo sliocht as litir a scríobh sé go dtí a iníon, Ines, ar an 19 Iúil, 1927:
It is quite hard indeed to make you understand in your young age, but I am going to try from the bottom of my heart to make you understand how dear you are to your father's soul. If I cannot succeed in doing that, I know that you will save this letter and read it over in future years to come and you will see and feel the same heart-beat affection as your father feels in writing it to you.
I will bring with me your little and so dearest letter and carry it right under my heart to the last day of my life. When I die, it will be buried with your father who loves you so much, as I do also your brother Dante and holy dear mother.
You don't know Ines, how dear and great your letter was to your father. It is the most golden present that you could have given to me or that I could have wished for in these sad days.
It was the greatest treasure and sweetness in my struggling life that I could have lived with you and your brother Dante and your mother in a neat little farm, and learn all your sincere words and tender affection. Then in the summer-time to be sitting with you in the home nest under the oak tree shade – beginning to teach you of life and how to read and write, to see you running, laughing, crying and singing through the verdent fields picking the wild flowers here and there from one tree to another, and from the clear, vivid stream to your mother's embrace . . .
The men of this dying old society, they brutally have pulled me away from the embrace of your brother and your poor mother. But, in spite of all, the free spirit of your father's faith still survives, and I have lived for it and for the dream that some day I would have come back to life, to the embrace of your dear mother, among our friends and comrades again, but woe is me!
I know that you are good and surely you love your mother, Dante and all the beloved ones--and I am sure that you love me also a little, for I love you much and then so much. You do not know Ines, how often I think of you every day. You are in my heart, in my vision, in every angle of this sad walled cell, in the sky and everywhere my gaze rests . .

Haiku le Issa ón mbliain 1803

Haiku gleoite ó chroí soineanta Issa. Is leatsa an haiku seo anois. Glac do scíth ann!
is leatsa é,
a fhéileacáin, glac do scíth
ar an muisiriún sin

.手の前に蝶の息つく茸哉
te no mae ni chô no ikitsuku kinoko kana

2014-04-21

SLÓMÓ/ Físeán an Lae

Lean an nasc

Ar an lá seo 21 Aibreán

Ar an 21 Aibreán 1868, crochadh Henry James O’Farrell.
Dán is ea é seo le léamh, ar do luas féin, cúpla uair más mian leat, agus tú ag éisteacht leis an amhránaí mór le rá Krishna Das sa chúlra. Sa dán seo, ar cantaireacht é dáiríre, samhlaím an caidreamh a bhí ag an bhfile Meiriceánach Allen Ginsberg (homaighnéasach) le dia an ghrá, Krishna. Meiriceánach is ea Krishna Das, leis, dála an scéil

Ginberg agus Krishna

Santaíonn Allen na beola dearga
Santaíonn Allen na beola dearga
Santaíonn Allen na beola
Beola dearga
Beola dearga Krishna!
Hare Krishna!
Santaíonn Allen an fhliúit
Santaíonn Allen an fhliúit
An fhliúit
An fhliúit
Fliúit Krishna
Tá sé meallta aici
Hare Krishna!
Santaíonn Allen marmar gorm Krishna
Marmar gorm a chraicinn mhín
Marmar gorm
Marmar gorm
Marmar gorm a chraicinn mhín
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara
Méara
Méara
Méara Krishna
Santaíonn Allen na méara
Na méara éadroma ar an bhfliúit
Méara éadroma
Méara éadroma ar an bhfliúit
Méara éadroma Krishna
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara boga a dhúnann na poill
Méara boga a dhúnann na poill
Méara boga
Méara boga
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara a osclaíonn iad
Méara a osclaíonn iad
Méara
Méara
Méara Krishna
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara boga éadroma a dhúnann na poill
Is a osclaíonn iad
A osclaíonn na poill is a dhúnann iad
Méara boga éadroma
Méara boga éadroma
Hare Krishna! Hare Krishna!
Santaíonn Allen an fhéachaint ghrámhar sin ina shúile
Féachaint ghrámhar
Féachaint ghrámhar
I súile Krishna
I súile Krishna
Hare Krishna!
Is mian leis a bheith báite
Báite báite
Hare Krishna!
Báite báite báite
Hare Krishna! Hare Krishna!
Báite báite báite
San fhéachaint sin
San fhéachaint sin amháin
San fhéachaint ghrámhar sin amháin
Anois
Anois is go deo
Anois
Anois is go deo
Hare Krishna! Hare Krishna!

Go deo deo deo deo deo.

2014-04-20

Na Teanúis in Kanpur (do Rajendra Singh)


Bean uasal i mBleá Cliath
agus a mála láimhe aici á ransú
le haghaidh bhalsam béil
níl a fhios aici
(conas a bheadh)
conas, cathain, cén áit inar deineadh an mála sin.
Ní fheiceann na súile donna malla sin –
súile na bó nach mór – guairneán an tsalachair
á fholmhú féin gach lá san abhainn.
Súimín á bhaint aici as an latte, cá bhfios di siúd
leibhéil  an chróimiam atá sa mhún
nó conas luathchomharthaí ailse sróine a léamh?

Bean uasal i mBleá Cliath
ag blaisínteacht ar an latte
téann ar a cromada is cacann sa Ghainséis.

The Tanneries of Kanpur

(for Rajendra Singh)



A lady in Dublin
rummaging in her bag
for lip balm.
She does not know
(how could she know?)
how, when and where her bag was made.
Her brown, liquid – almost bovine – eyes
do not see the swirl of filth
as it empties itself daily into the river.
Sipping her latte, how can she detect
levels of chromium in urine
or diagnose early stages of nasal cancer?

A lady in Dublin
sipping her latte
crouches and shits in the Ganges.



Ar an lá seo, 20 Aibreán

Ar an 20 Aibreán, 1912, cailleadh Bram Stoker:
Joyeuses Pâques!  Páscoa feliz!  Счастливой пасхи! Felices Pascuas! 复活节快乐 
イースターおめでとうFrohe Ostern! Vrolijk Pasen! 
Paskalya bayramınız kutlu olsun  
Buona Pasqua! Hyvää pääsiäistä! Καλό Πάσχα 
Beannachtaí na Cásca  Glad Påsk! חג פסחא שמח! 
God påske! عيد فصح سعيد Veselé Velikonoce! Bones 
Pasqües!

2014-04-19

Ar an lá seo 19 Aibreán

Ar an lá seo 19 Aibreán, 2009, cailleadh J. G. Ballard:
Ar fud an domhain, ta mórmhúsaeim tar éis géilleadh do thionchar Disney . . . Tá an rud céanna le feiceáil i gcaidrimh phearsanta, an tslí a gcaithfidh daoine pacáistiú tarraingteach a dhéanamh orthu féin, ar a gcuid mothúchán is ar a ngnéasacht, le bheith meallacach ar an toirt.”
“Gach aon áit – ar fud na hAfraice go léir is Mheiriceá Theas – feictear na bruachbhailte seo ag éirí aníos… agus tá siad scanrúil mar is iad bás an anama iad… Is é seo an príosún atá á dhéanamh den phláinéad seo.”
“An dúil sa phornagrafaíocht atá chomh coitianta sin, ciallaíonn sé go bhfuil an nádúr ag iarraidh foláireamh a thabhairt dúinn mar gheall ar bhaol éigin, baol ár ndíothaithe.”
“Sa mhéid gur ficsean is ea an réaltacht sheachtrach, ar éigean má tá ról ar bith ag an scríbhneoir. Ní gá dó an ficsean a chruthú mar is ann dó cheana.”
“Ligeann an cinecheamara is an teilifíseán dúinn mallghluaiseacht a bhrath. Níor tuigeadh aon choincheap eile seachas fíor-am go dtí gur taispeánadh na chéad scannáin slómó agus d’athraigh sé sin ár dtuiscint don nádúr ar bhonn radacach.”
“Lean Dali ag tabhairt scannail don bhourgeoisie go dtí an deireadh. Glacadh leis an gcuid eile acu go léir, Ernst, Magritte, sa chró criticiúil mar phéintéirí fiúntacha. Sheas Dali an fód go dtí an deireadh. Ba chuma sa phoc leis.”

2014-04-18

Blàr Chùil Lodair, Aibreán, 1746


AN TRÍÚ CEARNÓG

Cad leis a bhfuilimid ag feitheamh is sinn bailithe anseo san agora?
Cavafy

Fear óg is cailín a bhuaileann lena chéile ar an tsráid trí sheans.
Gan ach beagán ama acu sa chathair seo.
Moillíonn siad ar feadh meandair agus iontas orthu.
Féachann siad ar a chéile agus gáireann sa teagmháil.
Insíonn sise dó ansin faoi bhaile beag
ar chósta na Gréige inar chuir cumhracht is dathanna
na gairdíní ar mire ann, inar chuir an solas na sráideanna le báiní.
"Chonacsa," ar sise, " ó fhuinneog an tseomra óstáin
beirt sa chearnóg ar scátaí rollála;
- lánúin óg gan amhras; bhí a n-aghaidh
is a gcolainn dea-dhéanta dóite ag an ngrian nóna.

Ar an lá seo 18 Aibreán

Ar an lá seo 18 Aibreán 1964, cailleadh Ben Hecht.
“Poll sa chroí is ea an grá.

“Is scríbhneoir Hollywood mé, mar sin cuirim mo sheaicéad spóirt orm is bainim díom m’inchinn.”

Haiku le Issa ón mbliain 1826

Is minic neamh agus talamh ag teacht le chéile sa haiku. Sa sampla seo, ina dtugaim saoirse bheag dom féin sa traschruthú, samhlaigh Issa agus sásamh á bhaint aige as an bhfíon ríse. Cuimhnigh anois  gur máistir haiku é, mar sin ní dall ar meisce atá sé ach a mhalairt ar fad. Tá an chruinne á slogadh aige is níor thóg sé ach seacht siolla dhéag air, líon na siollaí atá sa leagan Gaeilge seo chomh maith.

ól suas
is mún síos é: im chupán sake
Bealach na Bó Finne

.盃に呑んで仕廻ふや天の川
sakazuki ni nonde shimau ya ama no kawa

2014-04-17

An Doinníneach

Ar an lá seo 17 Aibreán

Ar an lá seo Aibreán 17, 1897, rugadh Nisargadatta Maharaj
“Níl ag teastáil ach aigne chiúin. Tarlóidh gach aon rud eile i gceart ach an aigne a bheith ciúin. Faoi mar a chuireann éirí na gréine beocht sa domhan, cuireann an fhéinfheasacht athruithe i bhfeidhm ar an aigne. . .
“Níl le rá ag an ngúrú leat ach:
‘A dhuine na n-árann, tá breall ort mar gheall ort féin. Ní tusa an duine is dóigh leat féin atá ionat.’ ”
“Nuair nach n-éilíonn tú aon rud ar an domhan, ná ar Dhia, nuair nach bhfuil aon ní ag teastáil uait, aon ní á lorg agat, gan a bheith ag súil le haon ní, is ansin a thiocfaidh an Ard-Staid chugat gan chuireadh gan iarraidh.”
“Is fuirist coincheapa a léirmhíniú agus a chraobhscaoileadh. Is deacair agus is annamh, áfach, gach aon choincheap a chaitheamh as do cheann.”

Clocha Acla/ The stones of Achill

Íomhá Ron Rosenstock
mionaígí sinn
i dtreo is gur neamhní sinn arís –
clocha Acla
pound us
until we are nothing once again –
the stones of Achill