2014-04-21

Dán is ea é seo le léamh, ar do luas féin, cúpla uair más mian leat, agus tú ag éisteacht leis an amhránaí mór le rá Krishna Das sa chúlra. Sa dán seo, ar cantaireacht é dáiríre, samhlaím an caidreamh a bhí ag an bhfile Meiriceánach Allen Ginsberg (homaighnéasach) le dia an ghrá, Krishna. Meiriceánach is ea Krishna Das, leis, dála an scéil

Ginberg agus Krishna

Santaíonn Allen na beola dearga
Santaíonn Allen na beola dearga
Santaíonn Allen na beola
Beola dearga
Beola dearga Krishna!
Hare Krishna!
Santaíonn Allen an fhliúit
Santaíonn Allen an fhliúit
An fhliúit
An fhliúit
Fliúit Krishna
Tá sé meallta aici
Hare Krishna!
Santaíonn Allen marmar gorm Krishna
Marmar gorm a chraicinn mhín
Marmar gorm
Marmar gorm
Marmar gorm a chraicinn mhín
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara
Méara
Méara
Méara Krishna
Santaíonn Allen na méara
Na méara éadroma ar an bhfliúit
Méara éadroma
Méara éadroma ar an bhfliúit
Méara éadroma Krishna
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara boga a dhúnann na poill
Méara boga a dhúnann na poill
Méara boga
Méara boga
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara a osclaíonn iad
Méara a osclaíonn iad
Méara
Méara
Méara Krishna
Hare Krishna!
Santaíonn Allen na méara boga éadroma a dhúnann na poill
Is a osclaíonn iad
A osclaíonn na poill is a dhúnann iad
Méara boga éadroma
Méara boga éadroma
Hare Krishna! Hare Krishna!
Santaíonn Allen an fhéachaint ghrámhar sin ina shúile
Féachaint ghrámhar
Féachaint ghrámhar
I súile Krishna
I súile Krishna
Hare Krishna!
Is mian leis a bheith báite
Báite báite
Hare Krishna!
Báite báite báite
Hare Krishna! Hare Krishna!
Báite báite báite
San fhéachaint sin
San fhéachaint sin amháin
San fhéachaint ghrámhar sin amháin
Anois
Anois is go deo
Anois
Anois is go deo
Hare Krishna! Hare Krishna!

Go deo deo deo deo deo.