2014-04-01

An Domhan Céadfaíoch



(The Sensual World) Kate Bush


mmh, sea,

Is do thógfainn póg an cháca rois óna bhéal
Ó Dheas liom, síos liom, mmh, sea,
Sé roth mhóra, ár gcorp ag rabhláil
Go Mullach Bhinn Éadair is san fheoil, mmh, sea,

Ba bhláth an tsléibhe a bhí ionam, sea,
Is cumhacht agam anois ar cholainn mná, mmh, sea.

Ag seasamh amach as an leathanach sa domhan céadfaíoch,
Seas amach …

San áit a muirníonn an t-uisce an domhan
Is deir clúmh na péitseoige mmh, sea
An bhfuilimse sa tóir ar bhoc mór
Mar a dhéanfadh cailín Machiavelliach
Nó fuineadh gréine umam? Mmh, sea,

Agus faoi mar a shantaíomar an domhan céadfaíoch
Níl briathra uait, póg amháin is póg eile.

Ag seasamh amach as an leathanach sa domhan céadfaíoch
Ag seasamh amach as an leathanach sa domhan céadfaíoch

An óraid á hathscríobh ag saigheada ár ndúile, mmh, sea,
Ar sé go ciúin ‘An ndéanfainn . ..?’ mmh, sea,
Bheith slán, mmh, sea, ó bhlátha slé’?
Is ar dtús is an briocht ’na thimpeall, mmh, sea,
Á scaoileadh ’s dá sciorrfadh sé idir mo chíocha
Tharrthálfaí é, mmh, sea,
Is ba bheo a spréach i mo lámh is, mmh, sea,
Deirim, mmh, sea,
Ní go fóill, mmh, sea,
Mmh,sea.