2014-04-05

Haiku le Issa ón mbliain 1806

Le Midori ar Wikimedia.
An téama is coitianta i haiku traidisiúnta na Seapáine ná na sakura, na bláthanna silíní. Tá na milliúin is na milliúin haiku ann ina dtaobh. Sa haiku seo, seachnaíonn Issa an cliché moltach agus tugann le fios dá áille anois ar an gcrann iad, is gearr go mbeidh siad sáite sa láib. Tá rud eile sa haiku, ar ndóigh, machnamh an Bhúdaí ar ghiorra an tsaoil.

an chuid is mó acu
draoib a ndeireadh -
bláthanna silíní

.大かたは泥にひっつく桜哉
ôkata wa doro ni hittsuku sakura kana