Is minic neamh agus talamh ag teacht le chéile sa haiku. Sa sampla seo, ina dtugaim saoirse bheag dom féin sa traschruthú, samhlaigh Issa agus sásamh á bhaint aige as an bhfíon ríse. Cuimhnigh anois gur máistir haiku é, mar sin ní dall ar meisce atá sé ach a mhalairt ar fad. Tá an chruinne á slogadh aige is níor thóg sé ach seacht siolla dhéag air, líon na siollaí atá sa leagan Gaeilge seo chomh maith.
ól suas
is mún síos é: im chupán sake
Bealach na Bó Finne
.盃に呑んで仕廻ふや天の川
sakazuki ni nonde shimau ya ama no kawa