2014-04-18

AN TRÍÚ CEARNÓG

Cad leis a bhfuilimid ag feitheamh is sinn bailithe anseo san agora?
Cavafy

Fear óg is cailín a bhuaileann lena chéile ar an tsráid trí sheans.
Gan ach beagán ama acu sa chathair seo.
Moillíonn siad ar feadh meandair agus iontas orthu.
Féachann siad ar a chéile agus gáireann sa teagmháil.
Insíonn sise dó ansin faoi bhaile beag
ar chósta na Gréige inar chuir cumhracht is dathanna
na gairdíní ar mire ann, inar chuir an solas na sráideanna le báiní.
"Chonacsa," ar sise, " ó fhuinneog an tseomra óstáin
beirt sa chearnóg ar scátaí rollála;
- lánúin óg gan amhras; bhí a n-aghaidh
is a gcolainn dea-dhéanta dóite ag an ngrian nóna.