2014-04-28

Ar an lá seo 28 Aibreán

Le Farisori
Ar an lá seo, 28 Aibreán, 1953, rugadh Roberto Bolaño
D’fhéadfá cailín a mhealladh le dán ach ní fhéadfá í a choinneáil le dán. Ná fiú le gluaiseacht filíochta.
“Tá an léitheoireacht cosúil le bheith ag smaoineamh, ag guí, ag labhairt le cara, ag cur do chuid smaointe in iúl, ag éisteacht le smaointe daoine eile, ag éisteacht le ceol, ag breathnú ar radharc, ag siúl ar an trá.”
“Is dócha go dtugaimid go léir, scríbhneoirí agus léitheoirí araon, aghaidh ar an deoraíocht, nó deoraíocht de shaghas ar leith, nuair a fhágaimid an óige inár ndiaidh … ”
“Ólaigí suas, a leaideanna, ólaigí suas agus ná bíodh aon bhuairt oraibh, má chaithimid siar an buidéal seo raghaimid síos agus ceannóimid ceann eile. Ar ndóigh, ní hé an buidéal céanna a bheidh ann is atá anois againn ach fós féin, beidh sé níos fearr ná faic. Á, nach é an trua é nach ndéantar Los Suicidas mescal a thuilleadh, nach é an trua é go n-imíonn an t-am, nach dóigh libh? Nach é an trua go gcailltear sinn, go n-éirímid sean agus gach aon ní fónta ag imeacht uainn de shodar.”
“Táim ag fáil bháis anois, fós féin tá scata rudaí agam le rá.”