2014-04-08

Ar an Lá seo, 8 Aibreán

Inniu an 8 Aibreán, Lá an Bhúda.
“Ná mair san am atá thart, ná bí ag taibhreamh faoin am atá le teacht, dírigh an aigne ar an móimint seo.”

“Múnlaíonn ár gcuid smaointe sinn; cruthaíonn ár gcuid smaointe sinn. Nuair atá an aigne íonghlan, tiocfaidh an lúcháir mar scáil nach n-imeoidh go deo.”

“Na trí rudaí nach féidir a cheilt ar feadh i bhfad: an ghrian, an ghealach agus an fhírinne.”

“Nach cuma cad iad na focail bheannaithe a léann tú nó a labhrann tú; cén mhaith dhuit iad mura ngníomhaíonn tú dá réir?”

“Níl éinne in ann sinn a shábháil ach sinn féin amháin.”

“Níl idirdhealú ar bith sa spéir idir soir is siar; cruthaíonn daoine idirdhealuithe ina a n-aigne féin agus ansin creideann siad gur fíor iad.”