2014-04-25

Ar an lá seo 25 Aibreán

Ar an lá seo 25 Aibreán, 1917, rugadh Ella Fitzgerald:
Breá liom Páras

Nuair a fhéachaimse síos ar an mbaile seo thíos
Bíodh na spéartha gorm nó liath
Bíodh sé glórach go leor nó é ag sileadh na ndeor
Tuigtear dom i gceart dar fia

Gur breá liom Páras insan earrach
Breá liom Páras insan fhómhar
Breá liom Páras sa gheimhreadh, é leathbháite
Breá liom Páras sa samhradh, é leathscallta

Breá liom Páras ins gach aon chuid
Gach aon chuid den bhliain iomlán
Breá liom Páras, canathaobh ar breá liom Páras
Láimh liom tá mo ghrá bán.

Breá liom Páras insan earrach