2014-05-10

Ar an lá seo, 10 Bealtaine

Ar an lá seo 10 Bealtaine, 1975, feallmharaíodh an file teastúil Roque Dalton. Iar-chompánaigh leis a mharaigh é. Níl a ainm in airde in Éirinn mar fhile, faraor, ainneoin gur de shliocht na nGael é.
Roinnt eolais ina thaobh anseo:
Dhá dhán leis anseo thíos:


Sobre Dolores de Cabeza

Es bello ser comunista,
aunque cause muchos dolores de cabeza.
Y es que el dolor de cabeza de los comunistas
se supone histórico, es decir
que no cede ante las tabletas analgésicas
sino sólo ante la realización del Paraíso en la tierra.
Así es la cosa.
Bajo el capitalismo nos duele la cabeza
y nos arrancan la cabeza.
En la lucha por la Revolución a cabeza es una bomba de retardo.
En la construcción socialista
planificamos el dolor de cabeza
lo cual no lo hace escasear, sino todo lo contrario.
El comunismo será, entre otras cosas,
una aspirina del tamaño del sol.

Mar gheall ar thinnis chinn

Is iontach a bheith i do chumannaí
Bíodh is go dtugann sé scata tinneas cinn duit.
Mar is stairiúil é
Tinneas cinn an chumannaí, is é sin
Ní leigheasfadh pianmhúchán é
Parthas ar domhan an t-aon leigheas atá air.
Sin mar atá.
Tugann an caipitleachas pian sa chloigeann dúinn
Stractar ár gcloigeann dínn.
Sa streachailt i dtreo Réabhlóide is buama mallghníomhach é an cloigeann.
Agus an sóisialachas á thógáil againn
Pleanáiltear an tinneas cinn
Rud nach gcabhraíonn leis an tinneas – a mhalairt ghlan.
Is é a bheidh sa Chumannachas, i measc rudaí eile,
Aspairín chomh mór leis an ngrian.

Católicos y Comunistas en América Latina:
Algunos Aspectos Actuales del Problema

A mí me expulsaron del Partido Comunista
mucho antes de que me excomulgaran
en la Iglesia Católica.
Eso no es nada:
a mí me excomulgaron en la Iglesia Católica
después que me expulsaron del Partido Comunista.
Puah!
A mí me expulsaron del Partido Comunista
porque me excomulgaron en la Iglesia Católica.

Caitlicigh agus Cumannaithe i Meiriceá Laidineach:
Gnéithe Áirithe den bhFadhb

Caitheadh amach as as bPáirtí Cumannach mé
i bhfad sular choinnealbháigh
an Eaglais Chaitliceach mé.
Ní faic é sin.
Choinnealbháigh an Eaglais Chaitliceach mé
tar éis don Pháirtí Cumannach mé a chaitheamh amach.
Dhera!
Caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach mé
toisc gur choinnealbháigh an Eaglais Chaitliceach mé.