2014-05-12

Ar an lá seo 12 Bealtaine

Ar an lá seo 12 Bealtaine, 1970, cailleadh Nelly Sachs, Duaiseoir Nobel.
Sa dán mistéireach thíos, tá tagairt don shofar, adharc reithe a shéideann na Giúdaigh i gcuimhne ar Íosác. Bhí Abrahám chun a mhac Íosác a íobairt; mharaigh sé reithe ina áit. An é an adharc reithe a leag fallaí Ireachó?

Seasann na focail tekia, shevarim agus terua do phatrúin fuaime na hadhairce.

Ní inniu ná inné a thosnaíos ar Nelly Sachs a aistriú agus tá an dán is cáiliúla léi, Oh die Schornsteine, sa leabhar Tuirlingt (1978) – caithfidh go raibh sé tar éis dul i bhfeidhm go mór orm. Cinedhíothú príomhthéama a cuid filíochta.

Bhí Neach Ann

Bhí neach ann
a shéid an shofar –
a cheann á chaitheamh siar aige
mar a dhéanfadh fia, ar nós na gcarrianna
sula n-ólann siad as an bhfuarán.
Séideann:
tekia
maireann an bás san osna –
shevarim
scaiptear is titeann an síol-
terua
scéal solais ag an aer!
An domhan ag casadh is na réaltaí ag casadh
sa shofar
atá á shéideadh ag neach éigin –
agus thart ar an shofar tá an teampall trí thine –
agus neach ag séideadh –
agus thart ar an shofar sceitheann an teampall –
agus neach ag séideadh –
agus thart ar an shofar tá an luaithreach ag luí –
agus neach ag séideadh –


Einer war


Einer war
Der blies den Schofar -
Warf nach hinten das Haupt,
Wie die Rehe tun, wie die Hirsche
Bevor sie trinken an der Quelle.
Bläst:
Tekia
Ausfährt der Tod im Seufzer -
Schewarim
Das Samenkorn fällt -
Terua
Die Luft erzählt von einem Licht!
Die Erde kreist und die Gestirne kreisen
Im Schofar,
Den Einer bläst -
Und um den Schofar brennt der Tempel -
Und Einer bläst -
Und um den Schofar stürzt der Tempel -
Und Einer bläst -
Und um den Schofar ruht die Asche -
Und Einer bläst –