2014-05-23

Ar an lá seo 23ú Bealtaine

Ar an lá seo 23 Bealtaine, 2008, cailleadh Utah Phillips:
“Níl an stát in ann saoirse a thabhairt duit, agus níl an stát in ann í a bhaint. Tugadh an tsaoirse duit nuair a rugadh thú.”

“Abhainn mhór fhada é an t-am agus táim im’ sheasamh ann, faoi mar atá tusa id’ sheasamh ann. Is iad na craobh-aibhneacha mo shinsir, agus gach aon smaoineamh a bhí acusan is gach aon ní a raibh orthu streachailt leis, is gach aon ní ar chaitheadar a saol leis, is gach amhrán a chruthaigh siad is gach aon dán a bhreacadar síos, tá siad ag sní chugamsa anuas – agus má chuirimse an t-am i leataobh chun ceisteanna a chur, agus má churimse an t-am i leataobh chun breathnú, agus má chuirimse an t-am i leataobh chun síneadh chucu, beidh mé in ann droichead a thógáil idir an domhan seo agamsa agus a ndomhan siúd.”

“D’inis Frying-Pan Jack dom go raibh sé ar seachrán ón mbliain 1927. Ar sé: ‘Dúrtsa liom féin sa bhliain ’27 mura mbeinn in ann tosca mo chuid oibre a leagan síos dom féin, go n-éireoinn as a bheith ag obair’. Ní gá duit freastal ar an ollscoil chun na rudaí seo a dhéanamh amach duit féin, ní gá muise. Ar seisean, ‘D’fhoghlaimíos-sa agus mé óg go maith nach raibh agam ach m’inchinn. Agus más fíor nach raibh agam i gceart ach m’inchinn, cén fáth a dtabharfainn m’inchinn do dhuine eile ar feadh ocht n-uaire an chloig sa lá – ní bheadh aon chiall leis – chun go mbainfeadh seiseas leas aisti, ar an tuiscint go bhfaighinn ar ais í ag deireadh an lae chomh maith is a bhí riamh? Beag an baol!’ ”

“D’fhéadfadh an coras mór a bheith cuibheasach scanrúil. Is eol dúinn nach féidir é a chloí trí dhul in iomaíocht leis. Is é an rud is féidir a dhéanamh ná mionchórais a thógáil san áit a bhfuil cónaí orainn agus san áit a bhfuilimid ag obair, mionchórais a fhreastalaíonn ar ár gcuid riachtanas de réir an chur síos a dhéanaimidne orthu, seachas mar a shainmhínítear dúinn iad.

Tá na buachaillí móra faoina n-armúr lonrach thuas ansin ar bhallaí an chaisleáin agus caora tine á gcaitheamh anuas acu. Sinne na seangáin a iompraíonn an gaineamh, gráinne i ndiaidh gráinne, amach as bun an chaisleáin. Ón mbonn aníos a oibrímidne. Ní fheiceann na ridirí in airde sinn agus níl a fhios acu cad atá ar siúl againne, seangáin. Ní thuigfidh siad an scéal go dtí go mbeidh an balla ar tí sceitheadh. Tógann sé am agus dianseasmhacht chiúin. Cuimhnigh air seo i gcónaí: troideann siadsan le hairgead agus cuirimidne ina gcoinne le ham agus rithfidh siadsan as airgead sula rithfimidne as am.”

“Níl an Domhan ag fáil bháis, tá sé á mharú agus iad siúd atá á mharú tá ainm agus seoladh acu.”