2014-05-12

Bob Marley: Feitheamh gan Chúis


Wait In Vain

Feitheamh gan Chúis

Aon, dó, trí:

Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
An chéad uair domsa súil a leagan ort, a stór, sea,
Sé dúirt mo chroí, ‘Níos mó!’
Ach is eol dom nach cloch ar do phaidrín mé
Mothaímse go breá mar sin féin:
Mar sin ná ceap nach bhfuil ionam ach puipéad
Mar is mian liom maireachtáil gan téad.
Ná caith liomsa mar gham, mar amadán
Abair liom cad tá dúinne i ndán, sea.

Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Má tá samhradh abhus
Táimse ag feitheamh thall
An geimhreadh ‘bhus
Is mise ag feitheamh thall.

Mar a dúrt:
Táim trí bliana anois ag cnagadh nó níos mó
Is tá cnagadh ionam fós:
Ú, ‘stór, Ú, ‘stór, an dtarlóidh sé?
Cad tá le déanamh, an gcnagfaidh mé níos mó?
Ar ndóigh, an saol seo tá sé lán de chrá
Ach is faoiseamh é do ghrá:
Deor’ im shúil’ á ndó – deor’ im shúil’ á ndó
Mé ag feitheamh – is ag feitheamh sea níos mó,
Féach!

Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis, Ó!
Is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom –
Ní mian liom feitheamh gan chúis.
Is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom –
Ní mian liom feitheamh gan chúis
Sea, sea ní mian liom, sea ní mian liom, sea ní mian liom, sea ní mian liom
Sea, ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis
Sea ní, sea ní, sea ní mian liom, sea ní mian liom, Sea ní mian liom –sea ní mian liom –ní mian liom feitheamh gan chúis

Sea sea sea ní, sea ní, sea ní mian liom – sea ní mian liom – sea ní mian liom –
Sea ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis
Le do ghrá is leis sin amháin, sea ní mian liom, sea ní mian liom –
Sea ní mian liom, sea ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis
Sé mo ghrá a chuir ruaig ort
Le grá Jah mé ag feitheamh seal, sea ní mian liom, sea ní mian liom
Sea ní mian liom – sea ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis:
Sé mo ghrá a chuir ruaig ort.