2014-05-15

Bob Marley: Seáinín ’sé bhí fónta


(Wú-ú-ú-ú! Wú-ú-ú-ú! Wúúú!)
Féach an bhean ag silt na ndeor
Mar gur lámhachadh a mac ar an tsráid agus d’éag
Urchair iomraill

Féach an bhean ag silt na ndeor
Ghabh duine thar bráid ’bhí suaite go leor
Ag máthair seo na ndeor –ó
Féachaint an féidir aon rud a rá
Cad is tuarastal an pheaca ann ach bás, yé!

Beatha againn ó Jah (Jah)
Ar sí: “Ah-um, is – is fíor!

“Seáinín ’sé bhí fónta,” Is – is fíór! (riamh ní dhearna dochar)
“Seáinín ’sé bhí fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón-fón-ta” (Seáinín sé bhí fónta)
Ar sí – de liú – ú-ú-ú-ú-ú-ú-ú!


Wú-ú! Féach an bhean ag silt na ndeor,
Mar gur lámhachadh a mac ar an tsráid agus d’éag
Sé an córas is cúis leis (cúis leis).

Féach an bhean ag silt na ndeor
Chuaigh mé thar bráid, monuar go deo
’Sí a thóg ana-ghleo:
Óó-úú-wú-á, aidhe (á-á), yé, is eol dom (á-á)
Sea is eol, is eol dom: Seáinín ’sé bhí fónta
Sea ar ndóigh, dom is eol: Seáinín sé bhí fónta
Sea ar ndóigh, mm-mm-mm-mm-mm. (Riamh ní dhearna dochar)
Á! Á! Seáinín ’sé bhí fónta
Grá na máthar dá bunóc, ar sí, (Riamh ní dhearna dochar)
Grá é sin nach n-imeodh! (Seáinín ’sé bhí fónta)
Wú-hú-hú-ó, arsa sí os ard – (Riamh ní dhearna dochar)
Ar sí, ó bhó! Ar sí, yé! (Seáinín ’sé bhí fónta)
Grá na máthar dá bunóc
Grá é sin nach n-imeodh! (Riamh ní dhearna dochar)
Ó bhó, bhó! (Seáinín ’sé bhí fónta)