2014-05-06

Haiku le Issa ón mbliain 1822

Is geall le seanfhocal nó léireasc é an haiku áirithe seo agus fealsúnacht an Bhúda go tréan ann. Nuair a thiteann na bláthanna silíní, scaipeann siad go minic ina néal. Nó an é go samhlaíonn Issa go n-iompaíonn siad ina scamall? Créamfar a chorp lá éigin agus imeoidh sé ina dheatach. Ar shlí, is beag rud sa saol seo nach seasann do neamhbhuaine an tsaoil i súile an haijin, an máistir haiku.


déantar néalta de bhláthanna silíní -
    deatach
         de dhaoine

.花は雲人はかぶりと成にけり
hana wa kumo hito wa keburi to nari ni ker