2014-05-10

Preaseisiúint: Aisteoir Cáiliúil Ros na Rún i mBun Beckett!

Tá ról an teidil á ghlacadh sa dráma Téip Dheireanach Krapp de chuid Samuel Beckett ag Macdara Ó Fatharta, an tábhairneoir mallaithe in Ros na Rún. Léireofar an dráma san Amharclann Nua, Baile Átha Cliath, i mí an Mheithimh.

Chaith Macdara tréimhse fhada ar stáitse Amharclann na Mainistreach agus ról aige sna scannáin Far and Away, The Blackwater Lightship agus Poitín, an chéad scannán lánfhada sa Ghaeilge.

Is é seo an chéad uair ag Macdara a bheith i ndráma de chuid Beckett. Aistriúchán nua atá sa Krapp seo, aistrithe go speisialta don léiriú seo ag aistritheoir liteartha mór le rá, an file teastúil Gabriel Rosenstock.

Cathal Quinn an stiúrthóir. Eisean Stiúrthóir Ealaíne an duaischompántais Mouth on Fire a bhfuil saothar le Beckett léirithe acu cheana i mbliana san India agus atá díreach tagtha abhaile ó chamchuairt na Seapáine, ait ár éirigh thar barr leo.
‘Tá rímeád orainn, arsa Cathal, ‘aisteoir de mhianach Mhacdara a bheith againn. Cuireann sé leis an liosta d’aisteoirí breátha a bhí againn go dtí seo. Go deimhin, is é Macdara an ceathrú haisteoir anois againn ón Amharclann Náisiúnta. Bhí páirt cheana i ndrámaí Gaeilge dár gcuid  ag Peadar Lamb, Geraldine Plunkett agus Clive Geraghty.’

Tá cáil anois ar an Mouth on Fire Theatre Company mar phríomhchompántas chun saothar de chuid Samuel Beckett a léiriú in Éirinn. Laistigh de cheithre bliana nó mar sin tá an Duaiseoir Nobel curtha ar stáitse acu ar fud an domhain agus duaiseanna bainte amach acu sa Rúis. Ábhar mórtais ar leith ná na cearta Gaeilge a  bheith acu ó Eastát Beckett. Tá Beckett léirithe i nGaeilge agus i mBéarla acu i bhfad is i gcéin, i nGaeltacht Chonamara, sa Ríocht Aontaithe, sa Rúis, san India agus sa tSeapáin agus bhíothas chomh tógtha sin leis an léiriú i dTóiceo gur mhol Ambasadóir na hÉireann gur chóir é a bheith ina ócáid bhliantúil ann.
Arsa Cathal: ‘Bhunaíomar an compántas chun saothar Beckett a chur ar fáil do lucht féachana níos leithne. Is mian linn a bheith nuálach ach fós a bheith chomh dílis don saothar is a bhí Beckett féin agus é i mbun stiúrtha.’

‘Cuid de dhúchas is d’anam an chompántais seo is ea saothar Beckett a aistriú go Gaeilge – bealach eile chun lucht féachana nua a mhealladh go dtí an saothar, ag baile agus thar lear. Tá pleananna idir lámha againn chun drámaí agus filíocht Beckett a thabhairrt go Meiriceá, Ceanada agus an Chóiré Theas an bhliain seo chugainn.’

‘Ba bhreá linn Beckett a léiriú dóibh siúd nach bhfuil taithí acu ar a shaothar, iad a bheith in ann an saothar a chloisteáil, a thuiscint agus taitneamh a bhaint as. Ceapann daoine áirithe go bhfuil an saothar an-chasta, nó go gcuirfeadh sé blianta ort. Is mian linn an teoiric áiféiseach sin a bhréagnú.’

‘Tá ceardlanna déanta againn le daltaí scoile in Éirinn, le hothair in ospidéil, le mic léinn Mheiriceánacha, le hacadúlaithe agus iad ar fad gafa ag scileanna scríbhneoireachta an mháistir agus an greann dorcha aige.’

Tá tacaíocht faighte ag an gcompántas ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Foras na Gaeilge agus thacaigh Cultúr Éireann leis na seónna thar lear.

Dátaí léirithe: Meitheamh 9 – 14,  2014@ 7.30. (Réamhléiriú 9 Meitheamh)

Ionad: An Amharclann Nua, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2


Ticéid:  €15/€12