2014-06-29

Ar an lá seo 29 Meitheamh

Ar an lá seo, 29 Meitheamh, 1886, rugadh an grianghrafadóir James Van Der Zee:

2014-06-28

Ar an lá seo 28 Meitheamh



Ar an lá seo 28 Meitheamh, 1936, cailleadh Alexander Berkman.





Clasaiceach leis is ea ABC of Anarchism atá le léamh anseo:

Bhí Berkman den tuairim gurb é an t-ainrialachas an smaoineamh ab fhearr a bhí ag an duine riamh, an t-aon rud a bhronnfadh saoirse agus sonas orainn. Thuig sé go mbeadh an domhan ina choinne, polaiteoirí, lucht gnó, lucht creidimh. Seo cuid dá raibh le rá aige:

“An bhfuil an Eaglais in ann cabhrú leat?

B’fhéidir gur Críostaí thú nó ball de chreideamh eile, Giúdach, Mormanach, Machmadach, Búdaí nó rud éigin eile. Is cuma. Ba cheart go mbeadh saoirse chreidimh ag daoine. Ní hé cén creideamh atá agat an pointe ach an bhfuil an creideamh sin in ann an t-olc a fhulaingímid a chosc.

Níl againn ach saol amháin anseo: sin cnámh agat agus cuirse féin feoil air. Cad a tharlóidh i ndiaidh ár mbáis níl fhios againn. Seans maith nach mbeidh fhios againn go deo mar sin ní fiú bheith leis.

Baineann an scéal seo leis an mbeatha, ní leis an mbás. Is cás linne na beo, tusa is mise is daoine atá cosúil linn. An féidir áit níos fearr le bheith beo ann a dhéanamh den domhan? Ba mhaith linne é sin a fháil amach. An bhfuil creideamh in ann é a dhéanamh?

Tá an Chríostaíocht linn le tuairim is dhá mhíle bliain. An bhfuil deireadh curtha aici leis an olc? An bhfuil deireadh le coiriúlacht agus dúnmharú, ar saoradh ón mbochtaineacht is ón ainnise sinn, ón tíorántacht?

Tá fhios agat go maith an freagra atá air sin. Tá a fhios agat gur sheas an Eaglais Chríostaí, is gach aon eaglais eile, ar thaobh na máistrí, in aghaidh an phobail. Anuas air sin: an Eaglais is cúis le níos mó coimhlinte agus doirteadh fola ná cogaí na ríthe is na n-impirí go léir. Tá reiligiúin tar éis an cine daonna a dheighilt ina gcreidimh in aghaidh a chéile agus troideadh na cogaí is fuiltí mar gheall ar chreidimh éagsúla a bheith ag daoine. Dhein an eaglais géarleanúint ar dhaoine mar nár thaitin a dtuairimí leo, cuireadh i bpríosúin iad is maraíodh iad. Bhí an domhan go léir ciaptha ag an gCúistiúnacht Chaitliceach a dhein eiricigh, mar dhea, a chéasadh is a dhó ina mbeatha…

Cháin na heaglaisí gach iarracht a dhein an duine ar a aigne a fhorbairt, dul chun cinn a dhéanamh, feabhas a chur ar a shaol. Dhamnaigh siad an eolaíocht agus chuir ina dtost iad siúd a raibh dúil san eolas acu. Go dtí an lá inniu, tá an creideamh institiúidithe ina Iúdás a dhéanann feall ar an Slánathaitheoir atá aige, más fíor. Tacaíonn sé le dúnmharú agus le cogadh, le sclábhaíocht chóras an tuarastail agus leis an robáil chaipitleach agus seasann de shíor ar son an dlí agus ar són an chirt a chéas an Nasarthach . . .

Cháin Íosa na boic mhóra mar nathracha agus mar dhream a dhein cos ar bolg ar na boicht. Sléachtann an eaglais roimh lucht an airgid agus cuireann sí saibhreas mór i dtaisce.

I mainséar a rugadh an Nasarthach agus bochtán ab ea é ar feadh a shaoil. I bpáláis a chónaíonn na hionadaithe agus na hurlabhraithe atá aige (más fíor) ar an saol seo.
~

I measc na n-eagraíochtaí is saibhre dá bhfuil ann inniu tá an Eaglais Chaitliceach, an eaglais Phrotastúnach, an eaglais Anglacánach, an Eolaíocht Chríostaí, na Mormanaigh agus sainaicmí creidimh eile nach iad . . .

‘Ach saol eile a bheadh ann,’ a deir tú, ‘dá mbeimis inár bhfíor-Chríostaithe.’

An ceart agat, a chara. Ach an féidir a bheith i do Chríostaí ceart agus cúrsaí mar atá faoi láthair? An ligfeadh an caipitleachas duit saol mar sin a chaitheamh? An ligfeadh an rialtas duit saol mar sin a chaitheamh? An eaglais féin, an dtabharfaidh sí seans duit a bheith i d’fhíor-Chríostaí?

Bain triail as ar feadh aon lá amháin go bhfeicfidh tú. Ar fhágáil an tí duit ar maidin, abair leat féin go diongbháilte go mbeidh tú id’ Chríostaí agus gan ach an fhírinne a insint inniu. Agus tú ag gabháil thar an bpóilín ag an gcúinne, meabhraigh Críost agus aitheanta Dé dó. Abair leis grá a bheith aige dá naimhde agus téigh ag tathant air a smachtín agus a ghunna a chaitheamh uaidh. Agus má chastar saighdiúir ort bí cinnte a rá leis, ‘Ná déan marú!’ Sa siopa nó san oifig duit, labhair an fhírinne iomlán leis an bhfostóir. Inis dó faoin rabhadh a thug an Nasarthach dúinn:

‘Cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?’

Luaigh leis gur ordaigh Sé dúinn an builín deireanach againn a roinnt leis na boicht; go ndúirt Sé, ‘is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé’.

Agus nuair a thabharfar os comhair na cúirte thú as callóid a tharraingt agus cur isteach ar Chríostaithe maithe, meabhraigh don Bhreitheamh, ‘Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh’.

Déarfaidh siad gur amadán nó gealt is ea thú agus cuirfear i ngealtlann nó i bpríosún thú…

Is fíor, dá leanfaí teagasc an Nasarthaigh domhan eile ar fad a bheadh againn. Ní bheadh dúnmharú ann ná cogadh; ní bheadh caimiléireacht ná bréagadóireacht ann ná brabach á bhreith ar dhaoine. Ni bheadh sclábhaí ann ná máistir agus bheimis go léir ag maireachtáil inár mbráithre, go síochánta, gach éinne ag réiteach lena chéile. Ní bheadh saibhir ná daibhir ann, ní bheadh coiriúlacht ná príosúin ann, ach ní hé sin atá ag teastáil ón eaglais. Sin an rud atá ag teastáil ó na hAinrialaithe.”

2014-06-27

Ar an lá seo 27 Meitheamh

Ar an lá seo 27 Meitheamh, 1936, rugadh Lucille Clifton.
Do Mhaois Chrón

Duitse a lasadh mé
Tusa an té sin.
Tar le do shlat
Atá cam
Is atá ina nathair.
Mise an sceach.
Táim trí thine
Nílim loiscthe.


To a Dark Moses

you are the one
i am lit for.
Come with your rod
that twists
and is a serpent.
i am the bush.
i am burning
i am not consumed.
Lucille Clifton

2014-06-26

Ar an lá seo 26 Meitheamh

Le Torsten Koopmann
Ar an lá seo 26 Meitheamh 1582, rugadh Johannes Schultz.
Der ehlich Stand sein Ursprung hat im Paradies,
aus Gottes Rat, auf daß der Mensch nit sei allein,
soll Mann und Weib beisammen sein
Darum gib Glück, Herr Jesu Christ,
du der Eh' ein Stifter bist, dem Bräutigam
und seiner Braut, die heut in Ehren seind vertraut,

2014-06-25

Ar an lá seo 25 Meitheamh

Ar an lá seo 25 Meitheamh 1984, cailleadh Michel Foucault:
“An ábhar iontais é go bhfuil na príosúin cosúil le monarchana, scoileanna, beairicí, ospidéil, agus iad ar fad cosúil le príosúin?”

“Ní bhraithim go bhfuil sé riachtanach go dtuigfinn cad atá ionam. An rud is spéisiúla faoi a bheith beo agus a bheith ag obair ná go n-iompófá amach i do dhuine nach raibh ionat i dtosach. Dá mbeadh a fhios agat i dtús an leabhair cad a scríobhfá ag an deireadh, an gceapann tú go mbeadh an misneach agat chun tabhairt faoi? An rud atá fíor i gcás na scríbhneoireachta agus i gcás chaidreamh grá, is fíor leis é i gcás na beatha. Is fiú go mór é mar chluiche sa mhéid nach eol dúinn a dheireadh.”

“Is ábhar mórtais dom go gceapann daoine áirithe gur baol mé do shláinte intleachtach na mac léinn. Tá rud éigin bunoscionn nuair a thosaíonn daoine ag smaoineamh ar ghníomhaíochtaí intleachtacha i dtéarmaí na sláinte de. Dar leo siúd is duine dainséarach mé, tarlaíonn gur criptea-Mharxach, neamhréasúnaí agus nihilí mé.”

“Tá níos mó smaointe amuigh ansin ná mar a shamhlaíonn intleachtaigh. Agus tá na smaointe seo níos gníomhaí, níos láidre, níos frithsheasmhaí agus níos paiseanta ná mar a cheapann ‘polaiteoirí’. Ní mór dúinn a bheith i láthair nuair a shaolaítear smaointe, nuair a phléascann an fórsa ata iontu amach sa saol: ní sna leabhair a chuireann in iúl iad ach in imeachtaí a chuireann an fórsa sin in iúl, sa streachailt a dhéantar timpeall ar na smaointe sin, ar a son nó ina gcoinne…”

2014-06-24

Ar an lá seo 24 Meitheamh

Ar an lá seo 24 Meitheamh, 1911, rugadh Ernesto Sábato:
“D’fhéadfaí a rá nach bhfuil an cine daonna in ann cur in aghaidh na n-athruithe borba atá ag titim amach i ndomhan an lae inniu. Tá na hathruithe sin chomh huafásach is chomh forleathan agus, thar aon ní eile, chomh tapa sin nach faic i gcomparáid leo iad na cúiseanna a bhí le díothú na ndineasár.”

“An chéad uair a ghabhas tríd an tír (An Eilvéis) fuaireas an tuairim go raibh mná tí tar éis í a ghlanadh le scuab ó bhun go barr, gach aon mhaidin, agus an salachar a dhumpáil san Iodáil.”

"El artista debe de ser mezcla de niño, hombre y mujer:

Meascán de pháiste, d’fhear is de bhean is ceart a bheith san ealaíontóir.”

“Díreach faoi mar a shamhlaíonn an t-oibrí oifige go bhfuil sé tar éis an saoiste is fuath leis a dhúnmharú agus sa tslí sin nach gá dó é a dhúnmharú, sin mar a bhíonn, leis, i gcás an údair; cabhraíonn a shamhlaíocht mhór linn chun teacht slán agus na haidhmeanna is measa atá againn a sheachaint. Agus gan fhios dúinn, tá meas againn air dá bharr agus mórann an tsochaí é, agus éad de shaghas éigin orainn, nó eagla nó déistin fiú. Mar go dteastaíonn uainn a fháil amach cad iad na nithe gránna atá i nduibheagán ár n-anama istigh. Sin is ardmhisean na litríochta móire ann agus níl aon mhisean eile aici.”

Ar an lá seo 23 Meitheamh

Ar an lá seo 23 Meitheamh, 1971, cailleadh Louis Lecoin.
“Que tenter pour que la paix coule de source sur notre terre desséchée par les guerres et les innombrables conneries de ses habitants? Tout! Pour la paix, c’est très simple: rendre les hommes pacifistes même malgré eux. Les empêcher d’entrer en guerre en supprimant auparavant leurs armées et leurs armements."

“Cad is ceart dúinn tabhairt faoi, chun go dtiocfadh an tsíocháin aníos is an domhan seo againne a uisciú, domhan atá seasc ag an gcogadh is ag síor-bhaois na ndaoine? Gach aon rud! Maidir le síocháin, tá sé an-simplí: síochánaithe a dhéanamh de dhaoine dá n-ainneoin féin. Gan ligean dóibh dul chun cogaidh trí airm agus armáil a chosc sa chéad áit.”

2014-06-22

Ar an lá seo 22 Meitheamh

Ar an lá seo 22 Meitheamh, 1861, rugadh Félix Fénéon, fear na n-úrscéilíní beaga brónacha trí líne:
“Ní raibh jab ag Louis Lamarre ná díon os a chionn ach bhí cúpla bonn airgid aige. Cheannaigh sé lítear ceirisín i siopa grósaera in Saint-Denis agus d’ól é.”

“Dhein an tUasal Husson, Méara Nogent-sur-Marne, é féin a lámhach sa cheann trí huaire, le gunnán, gan é féin a mharú.”

“Sular léim sé isteach sa tSéin, inar bádh é, bhí scríofa ag an Uasal Doucrain ina leabhar nótaí, Maith dhom é, a Dhaid. Is maith liom thú.”

“Briseadh bosca na mbocht a bhí tiomnaithe do Naomh Antaine in eaglais Naomh Germain-l’Auxerrois. Tá an naomh sa tóir ar an ngadaí.”

“I gcomharsanacht Noisy-sous-École, thit an tUasal Delilliean, 70, ina phleist, marbh. Béim ghréine ba chúis leis. D’ith a ghadhar, Fido, a chloigeann ar an toirt.”

“Bhí Dorlay, a bhí sna seascaidí, ar crochadh de chrann in Arcueil agus an fógra seo air: Róshean chun obair a dhéanamh.”

“Iníon óg an Chonstábla Wegmüller as Lescherolles, Seine-et-Marne, tar éis di roinnt bláthanna a phiocadh, chogain iad is cailleadh de nimhiú í.”

“Gortaíodh (go marfach seans) an máistir pionsóireachta Pictori ag sá an amaitéaraigh, an tUasal Breugnot.”

“Toisc nárbh fhéidir obráid a dhéanamh ar an ailse, ghearr an tUasal Henrion, Châtillon-Laborde, Seine-et-Marne, a scornach le scian is rásúr.”

“Beirt bhuachaillí chróga, Deligne (13) agus Julien (11) a bhí chun ‘seilg a dhéanamh sa ghaineamhlach’, tugadh ar ais go Páras iad ó Le Havre.”

“Nuair a bhí an traein ag moilliú, d’oscail Mme Parlucy, Nanterre, an doras agus d’fhéach amach díreach agus traein luais ag gabháil thart. Deineadh smidiríní den doras – agus de Mme Parlucey.”

2014-06-20

2014-06-19

Ar an lá seo 19 Meitheamh

Ar an lá seo 19 Meitheamh, 2005, cailleadh Michael Davitt.
Bhí sé fós ina bheatha nuair a scríobhas an aiste seo mar gheall air, Naomhóg ag Déanamh ar an nGréin.
 
An Faoileán, amhrán a chum sé:

    'Thíos ar an trá
    Is an mhaidin ag pléascadh sa chuan ...'
Ní rithfeadh sé le héinne an briathar sin a úsáid mar sin, 'an mhaidin ag pléascadh sa chuan'. B'in an fuinneamh agus an tsaoirse a tháinig le INNTI. An pléascadh a bhí riachtanach! An briseadh amach (is isteach). Davitt faoi ndeara é.

2014-06-18

Ar an lá seo 18 Meitheamh

Ar an lá seo 18 Meitheamh, 2010, cailleadh José Saramago, Duaiseoir Nobel.
“Cruthaíonn scríbhneoirí litríocht náisiúnta, cruthaíonn aistritheoirí litríocht dhomhanda.”

Não é a pornografia que é obscena, é a fome que é obscena:
 

“Ní hé an phornagrafaíocht atá graosta, is é atá graosta ná an t-ocras.”

“Táimid ag maireachtáil i ndomhan an-aisteach. Ní phléitear an daonlathas, tá talamh slán déanta de, faoi mar a bheadh áit Dé tógtha ag an daonlathas, agus ní phléitear Dia ach an oiread.”

Não invento nada. Sou apenas alguém que se limita a levantar uma pedra e a pôr à vista o que está por baixo. Não é minha culpa se de vez em quando me saem monstrous:

“Ní chruthaímse rud ar bith. Níl ionamsa ach duine a ardaíonn carraig, sin an méid, agus a nochtann a bhfuil fúithi. Ní ormsa an locht má thagann arrachtaigh amach ó am go ham.”

“Cheapfá go raibh sé níos tábhachtaí an pláinéad Mars a bhaint amach ná 13 milliún Afracach a shaoradh ón ocras. Cén fáth a dteastódh uaim a fháil amach an bhfuil uisce ar Mhars má tá uiscí an Domhain á dtruailliú againn is gan faic á dhéanamh againn chun é a chosc?”

“Dá bhféadfainn dul siar ar m’óige, bheadh sé díreach mar a bhí, an bhochtaineacht, an fuacht, ganntanas bia, na cuileoga is na muca, é go léir léir.”

“Is é atá sa domhandú na saghas ollsmachtachais… is iad na boic mhóra atá i gceannas agus na boicht ag streachailt leo chomh maith agus atá siad in ann.”

2014-06-17

Haiku le Issa ón mbliain 1809

Tá rud éigin mistéireach ag baint leis an haiku simplí seo. An cat strae. Cad as ar tháinig sé? Cén fhaid a chrochfaidh sé thart i gcomharsanacht Issa? Cén dochar a dhéanfaidh sé? An mbeidh catachas ar siúl aige i lár na hoíche? An bhfuil cat baineann meallta cheana aige? Cuirtear dhá íomhá le hais a chéile go minic sa dea-haiku agus is deas an caidreamh atá acu lena chéile anseo, faoi mar a bheadh an crann faoi bhláth tar éis fonn spraoi a chur ar an rógaire de chat.
Ní thugann an dea-haiku an scéal ar fad dúinn, ar ndóigh. Nod, sin uile. Nóiméad. Fúinne atá sé an chuid eile den scéal a líonadh isteach, roimhe is ina dhiaidh.


an crann plumaí -
áit a bhfuil an cat strae ag spraoi -
faoi bhláth


.のら猫のうかるる梅が咲にけり

nora neko no ukaruru ume ga saki ni keri

Ar an lá seo 17 Meitheamh

Ar an lá seo 17 Meitheamh, 1918, rugadh Ajahn Chah.
“Is dúr í an aigne neamhoilte! Tagann imprisin na gcéadfaí agus buaileann siad bob uirthi – fulaingt, áthas is buairt – ach ní hin é fíornádúr na haigne … an aigne seo againne tá sí neamhchorraithe agus síochánta dáiríre….”

“Faigh amach cad atá ag tarlú i d’aigne; ná bí sona ná buartha ina thaobh, ná bí gafa leis. Má tá tú ag fulaingt, féach ar an bhfulaingt agus tuig cad atá ann agus bí folamh.”

“Níl ach leabhar amháin ann is fiú a léamh – an croí.”

“Teastaíonn ó dhaoine nibbana (nirbheána) a bhaint amach ach nuair a insíonn tú dóibh nach bhfuil aon ní ann, tagann amhras orthu.”

COINNLE le C. P. Cavafy

C.P. Cavafy

COINNLE

Seasann romhainn na laethanta atá ag teacht
ina sraith de choinnle beaga lasta -
coinnle órga beoga teolaí.

Na laethanta a d'imigh fanann ar gcúl,
líne dhearóil de choinnle múchta;
gal fós ós na cinn is gaire dhúinn,
coinnle spíonta cama fuara.

Níl fonn orm breathnú orthu; cuireann a gcruth cumha orm,
agus tagann cumha orm nuair a smaoiním ar a gcéad solas.
Féachaim romham ar mo choinnle lasta.

Níl fonn orm casadh ar eagla go bhfeicfinn is uamhan orm
an líne ghruama á síneadh go gasta
líon na gcoinnle múchta a mhéadú ar dalladh.

2014-06-16

Smaoineamh an Lae

Tá a gcúiseanna féin ag ainmhithe le bheith ar an saol. Níor cruthaíodh ar mhaithe le daoine iad díreach faoi mar nár cruthaíodh an cine gorm ar mhaithe leis an gcine geal agus faoi mar nár cruthaíodh mná ar mhaithe le fir.
Alice Walker

Ar an lá seo 16 Meitheamh

Ar an lá seo 16 Meitheamh, 1976, tharla Éirí Amach Soweto.

TITIM NA hOÍCHE IN SOWETO


le Oswald Mbuyiseni Mtshali

Tagann an oíche
Ar nós galair uafair
Trí phóireanna ag púscadh
I gcolainn fholláin
Á milleadh go hiomlán

Lámh dúnmharfóra
I bhfolach sna scáthanna
Greim aici ar mhiodóg
Is leagtar an truán.

Mise an t-íobartach sin
Sleáchtar gach oíche mé
Ar na sráideanna
Táim sáinnithe ag an sceimhle
A chreimeann an croí lag seo;
Go hanbhann, in ísle brí.

Níl an duine ina dhuine níos mó
Brúid is ea é
Creach.

Is mise an chreach
Atá á seilg
Ag an ainmhí craosach
Ar scaoil an oíche chruálach
As a chás marfach é.

Cá bhfaighinn tearmann?
Cá mbeinn slán?
Ní sa bhosca lasán de thigh agam
Mar bharacáid in aghaidh na hoíche.

Is eagal liom a choiscéim gharbh
Crithim roimh an chnagadh ard ar an doras.
“Oscail!” ar sé ag amhastrach mar mhadra mire
Is cuireann mo chuid fola tart air.

Oíche! Oíche!
Is tú mo dhearg-namhaid.
Cén fáth ar cruthaíodh thú?
Cén fáth nach dtiocfaidh ár lá
Anois . . . choíche?

2014-06-15

Smaoineamh an Lae

Fuaireas amach gur seangáin sheadánacha is ea deich faoin gcéad de speicis an domhain. Is deacair é a chreidiúint. Samhlaigh gur ceapadóir a bhí ionat agus go raibh deich faoin gcéad de na rudaí a cheap tú déanta sa tslí nach n-oibreoidís gan leas a bhaint as an nócha faoin gcéad eile, nó iad a chur ó dhealramh nó iad a lot ar fad?
Annie Dillard

Ar an lá seo 15 Meitheamh

Ar an lá seo, 15 Meitheamh, 1381, maraíodh Wat Tyler.

préachán/ crow

Íomhá Ron Rosenstock
Mainistir Mhuraisce
glórach tráth le hurnaí –
guth préacháin
Murrisk Abbey
once loud with prayer –
the voice of a crow

2014-06-14

Fearthainn Álainn


Fearthainn, fearthainn,
Ó a fhearthainn, fearthainn álainn,
Ná badráil mé, fearthainn álainn.
Ó tar, ní thiocfaidh, Ó tar, ní thiocfaidh,
Ó tar chugam, 'fhearthainn álainn
Ó tar, ní thiocfaidh, Ó tar, ní thiocfaidh,
Ó tar chugam,'fhearthainn álainn!

Fear –
Fear- fear- fearthainn
Fearthainn álainn,
Fear- fear- fearthainn
Fearthainn álainn
Ó tar, ní thiocfaidh, Ó tar, ní thiocfaidh
Ó tar chugam, 'fhearthainn álainn!

Nuair a imíonn an ghrian síos faoin sliabh
Seo ag taibhreamh mé faoin ngrian
Oíche mhaith
Nuair a imíonn an ghrian síos faoin sliabh
Seo ag taibhreamh mé faoin ngrian
Oíche mhaith!
Tá an ghrian dul síos, an éanlaith sna crainn
A' canadh go soilbhir binn
Nuair a imíonn an ghrian síos faoin sliabh
Seo ag taibhreamh mé faoin ngrian
Oíche mhaith!

Fear-
Fear-, fear- fearthainn,
Fearthainn álainn
Fear- fear- fearthainn
Fearthainn álainn
Ó tar, ní thiocfaidh, ó tar, ní thiocfaidh
Ó tar chugam,'fhearthainn álainn!

Agóid an Lae (An Corn Domhanda)

Ar an lá seo 14 Meitheamh

Seán ⁊ a bhean Brighid,
le caoinchead a n-iníne Aoileann
Ar an lá seo 14 Meitheamh, 1967, cailleadh Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh.
Tá an chatalóg anseo:

2014-06-13

Haiku le Issa ón mbliain 1810

Haiku máistriúil mealltach mistéireach. Cad atá á rá aige? Tá sceitimíní cheana air cé nach bhfuil na crainn silíní faoi bhláth? Sea, níl na bláthanna amuigh go fóill ach tá sé meallta acu mar is cuimhin leis an pléisiúr a thug siad dó an uair dheireanach. Is geall le nóta collaíochta atá á bhualadh sa haiku seo aige, an rud is annamh is iontach.

fiú sula mbriseann
siad amach, mealltar sinn:
bláthanna silíní
 .咲くからに罪作らする桜哉

saku kara ni tsumi tsukurasuru sakura kana

Ar an lá seo 13 Meitheamh

Ar an lá seo 13 Meitheamh, 1865, rugadh W B Yeats.
Is féidir dráma leis, Tairseach an Rí, a léamh anseo.

Tá bailiúchán dánta leis aistrithe go Gaeilge faoin teideal Byzantium. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh:

Dlúth-iomann

Intimate Hymn


le Rabbi Abraham Joshua Heschel
(1907 - 1972)

Leagan Béarla: Rabbi Zalman M. Schachter-Shalomi



 

From word to word I roam, from dawn to dusk.
Dream in, dream out -- I pass myself and towns,
A human satellite.

I wait, am hopeful, as one who waits at the rock
For the spring to well forth and ever well on.
I feel as bright as if I tented somewhere in the Milky Way.
To urge the world to feel I walk through lonesome solitudes.

All around me lightning explodes sparks from my glance
To reveal all light, unveil faces everywhere.
Godward, onward to the final weighing
overcoming heavy weight with thirst.
Constantly, the longings of all born call out, "Is anyone around?"
I know each one is HE, but in my heart there writhes a tear;
When of men and rocks and trees I hear;
All plead "Feel us"
All beg "See us"
God! Lend me your eyes!

I came to be, to sow the seed of sight in the world,
To unmask the God who disguised Himself as world--
And yes, I wait to be the first to announce "The Dawn."


(- as "Human, God's Ineffable Name," le Rabbi Abraham Joshua)

Dlúth-iomann


Ar fán atáim ó bhriathar go briathar, ó dhubh go dubh.
I dtaibhreamh isteach, as taibhreamh amach – gabhaim tharam féinig is thar bhailte,
I mo shatailít dhaonna.
Fanaim go dóchasach mar dhuine ag feitheamh ar an gcarraig
Go mbrúchtfaidh fuarán is go mborrfaidh go deo.
Braithim chomh geal sin amhail is go raibh mo phuball suite
Áit éigin i mBealach na Bó Finne.
Chun an domhan a ghríosú i dtreo is go mothóidh sé is ea a shiúlaim
Trí dhísirt uaigneacha.

Timpeall orm pléascann tintreach i splancacha  m’amhairc
Is léirítear an solas go léir, nochtar gach gnúis.
Ar aghaidh, i dtreo Dé, go dtí an meá deiridh
An meáchan trom á chloí le tart.
An uile neach a saolaíodh riamh ag glaoch gan stad: ‘Bhfuil éinne ann?’
Is eol dom gurb EISEAN iad go léir ach tá deoir pheannaideach im’ chroí
Ar chlos dom an duine, an charraig is an crann
Is iad go léir ag impí orainn, ‘Braith sinn!”
Ag tathant orainn, ‘Féach orainn”
A Dhé! Tabhair do shúile dom ar iasacht.

Tharla ann dom chun síol na físe a chur sa saol seo,
An masc a bhaint de Dhia is É i mbréagriocht an domhain –
Is sea, fanfad go mbead ar an gcéad duine a fhógróidh “Breacadh an Lae”

2014-06-12

Urchar spóil

I léirmheas ar Téip Dheireanach Krapp bhí an méid seo le rá ag an léirmheastóir:
Beckett’s brilliant use of the word “Spool” as a kind of lullaby soother in the mound of Krapp’s randomized linguistic chaos is left bafflingly un-translated, unless you count “Spúl” as something you might hear on the Aran Islands during a discussion on broadcast media.
Freagra ar sin:
What exactly is wrong with the Irish word 'spól'?  In weaving terms, spól fíodóra for a shuttlecock has been around for centuries.

Dinneen gives us Seán na spól for 'John the Weaver'. It's not that Gabriel Rosenstock invented the word 'spól' Spól cadáis, 'a spool of cotton' is very well established in Irish.

 Look at it's etymology and history in other Indo-European languages:

early 14c., "wheel for winding thread upon," from Old North French spole, espole "a spool" (13c.), from Middle Dutch spoele "a spool," from Proto-Germanic *spolon (cognates: Norwegian and Swedish spole, Old High German spuola, German Spule "a spool, bobbin"), from PIE root *spel- "to cleave, split"
 

spólaim ag Dinneen freisin - fig. I cut up one's character

Nic darowane (Níl aon ní ina bhronntanas)

Íomhá Ron Rosenstock

Nic darowane

Nic darowane, wszystko pożyczone.
Tonę w długach po uszy.
Będę zmuszona sobą
zapłacić za siebie,
za życie oddać życie.

Tak to już urządzone,
że serce do zwrotu
i wątroba do zwrotu
i każdy palec z osobna.

Za późno na zerwanie warunków umowy.
Długi będą ściągnięte ze mnie
wraz ze skórą.

Chodzę po świecie
w tłumie innych dłużników.
Na jednych ciąży przymus
spłaty skrzydeł.
Drudzy chcąc nie chcąc
rozliczą się z liści.

Po stronie Winien
wszelka tkanka w nas.
żadnej rzęski, szypułki
do zachowania na zawsze.

Spis jest dokładny
i na to wygląda,
że mamy zostać z niczym.

Nie mogę sobie przypomnieć
gdzie, kiedy i po co
pozwoliłam otworzyć sobie
ten rachunek.

Protest przeciwko niemu
nazywamy duszą.
I to jest to jedyne,
czego nie ma w spisie.

Níl aon ní ina bhronntanas

Níl aon ní ina bhronntanas, is iasacht é an rud ar fad.
Tá fiacha ina seacht sraith ar an iomaire agam.
Beidh orm féin íoc
 asam féin,
mo bheatha a thabhairt ar son mo bheatha.

Is mar seo atá:
Is féidir an croí a athshealbhú
An t-ae chomh maith,
Gach aon mhéar is méara na coise leis.

Ródhéanach na téarmaí a stróiceadh as a chéile,
Aisíocfar na fiacha
Is feannfar mé
Mar a bhainfí braillín de chorp.

Gluaisim ar fud an phláinéid
Fiachóirí ar gach taobh díom.
Cuid acu faoi ualach a gcuid sciathán
Nár íocadh fós astu.

A thuilleadh acu agus ar ais nó ar éigean
Caithfidh siad cuntas a thabhairt ar gach duilleog.
Tá gach fíochán dínn
Curtha chun dochair an chuntais.

Braiteog ná teannóg níl againn
Le coimeád.
Ciallaíonn an fardal síor-mhionsonraithe seo
Go bhfágfar sinn
Is an dá lámh chomh fada le chéile
Nó gan lámh ar bith.

Ní cuimhin liom
Cén áit, cathain nó cén fáth
Ar ligeas do dhuine éigin
An cuntas seo a oscailt is m’ainm leis.

Tugtar an t-anam
 ar an agóid seo
Agus is é an t-aon mhír
Nach bhfuil ar an liosta é.

~ Wisława Szymborska ~

 

NOTHING'S A GIFT

Nothing's a gift, it's all on loan.
I'm drowning in debts up to my ears.
I'll have to pay for myself
with my self,
give up my life for my life.

Here's how it's arranged:
The heart can be repossessed,
the liver, too,
and each single finger and toe.

Too late to tear up the terms,
my debts will be repaid,
and I'll be fleeced,
or, more precisely, flayed.

I move about the planet
in a crush of other debtors.
some are saddled with the burden
of paying off their wings.
Others must, willy-nilly,
account for every leaf.

Every tissue in us lies
on the debit side.
Not a tenacle or tendril
is for keeps.

The inventory, infinitely detailed,
implies we'll be left
not just empty-handed
but handless too.

I can't remember
where, when, and why
I let someone open
this account in my name.

We call the protest against this
the soul.
And it's the only item
not included on the list.
~ Wisława Szymborska ~

(Poems New and Collected 1957-1997, trans. S. Baranczak and C. Cavanagh)









 

Ar an lá seo 12 Meitheamh

Ar an lá seo 12 Meitheamh, 1936, cailleadh Karl Kraus.
“Tá mná áirithe ann nach bhfuil go hálainn – níl ann ach go bhféachann siad go hálainn.”

“Is eol do m’fho-chomhfhios níos mó faoi chomhfhios an tsíceolaí ná mar is eol dá chomhfhios siúd faoi m’fho-chomhfhios-sa.”

“Is minic a iarrtar orm a bheith cothrom agus féachaint ar ábhar éigin ó gach taobh. Dheineas amhlaidh, is mé ag súil go mbeadh feabhas éigin ar rud éigin dá mbreathnóinn air ó gach taobh. Ach ba é an toradh céanna é.”

“Litríocht an lae inniu: oidis scríofa ag othair.”

Mantra an tSolais

Is maith liom a bheith ag éisteacht leis an mantra seo, Mantra an tSolais. Is mar seo a fhuaimníonn sé:
oṃ amogha vairocana mahāmudra maṇipadma jvāla pravarttaya hūṃ

Léirítear i bhfoirm ciorcail é mar seo agus an chéad fhuaim (om) ag tosú um meán lae ar an gclog (nó meán oíche más maith leat):

 



 Duine eile a bhí tógtha leis an mantra seo ab ea an manach Myoe (1173-1232).  Dá mbeifeá i láthair i Stócólm nuair a bronnadh an Duais Nobel ar an gcéad Seapánach riamh chun an gradam sin a fháil, bheadh an t-ainm sin Myoe cloiste agat mar is faoi siúd cuid mhaith a labhair Yasunari Kawabata ar an 12 Nollaig, 1968. Nach ait an mac an saol.

Bhí Kawabata an-tógtha leis an dán seo a leanas de chuid Myoe – ní fhéadfadh sé an tSeapáin a fhágáil gan é a thabhairt leis agus é a aithris os comhair mhaithe is mhóruaisle na Sualainne is an domhain trí chéile:
Tagann gealach an gheimhridh amach as na néalta chun cuideachta a dhéanamh dom.

Tá an ghaoth feannaideach, an sneachta fuar.


Tá cur síos againn ón bhfile féin ar an dán sin agus tharraing Kawabata as an gcuntas sin sa Léacht Nobel uaidh, léacht inar thug sé faoin bhfolús a mhíniú do lucht an Iarthair mar go raibh daoine á rá go raibh a shaothar siúd lán d’fholús! Caithfidh go raibh iontas ar a raibh i láthair, an dream a thuig é agus an dream nár thuig.

Deir Myoe gur cumadh an dán ar an dara lá déag den dara mí déag sa bhliain 1224 nuair a bhí an ghealach laistiar de na néalta. Bhí an manach suite sa halla rinnfheithimh agus machnamh Zen ar siúl aige. Díreach ansin agus a chleachtadh Zen críochnaithe aige, um meán oíche, tháinig an ghealach amach agus lonraigh ar an sneachta. Bhí an ghealach ina compánach aige, a deir sé, agus ní raibh puinn eagla air nuair a lig mac tíre uaill sa ghleann.

Tá draíocht éigin ag baint leis sin go léir, Myoe sa tríú haois déag, an mantra ba ghile leis, Mantra an tSolais, an ghealach sa dán, an sneachta, an mac tíre agus Kawabata breis is 700 bliain ina dhiaidh sin á mholadh is á thabhairt chun cuimhne i Stócólm.

2014-06-11

Teanga ag Athrú

Bíonn teangacha ag athrú an t-am ar fad. Imíonn nathanna as faisean nó as feidhm. Tuigimid go léir é sin. Thuigeas i gceart inniu é nuair a lorgaíos frása cuí… chomh glan le….? ‘Chomh glan le sagart’ a deirtear. Sea, ach an ndéarfadh éinne a thuilleadh é?

Ar an lá seo 11 Meitheamh

Ar an lá seo 11 Meitheamh, 1672, rugadh Francesco Antonio Bonporti

2014-06-10

Do m’Iníon

Do m’Iníon


Nuair a chaillfear mé roghnaigh réalta
Is ainmnigh im’ dhiaidh í
Chun go dtuigfeá
Nár thréigeas thú
Nár dhearúdas thú.
Bhíse, leis, id’ réalta domsa
Is leanas thú trí do bhreith
Is d’óige, lámh liom
Id lámhsa.

Nuair a chaillfear mé
Roghnaigh réalta is ainmnigh í
Im dhiaidhse chun go lonróinn
Ort, go dtí go mbeimid beirt
Sa dorchadas agus sa tost
Le chéile.

For My Daughter


When I die choose a star
and name it after me
that you may know
I have not abandoned
or forgotten you.
You were such a star to me,
following you through birth
and childhood, my hand
in your hand.

When I die
choose a star and name it
after me so that I may shine
down on you, until you join
me in darkness and silence
together.

~ David Ignatow ~



(Against the Evidence: Selected Poems 1934-1994)
(for Erin, on her Birthday)

Ar an lá seo 10 Meitheamh

Íomhá Heinrich Klaffs
Ar an lá seo 10 Meitheamh, 2004, cailleadh Ray Charles.

GEORGIA

Georgia, Georgia
An lá uilig
Seanamhráinín binn
‘Is Georgia i mo chroí istigh
Georgia, Georgia
Mo cheol thú
A thagann chomh glé mar ghealach sa ghiúis lom

Géaga eile síneann chugam
Súile eile ’s iad gan ghruaim
Is i mo bhrionglóid síneann fúm
An bóthar síoraí chugat

Georgia, Georgia
Níl síocháin ar bith
Ach an seanamhrán
Is Georgia i mo chroí

Géaga eile síneann chugam
Súile eile ’s iad gan ghruaim
Is i mo bhrionglóid síneann fúm
An bóthar síoraí chugat

Georgia, Georgia,
Mo cheol thú
Seanamhráinín binn
Is Georgia i mo chroí istigh
Is Georgia i mo chroí

2014-06-09

Ar an lá seo 9 Meitheamh

Ar an lá seo, 9 Meitheamh, 597, cailleadh Colm Cille:
Is an-tapa luas mo churaigh
agus a dhroim le Doire,
Saoth liom mo thoisc thar ardmhuir,
ag triall ar Albain bhroinneach.

Atá súil ghlas
a fhéachann ar Éirinn thar n-ais,
Agus ní fheicfidh sí lena lá
feara Éireann ná a mhná.

Mo radharc thar sáile sínim
do chlár na ndarach líonmhar;
Mo dhéar mo roisc ghlais ghlémhaill
mar a fhéachaim thar m’ais ar Éirinn.

Beir mo bheannacht leat siar;
is briste mo chroí im chliabh.
Dá dteagmhódh domsa éag,
is ar mhéad mo ghrá ar Ghaeil.

Is air a charaim Doire;
ar a réidhe, ar a ghlaine;
Ba lomlán de aingil uile
gach duille i ndoirí Dhoire.

Mo Dhoire, mo dhoireagán,
mo áras agus mo aireaglán!
A Dhé Bhí atá thuas ar neamh,
is mairg a dhéanfadh a mhilleadh

2014-06-08

Ar an lá seo 8 Iúil

Ar an lá seo 8 Iúil, 1681, cailleadh Georg Neumark

Ar an lá seo 8 Meitheamh

Ar an lá seo 8 Meitheamh, 1927, rugadh George Lamming:
“Tá a fhios ag daoine anois go bhfuil an forlámhas millteanach atá ag ollchultúr Mheiriceá Thuaidh orainn chun an tsochaí a mhilleadh mura bhfuil fórsa cultúrtha ann a chuirfeadh ina choinne.”

2014-06-07

Ar an lá seo 7 Meitheamh

Ar an lá seo, 7 Meitheamh, 1917, rugadh an file Gwendolyn Brooks.

An Bhean Bhuile


Amhrán na Bealtaine ní chanfaidh mé.
Amhrán mar sin is cóir bheith aerach.
Fanfaidh mé go dtí mí na Samhna
Is canfad os ard laoi na léithe.

Fanfaidh mé go dtí mí na Samhna
Sin é an tráth a oireann domhsa.
Raghadsa amach ar oíche sheaca
Is canfad im’ ghósta.

Is stánfaidh na miondaoine orm:
“Féach mar atá an scéal–
An Bhean Bhuile ag canadh –
I mí na Bealtaine ní osclódh sí a béal!”

THE CRAZY WOMAN


I shall not sing a May song.
A May song should be gay.
I'll wait until November
And sing a song of gray.

I'll wait until November
That is the time for me.
I'll go out in the frosty dark
And sing most terribly.

And all the little people
Will stare at me and say,
"That is the Crazy Woman
Who would not sing in May."

Strainséirí i nDomhan Strainséartha Sinn

Duine a bhíonn ag scríobh don iris Modern Slavery Journal is ea Wolfi Landstreicher agus é á cheistiú féin de shíor. Strainséirí i ndomhan strainséartha is ea an uile dhuine againn, dar leis. Ní inniu ná inné a tharla an coimhthiú sin, an bhraistint sin nach rabhamar ag baile a thuilleadh sa saol seo. Tharla sé nuair a thosaigh ochtapas an stáit ag sá a chuid braiteog i ngach cuid de shaol an duine. Tharla sé nuair a d’imigh an táilliúir, an gréasaí, an tincéir, an gabha agus an chuallacht bhreá sin go léir agus nuair a tháinig na corparáidí ina n-áit, léan orthu.

Cad atá ag dó na geirbe ag Wolfi? Go hachomair, níl smacht againn a thuilleadh ar an saol atá á chaitheamh againn, táimid scartha ón bhfuinneamh cruthaitheach sin a ligfeadh dúinn an saol seo a mhúnlú chun ár sástachta. Tá Wolfi, mar sin, in aghaidh an tsaoil mar nach aon saol ceart é, dar leis. Tréigtheoir is ea é más maith leat. Sea, sin a thugann sé air féin. Tá níos mó tréigtheoirí uainn.

Tá nath deas sa Ghaeilge agus sinn ag tagairt do neach éigin nach bhfuil cosúil leis an gcuid eile againn, ‘Ní dár gcaoirigh é’; is é sin le rá, ní bhaineann sé leis an tréad a thuilleadh, má bhain riamh.

Ní haon chaora é Wolfi! Tá seisean  agus daoine mar é i gcoimhlint leis an treibh, leis an tréad, leis féin agus lena chairde, fiú. Ag an am céanna, tá sé ag scríobh; ciallaíonn sé sin go bhfuil dóchas éigin aige go bhfuil duine éigin, áit éigin amuigh ansin – ní gá go mbeadh sí ina hainrialaí ná ina réabhlóidí – a thacódh leis agus a aithneodh comharthaí na daoirse seo a ndéanann sé cur síos orthu.

Ní leat do shaol, a deir Wolfi. Rud is ea do shaol atá ag tarlú duit, mar a déarfá. Ní tusa atá á chruthú. Beidh ort machnamh air sin ar feadh tamaill, féachaint an fíor é mar ráiteas. B’fhéidir gur smaoinigh tú cheana air seo, gur chroith tú do ghuaillí agus go ndúirt tú leat féin nach bhfuil aon leigheas air mar scéal. ‘Sin é an saol!’ Ní maith leis an ainrialaí ná leis an réabhlóidí an chaint sin. Ní maith leis an bhfile ach an oiread é! Sin é an saol, ab ea? Tá fís eile agamsa, an freagra air sin.

‘Ní leat do shaol!’ Is abairt scanrúil í sin. Nuair a bhí Gaeil faoi shúiste Gall d’fhéadfá a rá nár mháistrí ar a gcinniúint féin iad. Ag na tiarnaí talún a bhí an t-airgead, an mhaoin, an chumhacht agus an Béarla breá, teanga na cumhachta. Iadsan a scríobh an stair. Ach táimid saor anois. Nó an bhfuil?

‘Capitalism would have us believe that we only deserve to be here because of what we produce,’ a deir A P Gumbs. Tá an ceart aici sa mhéid sin; tá méar leagtha aici ar an gcúis go mbraitheann go leor daoine ina strainséirí ina dtír féin. ‘Entfremdung’ a thug an Marxach óg ar a leithéid.      

Deir Wolfi go gcuirtear brú orainn chun an chuid is mó dár saol a íobairt ar mhaithe le hairgead a dhéanamh chun ár mbunriachtanais a shásamh. Ní haon saol ceart é sin, áfach. Saol seasc é sin, dar leis, saol nach bhfuil puinn sásaimh ann ná oscailt ar bith ann dár mianta cruthaitheacha. Chun an domhan atá ann a chothú agus a mhéadú, ofráiltear sinn go léir ar altóir na híobartha.

Teoiric spéisiúil, nach ea? Ar fhoghlaim tú an  teoric sin riamh ar scoil? Níor fhoghlaim, ar ndóigh, mar is cuid den ‘saol’ iad na scoileanna – cuid d’institiúidí uile an tsaoil agus iad á mbuanú féin i gcónaí. Ach tharla an ghéarchéim eacnamaíochta agus tá an ‘saol’ seo á cheistiú ag níos mó daoine ná riamh, is léir. Tá an caipitleachas á cheistiú. Na margaí. An éifeacht atá ag an gcóras tionsclaíoch ar dhaoine, ar an aeráid, ar an timpeallacht. Bhí tubaistí nádúrtha riamh ann. Tá tubaistí mínádúrtha anois againn anuas ar na tubaistí nádúrtha. Ach cathain a chuala tú léitheoir nuachta á rá ‘Tharla tubaiste mhínádúrtha inniu sa Rómáin’?

Ar fud an domhain tá na milliúin is na milliúin daoine agus a n-aghaidh á dtabhairt acu ar na cathracha, tuilleadh strainséirí a mbrú isteach i ndomhan strainséartha. Tá na póilíní á dtraenáil anois mar shaighdiúirí mar tá a fhios ag na húdaráis go bhfuil míshásamh mór ar fud an domhain agus pléascfaidh an bolcán sula i bhfad. Tá sé ag pléascadh cheana thall is abhus. Tuairisceoidh na meáin go bhfuil ‘ainrialaithe’ ar na sráideanna. Ní ainrialaithe chuige iad. Is daoine iad. Is daoine iad atá ag iarraidh cur in aghaidh na daoirse. Goideadh an tsaoirse uathu. Goideadh a ndínit is a dteanga uathu. Tá siad á lorg ar ais.   

Déarfaidh daoine áirithe, an chléir agus fórsaí coimeádacha eile inár measc, go bhfuil Wolfi agus a chairde craiceáilte. Deir Marx (Groucho): ‘Blessed are the cracked for they shall let in the light.’ Áiméan.    

2014-06-06

Ar an Lá seo 6 Meitheamh

Ar an 6 Meitheamh, 1961, cailleadh Carl Jung.
Tá páirt aige san úrscéilín gairid liom Ríocht na Cailce. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce anseo – ní Jung, atá i dTír na nÓg, ach an t-úrscéilín (mura bhfuil aon rud níos fearr le déanamh agat).

Haiku le Issa ón mbliain 1811

Féachann an bheith gheal chomh séimh is chomh maighdeanúil, ba dhóigh leat, gur geall le banéigean é gníomh garbh na gaoithe. Sin é mo léamhsa ar an haiku seo ar aon nós. Bíodh a léamh féin ag gach éinne.


coirt
na beithe gile
á scamhadh ag gaoth an fhómhair

 .秋風や皮を剥れしかんばの木

aki kaze ya kawa wo hagareshi kanba no ki

2014-06-05

Song of Myself #32 -- Walt Whitman (SLIOCHT)

D’fhéadfainn casadh measaim is cónaí i measc na
n-ainmhithe, chomh séimh is atáid iontu féin.
Seasaim is breathnaím orthu ar feadh i bhfad.

Ní bhíd ag bárcadh allais ná ag gearán faoin staid ina bhfuilid,
Ní fhanann ina luí sa dorchadas gan suan is a bpeacaí acu á gcaoineadh.
Ní chuireann siad masmas orm is iad ag caint faoina ndualgas i leith an Chruthaitheora,
Níl neach díobh míshásta ná mire mhaoine ag cur as dóibh,
Ní fheacann siad glúin roimh a chéile ná roimh neach a mhair na mílte bliain ó shin,
Níl neach díobh measúil ná gruama ar chlár na cruinne.
 ~ Walt Whitman ~


I think I could turn and live with animals, they are so placid and
self-contain'd,
I stand and look at them long and long.

They do not sweat and whine about their condition,
They do not lie awake in the dark and weep for their sins,
They do not make me sick discussing their duty to God,
Not one is dissatisfied, not one is demented with the mania of owning things,
Not one kneels to another, nor to his kind that lived thousands of years ago,
Not one is respectable or unhappy over the whole earth.
~ Walt Whitman ~

Ar an lá seo 5 Meitheamh

Ar an lá seo 5 Meitheamh, 1898, rugadh Lorca. Tugaimis a ainm iomlán air agus an Croí Ró-Naofa ina lár: Federico del Sagrado Corazón de Jesús García Lorca. An file a fuair réamhspléachadh ar a bhás féin:


Amhrán an Mharcaigh


Córdoba
Leis féin san imigéin.

Capaillín dubh, ré lán,
Is diallait lán d’ológa.
Cé gurb eol dom na bóithre
Ní shroichfidh mé go deo Córdoba.

Tríd an má, tríd an ngaoth,
Capaillín dubh, ré ómra.
An bás ag faire orm
Ó thúir Chórdoba.

Aidhe, nach fada é an bóthar!
Aidhe, mo chapaillínse cróga!
Aidhe, is an bás ag fionraí liom
Ar an taobh seo de Chórdoba.

Córdoba
Leis féin san imigéin.

Canción del jinete

Córdoba.
Lejana y sola.

Jaca negra, luna grande,
y aceitunas en mi alforja.
Aunque sepa los caminos,
yo nunca llegaré a Córdoba.

Por el llano, por el viento,
jaca negra, luna roja.
La muerte me está mirando
desde las torres de Córdoba.

¡Ay que camino tan largo!
¡Ay mi jaca valerosa!
¡Ay que la muerte me espera,
antes de llegar a Córdoba!

Córdoba.
Lejana y sola.
- Federico García Lorca

Smaoineamh an Lae

Dá mbeadh Galileo tar éis a rá i bhfoirm véarsaíochta go mbogann an domhan, seans nach mbacfadh an Chúistiúnacht leis in aon chor.
Thomas Hardy (1840-1928)

2014-06-04

Graifítí an Lae

Lean solas na gealaí ionat féin istigh; ná ceil an gealtachas.
Allen Ginsberg (1926 - 1997)

Ar an lá seo 4 Meitheamh

Ar an lá seo 4 Meitheamh, 1907, rugadh Jacques Roumain:
“Cad atá ionainn? Ós rud é go gcuireann tú an cheist, táim chun tú a fhreagairt. Sinne an tír seo agus ní bheadh aon ní ann gan sinn, faic in aon chor. Cé a dhéanann an síol a chur? Cé a dhéanann an t-uisciú? Cé a thugann isteach an fómhar? Caife, cadás, rís, cána siúcra, cócó, arbhar, bananaí, glasraí, is na torthaí go léir, cé atá chun iad a fhás mura ndéanfaimidne é? Ach ina dhiaidh sin is uile, táimid bocht, is fíor. Níl an t-ádh linn, is fior. Is ainnis é ár gcás, is fíor. Ach an bhfuil a fhios agat cén fáth, a dheartháir? De dheasca ár n-aineolais. Ní thuigimid fós an fórsa atá ionainn, fórsa aontaithe – na tuathánaigh go léir, na Gormaigh go léir ar mhá agus ar chnoc, iad uile aontaithe. Lá éigin, nuair a thuigfimid é sin, éireoimid amach as gach cearn…”

Sampla dá shaothar aistrithe go Béarla anseo

2014-06-03

Físeán an Lae


Breis eolais

Clann na nÉan

Úrscéilín gairid do dhéagóirí, Clann na nÉan, ar fáil anseo saor in aisce.

Bliain iomlán a chaith mé faoi thalamh. Sa séarach.
Níl teastas, dioplóma ná céim agam dá bharr. Tá rud
níos luachmhaire agam. Eochair na beatha.

Ar an lá seo 3 Meitheamh

Ar an lá seo 3 Meitheamh, 1963, cailleadh an mórfhile Nâzım Hikmet Ran

Angina Pectoris


Má tá leath mo chroí anseo, a dhochtúir,
sa tSín atá an leath eile
leis an arm agus ár dtriall
ar an Abhainn Bhuí.
Agus gach maidin, a dhochtúir,
gach aon mhaidin le héirí na gréine,
lámhachtar mo chroí sa Ghréig.
Agus gach aon oíche, a dhochtúir,
agus na cimí ina gcodladh is an otharlann tréigthe
stopann mo chroí ag bathlach tí
in Iostanbúl.
Is ansin i ndiaidh deich mbliana
níl agam le tairiscint do mo mhuintir bhocht
ach an t-úll seo im’ lámh, a dhochtúir,
úll dearg amháin:
mo chroí.
Agus sin agat anois, a dhochtúir, an chúis
atá leis an angina pectoris –
Ní nicitín faoi ndear é, príosún ná scléaróis artaireach.
Féachaimse ar an oíche trí na barraí
agus ainneoin an mheáchain ar m’ucht
buaileann mo chroí fós leis na réaltaí is faide i gcéin.

Shakespeare

HOT.
Come, Kate, thou art perfect in lying down: come, quick,
quick, that I may lay my head in thy lap.

LADY P.
Go, ye giddy goose.

[The music plays.]

HOT.
Now I perceive the Devil understands Welsh;
And 'tis no marvel he's so humorous.
By'r Lady, he's a good musician.

LADY P.
Then should you be nothing but musical; for you are
altogether governed by humours. Lie still, ye thief, and hear
the lady sing in Welsh.

HOT.
I had rather hear Lady, my brach, howl in Irish.

LADY P.
Wouldst thou have thy head broken?

HOT.
No.

LADY P.
Then be still.

(An Rí Anraí IV, Cuid a hAon, Shakespeare)

2014-06-02

Guigí


Ar an lá seo, 2 Meitheamh

Ar an lá seo, 2 Meitheamh, 1941, rugadh Oda Mayumi

Bean?

Éan - ar an gcéad amharc! Féach arís. Bean lánphéinteáilte atá san íomhá seo, creid é nó ná creid. Johannes Stötter a rinne.

2014-06-01

Haiku le Issa (1816 & 1819)

Nach spéisiúil go bhfuil an fhuaim chéanna beagnach sa Ghaeilge, sa tSeapáinis agus sa Bhéarla i gcás an fhocail seo: súiche= susu = soot
an cábán seo agamsa -
scuabaim an súiche
le fean

.我家は団扇で煤をはらひけり
waga ie wa uchiwa de susu wo harai keri

Filí! Ní hiad is praiticúla ar domhan is dócha. Tá scata haiku ag Issa agus cur síos aige ar shúiche iontu.
Is brónach é an ceann seo a chum sé trí bliana ina dhiaidh sin,1819, nuair a cailleadh Sato, iníon leis:

.煤払の世話がなき身の涙かな
susu harai no sewa ga naki mi no namida

súiche á scuabadh
is gan éinne a chabhródh liom -
mo dheora