Ar an lá seo 25 Meitheamh 1984, cailleadh Michel Foucault: | |
“An ábhar iontais é go bhfuil na príosúin cosúil le monarchana, scoileanna, beairicí, ospidéil, agus iad ar fad cosúil le príosúin?”
“Ní bhraithim go bhfuil sé riachtanach go dtuigfinn cad atá ionam. An rud is spéisiúla faoi a bheith beo agus a bheith ag obair ná go n-iompófá amach i do dhuine nach raibh ionat i dtosach. Dá mbeadh a fhios agat i dtús an leabhair cad a scríobhfá ag an deireadh, an gceapann tú go mbeadh an misneach agat chun tabhairt faoi? An rud atá fíor i gcás na scríbhneoireachta agus i gcás chaidreamh grá, is fíor leis é i gcás na beatha. Is fiú go mór é mar chluiche sa mhéid nach eol dúinn a dheireadh.” “Is ábhar mórtais dom go gceapann daoine áirithe gur baol mé do shláinte intleachtach na mac léinn. Tá rud éigin bunoscionn nuair a thosaíonn daoine ag smaoineamh ar ghníomhaíochtaí intleachtacha i dtéarmaí na sláinte de. Dar leo siúd is duine dainséarach mé, tarlaíonn gur criptea-Mharxach, neamhréasúnaí agus nihilí mé.” “Tá níos mó smaointe amuigh ansin ná mar a shamhlaíonn intleachtaigh. Agus tá na smaointe seo níos gníomhaí, níos láidre, níos frithsheasmhaí agus níos paiseanta ná mar a cheapann ‘polaiteoirí’. Ní mór dúinn a bheith i láthair nuair a shaolaítear smaointe, nuair a phléascann an fórsa ata iontu amach sa saol: ní sna leabhair a chuireann in iúl iad ach in imeachtaí a chuireann an fórsa sin in iúl, sa streachailt a dhéantar timpeall ar na smaointe sin, ar a son nó ina gcoinne…” |