2014-06-28

Ar an lá seo 28 Meitheamh



Ar an lá seo 28 Meitheamh, 1936, cailleadh Alexander Berkman.





Clasaiceach leis is ea ABC of Anarchism atá le léamh anseo:

Bhí Berkman den tuairim gurb é an t-ainrialachas an smaoineamh ab fhearr a bhí ag an duine riamh, an t-aon rud a bhronnfadh saoirse agus sonas orainn. Thuig sé go mbeadh an domhan ina choinne, polaiteoirí, lucht gnó, lucht creidimh. Seo cuid dá raibh le rá aige:

“An bhfuil an Eaglais in ann cabhrú leat?

B’fhéidir gur Críostaí thú nó ball de chreideamh eile, Giúdach, Mormanach, Machmadach, Búdaí nó rud éigin eile. Is cuma. Ba cheart go mbeadh saoirse chreidimh ag daoine. Ní hé cén creideamh atá agat an pointe ach an bhfuil an creideamh sin in ann an t-olc a fhulaingímid a chosc.

Níl againn ach saol amháin anseo: sin cnámh agat agus cuirse féin feoil air. Cad a tharlóidh i ndiaidh ár mbáis níl fhios againn. Seans maith nach mbeidh fhios againn go deo mar sin ní fiú bheith leis.

Baineann an scéal seo leis an mbeatha, ní leis an mbás. Is cás linne na beo, tusa is mise is daoine atá cosúil linn. An féidir áit níos fearr le bheith beo ann a dhéanamh den domhan? Ba mhaith linne é sin a fháil amach. An bhfuil creideamh in ann é a dhéanamh?

Tá an Chríostaíocht linn le tuairim is dhá mhíle bliain. An bhfuil deireadh curtha aici leis an olc? An bhfuil deireadh le coiriúlacht agus dúnmharú, ar saoradh ón mbochtaineacht is ón ainnise sinn, ón tíorántacht?

Tá fhios agat go maith an freagra atá air sin. Tá a fhios agat gur sheas an Eaglais Chríostaí, is gach aon eaglais eile, ar thaobh na máistrí, in aghaidh an phobail. Anuas air sin: an Eaglais is cúis le níos mó coimhlinte agus doirteadh fola ná cogaí na ríthe is na n-impirí go léir. Tá reiligiúin tar éis an cine daonna a dheighilt ina gcreidimh in aghaidh a chéile agus troideadh na cogaí is fuiltí mar gheall ar chreidimh éagsúla a bheith ag daoine. Dhein an eaglais géarleanúint ar dhaoine mar nár thaitin a dtuairimí leo, cuireadh i bpríosúin iad is maraíodh iad. Bhí an domhan go léir ciaptha ag an gCúistiúnacht Chaitliceach a dhein eiricigh, mar dhea, a chéasadh is a dhó ina mbeatha…

Cháin na heaglaisí gach iarracht a dhein an duine ar a aigne a fhorbairt, dul chun cinn a dhéanamh, feabhas a chur ar a shaol. Dhamnaigh siad an eolaíocht agus chuir ina dtost iad siúd a raibh dúil san eolas acu. Go dtí an lá inniu, tá an creideamh institiúidithe ina Iúdás a dhéanann feall ar an Slánathaitheoir atá aige, más fíor. Tacaíonn sé le dúnmharú agus le cogadh, le sclábhaíocht chóras an tuarastail agus leis an robáil chaipitleach agus seasann de shíor ar son an dlí agus ar són an chirt a chéas an Nasarthach . . .

Cháin Íosa na boic mhóra mar nathracha agus mar dhream a dhein cos ar bolg ar na boicht. Sléachtann an eaglais roimh lucht an airgid agus cuireann sí saibhreas mór i dtaisce.

I mainséar a rugadh an Nasarthach agus bochtán ab ea é ar feadh a shaoil. I bpáláis a chónaíonn na hionadaithe agus na hurlabhraithe atá aige (más fíor) ar an saol seo.
~

I measc na n-eagraíochtaí is saibhre dá bhfuil ann inniu tá an Eaglais Chaitliceach, an eaglais Phrotastúnach, an eaglais Anglacánach, an Eolaíocht Chríostaí, na Mormanaigh agus sainaicmí creidimh eile nach iad . . .

‘Ach saol eile a bheadh ann,’ a deir tú, ‘dá mbeimis inár bhfíor-Chríostaithe.’

An ceart agat, a chara. Ach an féidir a bheith i do Chríostaí ceart agus cúrsaí mar atá faoi láthair? An ligfeadh an caipitleachas duit saol mar sin a chaitheamh? An ligfeadh an rialtas duit saol mar sin a chaitheamh? An eaglais féin, an dtabharfaidh sí seans duit a bheith i d’fhíor-Chríostaí?

Bain triail as ar feadh aon lá amháin go bhfeicfidh tú. Ar fhágáil an tí duit ar maidin, abair leat féin go diongbháilte go mbeidh tú id’ Chríostaí agus gan ach an fhírinne a insint inniu. Agus tú ag gabháil thar an bpóilín ag an gcúinne, meabhraigh Críost agus aitheanta Dé dó. Abair leis grá a bheith aige dá naimhde agus téigh ag tathant air a smachtín agus a ghunna a chaitheamh uaidh. Agus má chastar saighdiúir ort bí cinnte a rá leis, ‘Ná déan marú!’ Sa siopa nó san oifig duit, labhair an fhírinne iomlán leis an bhfostóir. Inis dó faoin rabhadh a thug an Nasarthach dúinn:

‘Cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?’

Luaigh leis gur ordaigh Sé dúinn an builín deireanach againn a roinnt leis na boicht; go ndúirt Sé, ‘is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé’.

Agus nuair a thabharfar os comhair na cúirte thú as callóid a tharraingt agus cur isteach ar Chríostaithe maithe, meabhraigh don Bhreitheamh, ‘Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh’.

Déarfaidh siad gur amadán nó gealt is ea thú agus cuirfear i ngealtlann nó i bpríosún thú…

Is fíor, dá leanfaí teagasc an Nasarthaigh domhan eile ar fad a bheadh againn. Ní bheadh dúnmharú ann ná cogadh; ní bheadh caimiléireacht ná bréagadóireacht ann ná brabach á bhreith ar dhaoine. Ni bheadh sclábhaí ann ná máistir agus bheimis go léir ag maireachtáil inár mbráithre, go síochánta, gach éinne ag réiteach lena chéile. Ní bheadh saibhir ná daibhir ann, ní bheadh coiriúlacht ná príosúin ann, ach ní hé sin atá ag teastáil ón eaglais. Sin an rud atá ag teastáil ó na hAinrialaithe.”