Ní le saol éigin eile ach leis an saol seo a bhaineann 
an haiku agus, go traidisiúnta, bíonn an dea-haiku ar maos sa dúlra 
agus boladh na séasúr uaidh. Baineann an haiku seo, áfach, leis an 
ngalar coitianta a fhaightear ar fud an domhain "fhorbartha" is é sin 
nach bhfuil a fhios ag a leath againn cé atá ina gcónaí in aice linn.
an chéad sneachta
rianta coise na gcomharsan
nach bhfacamar riamh
Melissa Allen
 
