2013-05-27

Máistir na Séimhe, K. Ramesh agus a chuid haiku

Is múinteoir é K. Ramesh agus is i gceann de na scoileanna Krishnamurti a mhúineann sé. Nach méanar dá dhaltaí agus oide mar sin acu. Chreid Jiddu Krishnamurti nach mbeadh rath ar éinne againn gan teacht ar thuiscint do na nithe sin go léir a mhúnlaíonn sinn, náisiúntacht, creideamh, mianta, claontacht, eagla agus nithe eile ar ábhar coimhlinte go minic iad. Má tá aon ní amháin le sonrú i haiku K. Ramesh, easpa coimhlinte a thabharfainnse air.
An té a bhfuil leathdhosaen haiku den scoth scríofa aige is máistir haiku é (an máistir ba mhó ar fad, Basho, a dúirt) agus dá réir sin is máistir é K. Ramesh. Duine cúlánta is ea é. Nuair a bhuaileas leis san India, is i gcogar a labhair sé agus é féin á chur in aithne dom. Ag freastal ar cheardlann haiku liomsa a bhí sé ach dáiríre d’fhéadfadh seisean a bheith i mbun na ceardlainne agus mise mar dhalta aige:


cuar an chrúsca uisce. . .
an teaghlach go léir
ag ithe dinnéir

Tá mistéir ansin, nach bhfuil? Ealaín ar bith a bhfuil mistéir ag baint léi, sin í an ealaín a labhraíonn liomsa agus a fhanann liom. Táimid timpeallaithe ag gach saghas gáifeachta na laethanta seo agus is iontach an ní é an neamhghairéadaí a fhaighimid i ndéantús K. Ramesh. An rud is annamh is iontach.
     Tá soilíos sa haiku thuas, atmaisféar na sástachta; tá luachanna ann nach bhfaightear an-mhinic i saol na n-ealaíon inniu: caithfidh coimhlint a bheith i ndráma, i scannán, in úrscéal, caithfidh foréigean a bheith ann, teannas. Tús sona, sonas sa lár, críoch shona? Níl sé sin ó éinne a thuilleadh de réir dealraimh. Andúiligh teannais is ea gach éinne na laethanta seo, an buachaillín sé bliana d’aois agus físchluiche á imirt aige san áireamh. Mura bhfuil teannas is foréigean á thuairisciú ar an Nuacht, braithimid go bhfuil rud éigin in easnamh uirthi.
     Saol nádúrtha, áfach, a léiríonn K. Ramesh ina chuid haiku. Cad eile? Is í an nádúrthacht bunchloch an haiku. Tugtar faoi deara go bhfuil dhá bhrí ag baint leis an bhfocal ‘nádúrthacht’ sa Ghaeilge. Cneastacht an bhrí thánaisteach atá leis an bhfocal.


cliseadh cumhachta –
dúnaim an leabhar
tugaim cluas don bháisteach

Is follasach go bhfuil spiorad an haiku ansin mar is é an t-airdeall a ghineann an haiku. Murach an t-airdeall sin ní bheadh an haiku ann. Rud is ea cliseadh cumhachta a tharlaíonn go minic san India. Tagann an chumhacht ar ais arís tar éis nóiméad nó dhó nó cuirtear gineadóir ar siúl. Haiku álainn is ea é. Ar shlí, tá sé á rá go bhfuil níos mó le foghlaim ón mbáisteach ná ón leabhar nó b’fhéidir nach é sin an rud atá á rá aige in aon chor. Bíonn níos mó ná léamh amháin ar haiku. Fágtar gan teideal iad mar go gcúngódh sé sin iad. Fágtar oscailte iad. Ní bhíonn lánstad ag an deireadh mar níl an focal deiridh ráite. Ní bheidh go deo.
 
dhá chuach
ag glaoch –
fáinne geal an lae

An-simplí, mar is ceart. Eachtra bheag díreach mar a tharla, gan cur leis an scéal ná baint de. Soineantacht. Tá dhá bhrí le soineantacht, leis, ‘soineantacht’ duine agus ‘soineantacht’ mar fhocal chun cur síos ar an aimsir. Faightear an tsoineantacht is an tséimhe sin go flúirseach i haiku K. Ramesh agus ní thuirseoinnse go deo de:

teagmhaíonn duilleog bhuí
leis na duilleoga glasa
ar a slí síos

Is léir go bhfuil na máistrí móra léite agus athléite aige, Basho, Buson, Issa, Shiki, Santoka et al. Tá rud éigin an-Seapánach faoi haiku sin na nduilleog aige. Ní haon locht é sin air. Ach tríd is tríd tá a stampa féin agus stampa chultúr a thíre féin buailte go tréan aige ar a chuid haiku:


gort ríse cois abhann
guth an fheirmeora
ag labhairt leis na tairbh

Arís, an tséimhe sin. Leochaileacht. Níl aon áit sna haiku seo don Sturm und Drang, níl taibhsí Kerouac ná Basho anseo, ná tintreach ná toirneach. Níl aon bhagairt anseo:

scáil éisc . . .
ó phúróg
go púróg

Rithim na tuaithe atá anseo, rithim atá dearmadta ag a lán againn, rithim na beatha, rithimí nádúrtha an lae, rithim an chroí, rithim na séasúr:

baile dúchais ...
is mall mar a fhreagraíonn an tarbh
do chloigín an rothair

An uair fhánach a bhuailtear nóta ón bhfiántas anseo, ar chuma éigin níl aon eagla le brath ann:

oíche ghealaí . . .
dúisím is liúnn seacal
i gcéin

Bhí a lán le rá ag Jiddu Krishnamurti faoin dúlra agus is maith go bhfuil file mór haiku ag múineadh i gceann de na scoileanna a bhuanaíonn a theagasc siúd. Dúirt Krishnamurti uair amháin: ‘Nuair a chailltear an dlúthchaidreamh domhain leis an dúlra is ansin a bhíonn tábhacht ag baint leis an teampall, leis an mosc is leis an eaglais.’ In áit eile (ina dhialann) deir sé mura mbíonn teagmháil againn leis an dúlra caillfimid teagmháil leis an daonnacht, le nádúr an duine féin.
Sa chéad haiku eile tá sampla maith den chleas sin a bhíonn ag lucht haiku, is é sin dhá íomhá le hais a chéile is gan aon cheangal eatarthu ar an gcéad amharc:

ióga maidine –
cuar an gheiceo
ar an mballa

Treisíonn na híomhánna sin a chéile. An úire a bhaineann le haiku K. Ramesh, úire na soineantachta í, úire na neamhornáideachta, tuairisc lom shimplí ar an rud atá ag titim amach go neamhdhrámata is go nádúrtha.
Is minic spraoi, leis, ina chuid haiku :

scoil fán dtuath . . .
siúlann scata lachan
thar an seomra ranga