2013-12-26

Ar an lá seo, 26 Nollaig

Ar an lá seo, 26 Nollaig, 1997, cailleadh Cornelius Castoriadis.


“Is mian liom agus éilímse go mbeadh éifeacht le mo chuid oibre, go mbeinn ag teacht lena cuid cuspóirí agus an tslí ina gcuirtear i gcrích í, go ligfí dom mo dhúthracht a chaitheamh i gceart léi, leas a bhaint as mo chumas agus ag an am céanna mé féin a shaibhriú agus a fhorbairt. Agus deirimse go bhfuil sé sin indéanta, ach an tsochaí a bheith eagraithe ar bhealach eile, gur féidir a leithéid a bheith ann, domsa agus do gach éinne eile. Bunathrú sa treo sin, a deirimse, dá ligfí domsa agus dá ligfí do chách cinneadh a dhéanamh faoin méid a chaithfinnse a dhéanamh agus, i gcomhar le mo chomhoibrithe, conas é sin a dhéanamh.

Ba mhaith liom a fháil amach, i gcomhar le cách, cad atá ag titim amach sa tsochaí, a bheith in ann méid agus cáilíocht an eolais a fhaighim a rialú. Iarraimse go mbeadh ar mo chumas a bheith rannpháirteach go díreach in aon chinneadh sóisialta a mbeadh baint aige le mo shaol agus leis an saol i gcoitinne. Ní ghlacaimse leis go bhfuil mo chinniúint leagtha síos cheana féin, lá i ndiaidh lae, ag daoine ar naimhdeach liom a gcuid tionscadal, nó mé aineolach orthu, agus nach bhfuil ionainne, is é sin mise agus gach éinne eile, ach uimhreacha, díreach, i bplean ginearálta, nó inár gceithearnaigh ar chlár fichille…”