Níl cáil na Gaeilge ar mholtóirí an chomórtais seo. Glacfar le
hiontrálacha i nGaeilge agus i mBéarla, deirtear, ach mura bhfuil na
moltóirí cáilithe chun na hiontrálacha Gaeilge a mheas, cén seans a
bheadh ag gearrscéal Gaeilge? Cén gearrscéalaí Gaeilge a chuirfeadh
isteach air agus a fhios aige roimh ré nach mbeadh an painéal moltóirí
báúil lena iarracht? Más mian le RTÉ iontrálacha i nGaeilge a spreagadh,
níl le déanamh aige ach moltóirí dátheangacha a cheapadh.Tá an comórtas
gearrscéalta seo ainmnithe i ndiaidh Francis McManus, scríbhneoir sa dá
theanga. Faoin ainm PROINSIAS MAC MAGHNUIS a scríobh sé an leabhar Seal ag Ródaíocht. Tá sé in am deireadh a chur leis an aonteangachas éigeantach seo.