2015-03-30

Graifítí an Lae: Anthony de Mello

Staid nádúrtha an duine é an sonas. Staid nádúrtha an linbh é an sonas, ar leis an ríocht go dtí go dtruaillíonn is go salaíonn dúire na sochaí agus an chultúir é. Chun sonas a fháil, ní gá duit aon ní a dhéanamh, mar nach féidir sonas a fháil. An bhfuil a fhios ag éinne cén fáth? Mar tá sé cheana againn. Conas is féidir rud a fháil atá cheana againn? Agus cén fáth nach mothaíonn tú é? Mar is gá eirí as rud éigin. Caithfear éirí as seachmaill. Ní gá aon ní sa bhreis a bheith agat le bheith sona, is gá rud éigin a chailliúint. Tá an saol éasca, tá an saol suairc. Níl ann ach go bhfuil sé dian ar sheachmaill, ar uaillmhianta, ar shaint, ar mhianta. Cad as ar tháinig na nithe sin an bhfuil a fhios agat? As comhshamhlú a dhéanamh le scata lipéad.

An tAthair Anthony de Mello (1931-1987)