Tá sráidbhaile
beag in Bihar na hIndia. Gehlor a thugtar ar an áit. Is ann a mhair
Dashrath Manjhi (1934 -2007), feirmeoir beag gan talamh. Is laoch
inniu é. Ach bhí an tráth ann nuair ba cheap magaidh ag cách é,
a mhuintir féin san áireamh. Cén fáth a rabhadar ag fonóid faoi?
Mar gur theastaigh uaidh bóthar a ghearradh trí shliabh is gan aige
ach a dhá lámh féin. Seachtó ciliméadar ó Gehlor a bhí an
baile ba ghaire dóibh. Seacht gciliméadar uathu atá sé inniu.
Nuair a sciorr a bhean chéile ar an mbóthar garbh sléibhe, thit an
pota uisce agus briseadh é. Gheall Dashrath Manjhi go mbrisfeadh sé
an sliabh. Agus bhris! Dhíol sé a chuid gabhar chun rópa agus
uirlisí a cheannach. Ón lá sin ar aghaidh, ar feadh dhá bhliain
is fiche, níor stad a chasúr is siséal, bóthar á ghearradh tríd
an sliabh aige, beagán ar bheagán.
Mheas daoine áirithe gur as a mheabhair a bhí sé. ‘Nuair a
thugadar gealt orm,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a athneartaíodh mé
chun an sliabh a chloí!’ Nuair a cailleadh a bhean, thuig sé go
mbeadh seans beag éigin aici murach iad a bheith scoite amach ón
saol mór. Lean sé air, de ló is d’oíche, é níos diongbháilte
ná riamh, sa chath in aghaidh an tsléibhe.
I ndeireadh na dála, bhí an bóthar réidh. Ach scíth níor ghlac
Dashrath Manjhi. Bhí tarra uaidh anois, tarra le cur ar an mbóthar.
Theastaigh uaidh go gceanglófaí an bóthar sléibhe leis an
bpríomhbhóthar. Bhí córas uisce uaidh. Ospidéal. Scoil. Cad nach
raibh uaidh! Shiúil sé an bealach ar fad go Deilí, ag bailiú
sínithe.
Muintir an tsráidbhaile Gehlor, níl a fhios acu cé a thóg an Taj
Mahal ach tá a fhios acu go maith cé a dhein an bóthar sléibhe
lena dhá lámh féin. Dashrath Manjhi, duine acu féin. Nach bhfuil
scannán déanta ina thaobh!
Thóg sé 30 bliain ar na húdaráis tarra a chur ar an mbóthar! Is
ceantar bocht i gcónaí é Gehlor, gan bonneagar ceart ná seirbhísí
bunúsacha acu ann. Ach beidh cuimhne ag an bpobal ann ar feadh i
bhfad ar an bhfís a bhí ag duine amháin ina measc, an fear nár
sheas an sliabh ina choinne.